Tá 13 ainmniúchán faighte ag tograí Gaeilge ar an ngearrliosta do ghradaim Fhéile na Meán Ceilteach a fógraíodh níos túisce inniu.
Ainmníodh tograí i réimsí éagsúla fairsinge do na gradaim, a bheidh á mbronnadh an mhí seo chugainn in Llanelli sa mBreatain Bheag. Tograí de chuid TG4 is mó a fuair dea-scéala inniu agus an gearrliosta á fhógairt agus seacht dtogra de chuid an stáisiúin Gaeilge ainmnithe.
Ainmníodh an stáisiún pobail Gaeilge Raidió Fáilte, atá lonnaithe i mBéal Feirste agus a cheiliúir deich mbliana a bhunaithe anuraidh, don ghradam don stáisiún raidió is fearr i mbliana. Tá dhá chlár Gaeilge de chuid BBC Raidió Uladh ainmnithe don ghradam do chlár spóirt raidió na bliana, Croí na Craoibhe, agus don chlár irise is fearr, Seo an Saol. Ainmníodh Barrscéalta RTÉ RnaG don ghradam do chlár irise raidió na bliana freisin, agus ainmníodh clár eile de chuid an chraoltóra náisiúnta Gaeilge, Fear as Dobhar, sa rannóg do chláir faisnéise raidió.
Ainmníodh an dara sraith den chlár teilifíse An Klondike, atá lonnaithe in Alasca le linn aimsir na mianadóireacht óir sa stát sin, don dráma teilifíse is fearr. Insítear scéal triúr dearthár as Conamara agus iad ar thóir an tsaibhris in iarthuaisceart Mheiriceá Thuaidh 120 bliain ó shin. Ba é an comhlacht Gaillmheach Abú Media a léirigh an tsraith.
Lonnaithe i gContae na Gaillimhe, nó fréamhaithe ann, atá ceithre cinn eile de na tograí a ainmníodh inniu: Murdair Mhám Trasna, leagan scannáin den leabhar Éagóir a thugann chun cuimhne an dúnmharú brúidiúil a rinneadh ar theaghlach i Mám Trasna in 1882; Rocky Ros Muc, clár faisnéise spóirt a chuireann síos ar shaol Sheáin Uí Mhainnín, dornálaí as Ros Muc a rinne gaisce i Meiriceá sna 1970idí agus 1980idí; agus Song of Granite, a ainmníodh i rannóg na n-ealaíon, scannán faoi shaol agus oidhreacht an amhránaí sean-nóis Joe Éinniú as Iorras Aithneach i nGaillimh.
Craoladh leagan beochana de scéal iomráiteach Myles na gCopaleen An Béal Bocht, ar TG4 Lá Nollag agus ainmníodh an leagan sin do ghradam freisin. Foilsíodh an leabhar os cionn 70 bliain ó shin ach cuireadh cainteoirí Gaeilge ár linne i láthair ar an scáileán den chéad uair anuraidh agus an stiúrthóir aitheanta Tom Collins i gceannas ar an léiriú.
Tá ainmniúchán faighte ag an gclár traschultúir Port a chuir na ceoltóirí Julie Fowlis, as Albain, agus Muireann Nic Amhlaoibh, as Éirinn, i láthair agus ina ndéantar ceiliúradh ar an gceol traidisiúnta a fhaightear sa dá thír.
Chuaigh Éire Fhiáin — An Cósta Thiar i bhfeidhm ar mhuintir na hÉireann go mór nuair a chéadchraoladh é ar TG4 anuraidh agus craoladh leaganacha eile den tsraith ar stáisiúin eile ina dhiaidh sin freisin. Planet Earth na Gaeilge a tugadh ar an saothar álainn a thug léargas ar an bhfiadhúlra suntasach atá le fáil ar feadh 1,600 km de chósta Atlantach na hÉireann.
Ar deireadh, ainmníodh Random Acts as Gaeilge, a craoladh ar RTÉ i rith Sheachtain na Gaeilge anuraidh, sa rannóg nuálaíochta. Thug an clár seo léargas ar shaol na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht agus ar na háiteanna éagsúla a fhaigheann cainteoirí Gaeilge an deis a dteanga féin a labhairt.