Tráth na gCeist Boird / Club Chonradh na Gaeilge, Sráid Fhearchair, BÁC, Déardaoin 4 Eanáir @ 20:00
Cruacheisteanna, cabaireacht agus comhluadar.
Sin a bheidh romhat i gClub Chonradh na Gaeilge tráthnóna, áit a mbeidh an chéad Tráth na gCeist Boird san ionad i mbliana ar bun, le Derek O’Brien ina fhear an tí.
Beir leat cúpla ball do d’fhoireann agus cúpla euro i do phóca chun díol as páirt a ghlacadh, agus as cúpla deoch, seans, chomh maith!
Tadhg Ó Meachair, Joanna Hyde & Dave Curley / The Cobblestone, Margadh na Feirme, BÁC, Déardaoin 4 Eanáir @ 20:00 + Campbell’s Tavern, Áth Cinn, Co. na Gaillimhe, Dé Sathairn 6 Eanáir @ 21:00
Ní hamháin gur phós na ceoltóirí Joanna Hyde agus Tadhg Ó Meachair a chéile le déanaí ach d’eisigh siad albam chomh maith, agus anois tá sraith cheolchoirmeacha eagraithe acu!
One for the Foxes teideal an albaim, ar a bhfuil ceol traidisiúnta na tíre seo fite fuaite le ceol tíre na Stát Aontaithe, áit arb as do Joanna; Denver Colorado le bheith beacht.
D’eisigh sí dlúthdhiosca in éineacht lena deartháir Iain ní rófhada ó shin, darb ainm Green & Blue, ach is lena fear céile, ball bunaidh an bhanna Goitse, atá an t-albam seo curtha le chéile.
Tá aoicheoltóirí air ina dteannta, ina measc, an ceoltóir Dave Curley, a bheidh le feiscint leo an tseachtain seo agus iad ar camchuairt i mBaile Átha Cliath agus sa Ghaillimh.
Táim cinnte go gcloisfear rianta ón albam úd ag na coirmeacha!
Go n-éirí an t-ádh leo triúr.
Oíche Nollag na mBan / Ócáidí éagsúla timpeall na tíre, Dé Sathairn 6 Eanáir
Ní fada uainn Oíche Nollag na mBan, críoch oifigiúil le séasúr na Nollag a déarfadh go leor.
Deis cheiliúrtha, a déarfadh daoine eile atá ann do mhná chun teacht le chéile agus comóradh a dhéanamh ar an sean-thraidisiún seo.
Bhíodh obair mhór le déanamh ag na mná fadó i rith na Nollag agus thabharfaí deis dóibh ar an 6ú Eanáir scíth a ligint agus tréimhse a chaitheamh i gcomhluadar ban eile.
Déanfar amhlaidh arís i mbliana ag ócáidí éagsúla, eagraithe ag dreamanna difriúla.
Caith súil ar an leathanach seo atá cruthaithe ag foireann an Oireachtais a thabharfaidh blaiseadh daoibh do na himeachtaí ar fad.
Cláraigh mar bhall agus tiocfaidh sibh ar bhreis eolais. Na mná abú!
• Baile Átha Cliath, Radisson St Helen’s i mBaile an Bhóthair @ 19.30
• Gaillimh, Dinnéar i McCambridges @ 18:00
• An Spidéal, Co. na Gaillimhe, Tigh Giblin @ 19:00
• An Ómaigh, Bialann Grant’s @ 19:00
• Gaoth Dobhair, Tigh Hiúdaí @ 20:00
• Muineachán, The Squealing Pig @ 20:00
– Béal Feirste, Áras Mhic Reachtain @ 20:00
– Béal Feirste, Gael-Ionad Mhic Goill @ 19:00
• Dún Dealgán, Co. Lú, Callan’s Bar & Restaurant @19:00
• Port Láirge, Tae Beag trí Ghaeilge, Wood House, Baile na Coilleadh @ 14:00
• Dún Pádraig, Co. an Dúin, Denvir’s Coaching Inn @ 19:00
Banna Céilí Chill Fhionnúrach / Glór, Inis, Co. an Chláir, Dé Sathairn 6 agus Dé Domhnaigh 7 Eanáir @ 20:00
Ceol breá atá roimh na daoine a thabharfaidh cuairt ar an ionad Glór i gContae an Chláir an deireadh seachtaine seo.
Beidh Banna Céilí Chill Fhionnúrach ag soláthar an cheoil don slua, ag dhá choirm a bheidh ar bun Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh.
Deis iontach chun an banna bríomhar aitheanta seo a fheiscint i mbun aicsin.