4 Imeacht Ghaelacha

siamsa-rnag


1. GRADAIM & CEOLCHOIRM: Gradaim Cheoil NÓS / The Sugar Club, Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath, Dé hAoine, 7.30in. – ar aghaidh!

Ris

Beidh ceol milis na nGael le coisteáil sa Sugar Club amárach, áit a mbeidh ócáid mhór bhronnta agus ceolchoirm eicléicteach ar siúl chun ceiliúradh a dhéanamh ar éachtaí ceoil 2015.

Tiocfaidh an chuid is fearr de cheoltóirí agus de bhannaí comhaimseartha na Gaeilge le chéile agus bronnfar gradaim i seacht rannóg ar leith, ‘Amhrán Nuachumtha na Bliana’, ‘Albam na Bliana’ agus ‘Gig Bheo na Bliana’ san áireamh.

Mar aon le bronnadh na ngradam, beidh ceol beo againn ó ghrúpaí móra aitheanta agus ó amhránaithe úra ina measc Rís, Doiminic Mac Giolla Bhríde, IMLÉ, Eve Belle agus Clann Mhic Ruairí.

Le Rónán Mac Aodha Bhuí mar fhear a tí agus aíonna speisialta eile i láthair, tá oíche den scoth geallta in ionad cúláilte siúcrúil na príomhchathrach.

Tá muid ag súil le sibh a fheiceáil ann!

Faigh do thicéad anseo. €15


2) SEOLADH ALBAIM & CEOLCHOIRM: Lá Laindí Lugha á sheoladh ag Nuadán / Coláiste na Rinne, Rinn Ó gCuanach, Dún Gabhán, Port Láirge, Dé hAoine 8ú Eanáir ag 7.30in.

Mary Tobin

Seolfaidh Nuadán a ndebút Lá Laindí Lugha i gColáiste na Rinne, áit a dtáinig siad le chéile mar ghrúpa agus iad ar scoil ag gabháil do mhórchomórtas ceoil Gael Linn Siansa 2013, comórtas a bhuaigh siad go deimhin!

Le Kevin Kenneally ar na drumaí agus giotár, Macdara Ó Faoláin ar an bhasúcaí agus glór, Cárthach Ó Faoláin ar an bhocsa agus glór agus Pax Ó Faoláin ar an fhidil agus glór, is cinnte go mbeidh sár-oíche cheoil ann.

Leanaigí Nuadán ar @nuadantrad


3) LÍOFA & ACLAÍ: Club Siúlóide nua Gaeilge / Taobh istigh de gheataí Chaisleáin Cnucha, Páirc an Fhionnuisce, BÁC De Sathairn, 9 Eanáir, ag 1in.

siuil

Tá club siúlóide nua ag tosú a chéad siúlóide an Satharn seo i ngairdín an Uachtaráin. Siúlfar an bealach go dtí ‘The Tea Rooms’ agus ar ais (breis agus 4 km san iomlán) agus beidh deis ag daoine cupán tae agus comhrá a dhéanamh le cairde nua.

Fearadh na fáilte roimh chách; an té atá líofa agus an té nach bhfuil ach cúpla focal aige.

Glaoigh ar 087 2509764 má tá spéis agat a bheith i láthair.

Tá go leor siúlóidí eile ag gabháil ar aghaidh mar chuid den ghluaiseacht náisiúnta Operation Transformation.

Tuilleadh eolais anseo.


4. DRÁMA: ‘On Trial’, á léiriú ag Droichead Youth Theatre / Ionad Ealaíon an Droichid, Sráid Thobar an Stoic, Droichead Átha, Co.Lú, 9 – 11 Eanáir ag a 8in.

ontriail1

Déanfaidh drámadóirí óga Dhroichead Átha a gcuid féin de dhráma iomráiteach Gaeilge An Triail le Máiréad Ní Ghráda, agus é aistrithe go Béarla acu don léiriú seo.

Léiríodh an dráma seo don chéad uair in 1964 in Amharclann an Damer.

Tá cur amach fíor-mhaith ar an dráma An Triail as Gaeilge, agus staidéar déanta ag líon mór d’iardhaltaí na tíre air.

Conas a éireoidh le leagan Béarla an dráma, áfach?

Beidh le feiceáil nuair a thabharfaidh aisteoirí óga ón Droichead Youth Theatre faoi shaothar Ní Ghráda an deireadh seachtaine seo.

Scéal Mháire a chíortar sa seó seo, bean óg tuaithe curtha ó theach a muintire nuair a éiríonn sí torrach, í ‘ar triail’, faoi gach atá déanta aici.

Ticéad: €8 nó €12 Tuilleadh eolais anseo.

SCÉALTA EILE