1. FÉILE CHEOIL: ‘Éigse Dhiarmuid Uí Shuilleabháin’ / Sa Mhuileann agus in ionaid éagsúla i gCúil Aodha, Corcaigh, 4 – 6 Nollaig
Anocht a chuirfear tús leis an fhéile cheoil agus amhránaíochta bhliantúil i gCúil Aodha, a dhéanann ceiliúradh ar laoch mór an cheantair, Diarmaid Ó Suilleabháin.
Idir cheardlanna, cheolchoirmeacha, thaispeántais agus léirithe tá scoth an chláir curtha le chéile arís i mbliana.
Ar chuid de na buaicphointí, tá seisiún le fir na feadóige móire, Conall Ó Gráda agus Hammy Hamilton i gClub na Féile anocht agus dhá ghig speisialta a thabharfaidh clanna ceolmhara le chéile; ceann amháin le Maighréad agus Tríona Ní Dhomhnaill tráthnóna Dé Sathairn ag 2in; agus gig eile le muintir óg Uí Bheaglaoich, Cormac agus Clíona (thuas), maidin Domhnaigh ag 12.20in.
Tuilleadh eolais anseo.
2. SEOLADH ALBAIM: ‘Súile’ le Clann Mhic Ruairí / Áislann, Rann na Feirste, Dé Sathairn 8.30in
Fillfidh teaghlach mór ceoil na háite, Clann Mhic Ruairí, ar ais chuig a dtobar lena n-eisiúint úrnua, Súile, a sheoladh oíche Shathairn.
Bailiúchán nua 11 rian, léirithe ag Dónal Ó Connor, a bhfuil meascán breá d’amhráin thraidisiúnta cóirithe as an nua, mar aon le hamhrán aoibhinn nuachumtha, le cloisteáil air.
Tá sé ainmnithe i measc albaim na bliana ag Gradaim Cheoil NÓS chomh maith.
Beidh an ceol ag toiseacht ag 8.30in ach gach seans go mbeidh an chraic ag gabháil go maidin!
Tuilleadh eolais anseo.
3. SEOLADH AGUS FÉILE: ‘Labhraíonn Fungie’ agus ‘Other Voices’ / An Lab, Sráid Eoin, An Daingean, Co. Chiarraí, ón oíche anocht, Dé hAoine 4 Nollag ag 7in ar aghaidh
Seans go sásóidh An Lab d’uile mhian sa Daingean an deireadh seachtaine seo leis an oiread atá ar siúl.
Ta fáilte is fiche roimh chách a bheith i láthair san amharclann anocht, tráth a sheolfaidh scríbhneoir agus file aitheanta Liam Ó Muirthile leabhar nua dánta as Gaeilge agus Béarla Labharaíonn Fungie le Darina Ní Chinnéide, maisithe ag Áine Ní Chíobháin.
Anuas air sin, tá dhá cheolchoirm den scoth beartaithe i rith an lae sa Lab mar chuid den fhéile ‘Other Voices’.
Dé Sathairn ag 1.30in beidh Conor Walsh (thuas), cumadóir agus ceoltóir as Béal Átha na Muice, Co. Mhaigh Eo i mbun ceoil.
Fear pianó, giotáraí agus sárchumadóir é Conor a thosaigh ag cumadh sna déaga tar éis dó seanphianó dearmadta a aimsiú i gcúlsheomra óstáin i mBéal Átha na Muice.
Tá muid iomlán meallta ag a chuid ceoil in oifigí NÓS.
Éistigí le rianteideal a EP a sheol sé le déanaí ‘The Front’ ar lipéad Ensemble Records.
Dé Domhnaigh, rachaidh Skippers Alley, ar ardán an Lab, seachtar ceoltóirí as Baile Átha Cliath atá ag cothú stoirme i saol an cheoil in Éireann.
Tuilleadh eolais anseo.
4. DRÁMA: ‘1915’, á léiriú ag Aisteoirí Bulfin / Amharclann Smock Alley, Sráid an Mhalartáin Íochtarach, Barra an Teampaill, Dé hAoine 4 Nollaig – Dé Sathairn 5 Nollaig ag 8in
Beidh ceoldráma nua grinn le hAodh Ó Domhnaill á léiriú ag Aisteoirí Bulfin anocht agus oíche amárach san ardchathair.
Bunaithe ar Éirí Amach na Cásca 1916, gealltar scoth na hoíche drámaíochta i dteannta réalta Bulfin, compántas a thuill clú agus cáil thar na blianta as scoth na léirithe Gaeilge a chruthú.
Faigh greim ar thicéad anseo.