1) SEOLADH LEABHAIR: Tost agus Allagar le hAilbhe Ní Ghearbhuigh/ Club an Chonartha, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath, anocht, Dé hAoine, 1 Aibreán, ag a 7.30in.
Seolfaidh Marcus Mac Conghail, file agus ceoltóir, cnuasach nua filíochta, Tost agus Allagar, le hAilbhe Ní Ghearbhuigh i lárionad na nGael san ardchathair anocht, Dé hAoine.
Seo an dara leabhar dánta leis an fhile Chiarraíoch, a leanann Péacadh a seoladh 8 mbliana ó shin.
Léifidh Ailbhe dánta óna leabhar nua agus beidh Rónán Ó Snodaigh ón ghrúpa Kíla i mbun ceoil.
Tá fearadh na fáilte roimh chách!
Léigí tuilleadh faoi Tost agus Allagar anseo.
2) DRÁMA: ‘Ó Pheann an Phiarsaigh’/Béal Feirste/Leitir Ceanainn agus BÁC as seo go ceann roinnt seachtainí.
Beidh Noel Ó Gallchóir ar stáitse lena léiriú nua, Dé Sathairn in Áras Mhic Reachtain i dTuaisceart Bhéal Feirste, mar chuid dá chamchuairt timpeall na tíre.
Suite i bPríosún Chill Mhaighneann, an oíche sula bhfaighidh an Piarsach bás agus an mhaidin a scaoilfear é, déantar ceiliúradh sa léiriú drámaíochta seo ar shaol, ar shaothar agus ar fhís Phádraig Mhic Phiarais, duine de mhórlaochra ár linne.
Is féidir agallamh le Noel a léamh anseo.
– Áras Mhic Reachtain,Béal Feirste/Dé Sathairn, 2 Aibreán ag a 7.30in
– An tIonad Cultúrtha Réigiúnach, Leitir Ceanainn/Dé Luain, 4 Aibreán ag 7.30in
– Club na Múinteoirí, Baile Átha Cliath/Dé Céadaoin, 13 – 16 Aibreán ag a 7.30in.
*I gcás sheónna Bhaile Átha Cliath, is gá ticéad a cheannach roimh ré anseo.
Costas: €10/£7
3) FÉILE CHEOIL: Cruinniú Náisiúnta an Chonsairtín/Óstán an Old Ground, Inis, Co. an Chláir, Dé hAoine, 1 Aibreán – Dé Domhnaigh, 3 Aibreán.
Idir chainteanna, cheardlanna agus cheolchoirmeacha déanfar ceiliúradh ar cheol an chonsairtín an deireadh seachtaine seo in Inis, Co. an Chláir.
Chomh maith le ranganna lae, beidh ceardlanna á reáchtáil a dhíríonn ar cheoltóirí, stíleanna ceoil agus cóiriú na huirlise féin.
I measc na mbuaicphointí i gclár na bliana beidh ceolchoirm anocht, Dé hAoine, le Jack Talty, Edel Fox agus a gCairde, sa Rowan Tree Cafe Bar.
Dé Sathairn, beidh tráthnóna ceoil agus scéalta ann ag a 5.00in san Old Ground in ómós do Dympna O’Sullivan, ceoltóir áitiúil a d’éag anuraidh.
Leanfar sin le ceolchoirm na féile ag a 8in, ina mbeidh Niall agus Caoimhín Vallely, Tim Collins agus ceoltóirí móra eile ar stáitse.
Tabhair spléachadh ar an chlár iomlán anseo.
4) FÉILE CHEOIL:‘Féile Neidín’/Ionaid éagsúla, Neidín, Co. Chiarraí, an deireadh seachtaine seo.
Beidh ceol traidisiúnta le cloisteáil ó chúinní beaga agus stáitsí móra i Neidín an deireadh seachtaine seo agus imeachtaí Fhéile Neidín sa tsiúl.
Anuas ar an cheolchoirm le Zoe Conway agus John McIntyre anocht, Dé hAoine, beidh Matt Cranitch, Jackie Daly agus Pipers Union ar an ardán Dé Sathairn, agus beidh tráthnóna ceoil sa séipéal le Cormac Ó Beaglaoich, Libby McCrohan agus ceoltóirí eile Dé Sathairn fosta.
Bígí ag súil le scoth na seisiún ceoil a bheith ar siúl ar fud an bhaile, lá agus oíche, as seo go dtí an Luan.
Tuilleadh eolais anseo.
5) FÉILE: Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach/Óstán an Seven Oaks agus ionaid éagsúla i gCeatharlach, 29 Márta – 3 Aibreán.
Beidh achan sórt ceiliúrtha ar bun ag na Ceiltigh an deireadh seachtaine seo i gCeatharlach, áit a bhfuil Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach na bliana seo sa tsiúl.
Déanann an fhéile bhliantúil ceiliúradh ar chultúr, ar thraidisiúin agus ar na teangacha Ceilteacha as Albain, an Bhreatain Bheag, Corn na Breataine, Oileán Mhanann, an Bhriotáin agus Éire.
Is dual don fhéile clár leathan d’imeachtaí a chur ar fáil, idir cheolchoirmeacha, thaispeántais dhamhsa, sheisiúin cheoil, imeachtaí scéalaíochta agus filíochta agus tuilleadh.
Thug lucht Cymru, Cordia, leo an chéad áit sa chomórtas idirnáisiúnta d’amhráin nua-chumtha aréir.
Comhghairdeas le hEve Belle a tháinig sa dara háit, lena hamhrán ‘Craiceann agus Cnámha’.
Bígí i measc na gCeilteach i gCeatharlach agus fáilte!
6) DRÁMA: ‘Cinneadh na Circe’, le Jimmy Murphy, á léiriú ag an Taibhdhearc/An tSráid Láir, Gaillimh, 5-9 Aibreán ag a 8in.
Osclóidh dráma nua sa Taibhdhearc Dé Máirt ar leagan Gaeilge é de dhráma le Jimmy Murphy, The Hen Night Epiphany. Is é John Keane a d’aistrigh é.
Díríonn an scéal ar chúigear ban a imíonn leo go Conamara don deireadh seachtaine. Ní fada ar an turas iad go gcasann an taoide orthu agus go dtagann an cairdeas faoi strus.
Tá an dráma faoi stiúir Lara Ní Chathmhaoil agus is cliar ban ar fad a bheas ar stáitse, ina measc Fionnuala Ní Fhlatharta (Ros na Rún), Tara Breathnach (A Nightingale Falling, Anne Boleyn), Mímí Carroll (Eipic), Charlotte Bradley (An Brontannas) agus Bairbre Ní Chaoimh.
Ticéad:€17.50/€14.50 091-562024 nó www.antaibhdhearc.com
Bíodh deireadh seachtaine den scoth agaibh! HUP!