1) OÍCHE SCÉALAÍOCHTA: ‘Reic SCÉAL!’/Brú Óige an Generator, Margadh na Feirme, BÁC, Déardaoin, 28 Aibreán, ag tosú ag 7in.
An bhfuil scéal ar bharr do theanga agat, nó ar mhaith leat cluas á thabhairt do scéal maith?
Má tá, tar go Reic, oíche mhór scéalaíochta san ardchathair anocht.
Tá fáilte roimh chuile dhuine scéal a insint más maith leo.
Níl téama ar leith i gceist, mar sin is féidir le daoine a rogha scéil a insint!
Grá? Greann? Náire? Aisteach? Fíor? Bréagach?
Tá fáilte roimh gach sórt scéil don oíche seo!
Ócáid bheo, idirghníomhach, HD agus 3D go deimhin!
2) CEOL: Siamsaíocht@6 le Seán McElwain agus Dónal McCague/Amharclann Powerscourt, BÁC, Déardaoin, 28 Aibreán @6
Beidh beirt cheoltóirí den scoth as Muineachán i mbun ceoil tráthnóna inniu ag a sé a chlog mar chuid de shraith Ghael Linn ‘Siamsaíocht@6’.
Bígí ag súil le cúpla port a chluinstin ón albam Our Dear Dark Mountain with the Sky Over It agus neart eile fosta.
Beidh Grace Toland, amhránaí agus stiúrthóir Thaisce Cheol Dúchais Éireann i dteannta na bhfear ar an oíche.
Tuilleadh eolais anseo.
4) DRÁMA: ‘Gan Imní’ le Mr. Turner’s Travelling Theatre/An Lab, Sráid Eoin, Daingean Uí Chúis, Dé Sathairn, 30 Aibreán, ag 2in.
Seó dátheangach atá i gceist leis seo a bheidh taitneamhach do gach duine den teaghlach.
Tarraingítear síscealta agus béaloideas as Guatamala agus Éirinn le chéile sa dráma seo, a bhfuil meascán de bheochan, ceol agus rince fite fuaite ann.
Páirteach sa léiriú seo tá ár mbanríon, Sinéad Ní Uallacháin, agus Seán McGillicuddy.
Is mar chuid d’Fhéile na Bealtaine atá an dráma seo á léiriú agus beidh scoth na n-imeachtaí ann, idir dhrámaí, thaispeántais, cheolchoirmeacha agus eile as seo go ceann cúig lá eile.
Faigh an clár iomlán anseo!
Cead isteach: €8 Tuilleadh eolais anseo.
4) CABARET: Cabaret Craiceáilte le Skipper’s Alley
agus neart eile/Teach Hiúdaí Bhig, Gaoth Dobhair, Dún na nGall, Dé Sathairn, 30 Aibreán, ag 9.30in.
Tá ardoíche geallta i nGaoth Dobhair san oíche amárach i dteannta na scléipéirí ó Skippers Alley, The Andytones – banna nua leis na píobairí Cormac ‘Buzz’ Ó Briain agus Steve Porter – agus na spéirmhná Edel Ní Churraoin agus Diane Ní Chanainn le chéile!
Beidh amhráin agus steipeanna as Tír Chonaill, Conamara agus níos faide i gcéin ar siúl ag Cabaret Craiceáilte na míosa seo. €5 ar an doras.
3) DRÁMA: ‘Le Bánú an Lae’ le hAisteoirí Ghaoth Dobhair/Clubtheach CLG Ghaoth Dobhair, Dé Sathairn, an 30ú Aibreán, agus Dé Domhnaigh, 1 Bealtaine, ag 8in.
Suite in aimsir Chogadh na Saoirse, díríonn an dráma seo ar na hathruithe a thit amach sa tír tar éis Éirí Amach 1916.
Léiríonn sé an tionchar a bhí ag imeachtaí sóisialta agus polaitíochta na linne ar Éirinn i gcoitinne agus ar a pobal ionúin.
Drámadóir as an áit, Tomás Mac Giolla Bhrighde, a chum an dráma, agus is é Eoghan Mac Giolla Bhrighde, mac an drámadóra, atá ina stiúrthóir ar an léiriú seo agus 11 aisteoir faoina stiúir aige.
Ar dhuine de na haisteoirí sin tá Áine Ní Bhreisleáin, clár-reachtaire le RTÉ RnaG sna Doirí Beaga, atá i bpáirt bhean Munro!
6) SEOLADH: ‘Caithréim: Ceol agus Amhráin ó Dhrámaí an Phiarsaigh’, le Síle Denvir/Leabharlann Shráid an Phiarsaigh, Baile Átha Cliath, Dé Máirt, 3 Bealtaine ag 6:30in.
Seolfaidh an tOllamh Alan Titley an dlúthdhiosca nua ‘Caithréim: Ceol agus Amhráin ó Dhrámaí an Phiarsaigh’, atá cóirithe agus curtha i láthair ag Síle Denvir agus eisithe ag Cló Iar-Chonnacht, ar an 3ú Bealtaine.
Cothrom an lae sin 100 bliain ó shin a cuireadh an Piarsach chun báis.
Cuirfidh Síle Denvir agus a comhghleacaithe ceoil Thomas Johnston, Aoife Ní Argáin, Éadaoin Ní Mhaicín, Síomha Mulligan agus Claire Dolan rogha ceoil agus amhrán ó dhrámaí an Phiarsaigh i láthair beo ag an seoladh i gceolchoirm a thabharfaidh blaiseadh don lucht féachana den áilleacht agus den saibhreas ceoil atá le cloisteáil ar an dlúthdhiosca sainiúil seo agus a dhéanfaidh ceiliúradh ar shaol cultúrtha an Phiarsaigh.
Tuilleadh eolais anseo.