5 + 1 Imeacht Ghaelacha

siamsa-rnag


1) COMÓRTAS: Comórtas an Chailín Ghaelaigh ag na Gaeil Óga/ Club Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath, anocht, 6 Bealtaine, ag 8.45in.

An cailin

Beidh spéirmhná ildánacha Átha Cliath ag dul in iomaíocht a chéile anocht i gClub an Chonartha, agus iad ag súil le teideal ‘An Cailín Gaelach’ a bhaint amach.

Is é Rob Ó Caoindealbháin, iománaí agus Stail Ghaelach 2015 ag na Gaeil óga, a bheas mar fhear an tí ar an oíche.

Ní fada uainn Comórtas Peile na Gaeltachta 2016 agus ciallaíonn sé sin go mbeidh na foirne uile ag lorg Cailín Ghaelaigh a dhéanfaidh ionadaíocht orthu ar an ardán áilleachta.

Píosa spraoi atá sa chomórtas a mheallann slua breá i gcónaí!

Doirse ar 8in; an comórtas le tosú ar 8:45in. €5 ar an doras.

Bígí leo!

Tuilleadh eolais!


2) OÍCHE FILÍOCHTA AGUS CHEOIL: Dánta agus Amhráin 1916 ó ‘The Plough and the Stars’/Áras Uí Chrónáin, Bóthar an Úlloird, Cluain Dolcáin, BÁC 22, Dé Sathairn, 7 Bealtaine, ag 8in.

Sean

Tá fearadh na fáilte roimh chách go hÁras Uí Chrónáin oíche Dé Sathairn, tráth a bhaileoidh ceoltóirí, aisteoirí agus baill den Chlub le chéile d’oíche mhór filíochta agus cheoil.

Míreanna ó mhórdhráma Seán O’Casey a bheas faoi chaibidil, dráma a léiríodh in Amharclann na Mainistreach den chéad uair sa bhliain 1926.

€12 atá ar na ticéid agus tá sólaistí san áireamh.

Tuilleadh eolais.


3) SEOLADH LEABHAIR: ‘Gombeens at the Gate’ le Finbar Bradley agus James Kennelly/ Gaelchultúr, 11 Sráid an Chláraigh, BÁC, Déardaoin, an 12ú Bealtaine, ag 6in.

Cludach

Seolfar Gombeens at the Gate: Renewing the Rising through Ideal, Character and Place, le Finbar Bradley agus James Kennelly, an Déardaoin seo chugainn, i gceannáras Gaelchultúr.

Is leabhar é seo a cheistíonn oidhreacht Éirí Amach 1916 agus mar a fheictear sa lá atá inniu ann é.

Má tá tú ag lorg freagraí faoi conas gur féidir le hÉirinn neamhspleáchas a bhaint amach ó thaobh an gheilleagair de, tá siad ar fáil sa chnuasach seo!


4) CEOLCHOIRM: ‘Vicar Spraoi’/ Sráid an Bhiocáire, Baile Átha Cliath, Déardaoin, 12 Bealtaine, ag 8in.

Altan

Beidh togha na gceoltóirí Gaelacha le cloisteáil i Sráid an Bhiocáire ag ceolchoirm ‘Vicar Spraoi’ Déardaoin seo chugainn.

Sárcheoltóirí a bheidh le cloisteáil ar an oíche, ina measc Altan, Liam Ó Maonlaí, The Bonny Men, Hilary Bowen, Michelle O’Brien agus Éamonn de Barra.

An réalta mhór Philip King a bheidh mar fhear an tí ar an oíche.

Rachaidh an t-airgead ón gceolchoirm seo chun leasa Ghaelscoil Lios na nÓg. Maith iad!

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le hÁine Nic an tSíthigh: ainenicants@ gmail.com


5) CEOLCHOIRM: ‘Ré’/ Séipéal Naomh Pádraig, Deilginis, BÁC, Dé Sathairn, 14 Bealtaine, ag 8in.

re

Beidh Ré, grúpa nua Liam Uí Mhaonlaí, ar ais i mbun ceoil i mBÁC an tseachtain seo chugainn, agus iad ullamh le slám seiteanna nua nach bhfuil cloiste againn go dtí seo.

Cliar ceoltóirí a bhfuil clú agus cáil orthu atá sa bhanna seo: Cormac Ó Beaglaoich (fear an chonsairtín), Eithne Ní Chatháin (aka Imlé), Maitiú Ó Casaide (The Bonny Men) agus Peter O’Toole (duine de na Bláthanna).

Tá an cheolchoirm seo á reáchtáil mar chuid d’Fhleadh Cheoil Átha Cliath, mar sin is fearr ticéid a cheannach go luath!

Díoladh an uile thicéad an uair dheireanach a sheinn Ré i mBÁC… brostaígí!

Ticéad: €15. Tuilleadh eolais anseo


darkness

Ná déanaigí dearmad go mbeidh mórimeacht náisiúnta ‘Darkness into Light’, ar siúl  ar fud na tíre na tíre, Dé Sathairn, 7 Bealtaine, ag 4.15in. 

Cuireann Pieta House tacaíocht ar fáil do dhaoine atá ag fulaingt le dúlagar agus le teaghlaigh ar cailleadh duine muintire leo de dheasca an fhéinbháis. 

Is féidir clárú do ‘Darkness into Light’ ar shuíomh Pieta House agus tá na sonraí faoi na himeachtaí áitiúla ar fáil ansin chomh maith! 

Bí scoth an deireadh seachtaine agaibh go léir! 

SCÉALTA EILE