CEOL: Oíche Mic Oscailte/Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Dé Sathairn, 18 Meitheamh ag 8in.
Canaigí amach é! Beidh fáilte romhaibh amhrán nó dhó a rá i gCultúrlann Bhéal Feirste ag an deireadh seachtaine.
Beidh Oíche Mic Oscailte ar siúl i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich an Satharn beag seo chun airgead a bhailiú ar son Liú Lúnasa – féile i mBéal Feirste ag deireadh Lúnasa.
Tá sé d’aidhm ag Liú Lúnasa tuilleadh imeachtaí sóisialta a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge.
Tabharfaidh an ócáid seo tacaíocht chomh maith do cheoltóirí agus d’ealaíontóirí óga.
Tá feachtas Kickstarter tosaithe acu chomh maith chun airgead a chruinniú don fhéile a bheidh ar siúl i mí Lúnasa. Tacaígí leo anseo!
SEOLADH LEABHAIR: ‘An tIriseoir’ /Dánlann Dillon, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Dé Sathairn, 18 Meitheamh ag 1in.
Seolfar leabhar nua leis an iriseoir Michelle Nic Pháidín i gCultúrlann Bhéal Feirste an Satharn seo.
Is úrscéal comhaimseartha é ‘An tIriseoir’ ina léirítear iriseoir gairmiúil agus í ag dul i ngleic le scéal a bhaineann le duine dá teaghlach féin agus na fadhbanna a chruthaíonn sé.
Is scríbhneoir ildánach í Michelle a d’obair san am a chuaigh thart le Foinse agus Lá. Faoi láthair, tá sí ag scríobh go rialta don Donegal Democrat.
SCOIL SAMHRAIDH: Scoil Samhraidh Boston 2016 / Ionaid éagsúla i mBostún Mheiriceá, 17 – 19 Meitheamh.
Tá sé seo i bhfad ón bhaile do go leor againn, ach nach maith an rud é a chloisteáil go bhfuil Gaeil Mheiriceá ag teacht le chéile ag ócáid mar seo!
Tá an scoil samhraidh seo á heagrú ag Glór na nGael chun na grúpaí Gaeilge i mBostún agus as ceantracha eile ar fud na Stát Aontaithe a thabhairt le chéile chun plé a dhéanamh ar chúrsaí Gaeilge i Meiriceá.
Tá clár leathan imeachtaí beartaithe don deireadh seachtaine, le Fáiltiú Oifigiúil in Ard–Chonsalacht na hÉireann Dé hAoine, an 17 Meitheamh ag 7in.
Leanfaidh na himeachtaí ar aghaidh Dé Sathairn sa Seaport Hotel & World Trade Centre, áit ina ndéanfar plé ar ‘An Yank agus an Ghaeilge’, ‘An tÉireannach i Meiriceá’, ‘Éirí Amach na Cásca’ srl.
Beidh cúrsaí amhránaíochta agus damhsa ar an sean-nós á bplé agus á gceiliúradh chomh maith.
Tuilleadh eolais anseo
ROTHAÍOCHT: ‘Slí na gCaisleán’/ Gaillimh, Dé Domhnaigh, 19 Meitheamh, ag teacht le chéile ag Caisleán Thír Oileáin, 10rn – 5in.
Is bealach é Slí na gCaisleán a théann thart le seacht gcaisleán i gcathair agus i gContae na Gaillimhe.
Tosóidh agus críochnóidh an turas ag Caisleán Thír Oileáin.
San áireamh beidh na caisleáin i Mionlach, Cluain Mhic Cáinín, Cillín, Baile an Bhriotaigh, Baile an Dúlaigh agus sa Chaisleán Ghearr.
Tá fáilte roimh chách, is cuma cén leibhéal aclaíochta ar a bhfuil tú.
Gabh i dteagmháil le speediecelt@gmail.com chun tuilleadh eolais a fháil.
SEOLADH: ‘Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge’/ Ospidéal an Rotunda, BÁC, Dé Céadaoin, 22 Meitheamh ag 6in.Seolfaidh an tOllamh Declan Kiberd an leabhar nuafhoilsithe, Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge, agus an suíomh gréasáin www.portraidi.ie Dé Céadaoin seo chugainn.
Bailiúchán atá ann a dhéanann ceiliúradh ar an oidhreacht liteartha atá againn agus ar na daoine atá gníomhach san oidhreacht sin a chaomhnú agus a chleachtadh.
Foilseofar portráidí de 107 de na scríbhneoirí is aitheanta i saol na Gaeilge, idir údair liteartha agus scríbhneoirí acadúla.
Tógadh na grianghraif atá sa leabhar idir 2009 agus 2013.
Déanfar an suíomh portraidi.ie a nuashonrú go bliantúil nuair a chuirfear portráidí úra de scríbhneoirí eile na Gaeilge sna seánraí éagsúla leis an gcartlann.
DRÁMAÍ: ‘Caitlín Ní Uallacháin’ agus ‘An Pota Súip’ le W.B Yeats, Liúdaidhe Óg na Leargadh Móire/An Lab, An Daingean, Ciarraí, Dé Luain agus Dé Máirt 20-21 Meitheamh.
Chuir drámadóirí Chinn Aird, Lios Póil, na drámaí seo ar stáitse i Scoil na mBráithre in earrach na bliana 1914, faoi stiúir Earnáin De Blaghd.
I gcuimhne ar an ócáid sin agus mar chomóradh ar spiorad, idéalachas, dóchas agus litríocht na haimsire sin, tá na drámaí céanna á gcur ar siúl ag Aisteoirí Bhréanainn. Ticéad: €10
Tuilleadh eolais anseo.