5 + 1 Imeacht Ghaelacha

1) FÉILE BIA: ‘Bia Bó Finne/Inis Bó Finne, Gaillimh, 30 Meán Fómhair – 2 Deireadh Fómhair.

em

Is ar Inis Bó Finne a bheidh an biachlár is blasta in Éirinn an deireadh seachtaine seo agus an fhéile Bia Bó Finne ar siúl.

Deis iontach atá anseo cuairt a thabhairt ar an oileán agus cúpla rud a fhoghlaim faoi scoth an bhia áitiúil atá ag fás mórthimpeall orainn.

Dé Sathairn beidh siúlóid bailiú feamainne agus bia fhiáin eile á reáchtáil. Beidh ceachtanna cócaireachta ann ina dhiaidh sin ionas gur féidir an bia a ullmhú agus a ithe.

Beidh ceardlanna ann chomh maith ar dhéanamh beorach, aráin agus poitín. Neart le foghlaim agus neart le hithe! Ticéad deireadh seachtaine: €35 / Ticéad lae: €15.


2) CLUB LEABHAR: ‘Club Leabhar Ghaelchultúir/ Oifigí Ghaelchultúir, BÁC 2, Dé hAoine, an 30 Meán Fómhair ag 7in.

sean

Pléifear an leabhar nua Éagóir le Seán Ó Cuirreáin, ag an gcéad chruinniú riamh den Chlub Leabhar in oifigí Ghaelchultúir san ardchathair oíche Dé hAoine.

Ní hamháin go mbeidh deis ag daoine i mBaile Átha Cliath páirt a ghlacadh ann, beidh an t-údar féin ar Facebook Beo ó 8.30in (am na hÉireann) ar aghaidh, agus gheobhaidh daoine ar fud na cruinne deis ceisteanna a chur ar Sheán faoina shaothar.

Fíorscéal staire é Éagóir a dhíríonn ar dhúnmharuithe foréigneacha a tharla i Mám Trasna.

Baineann croí an scéil seo le crochadh éagórach agus príosúnú saoil ar dhaoine neamhchiontacha bunaithe ar fhianaise bhréige, ar bhrathadóirí agus ar mhímhacántacht na n-údarás agus na n-uaisle.

Más mian leat a bheith páirteach, cliceáil anseo.


3) ÉIGSE: ‘Drámaíocht na Gaeilge/ Ollscoil Uladh, Béal Feirste, 30 Meán Fómhair – 1 Deireadh Fómhair.

lareigselochlao

Cuirfear tús le hÉigse Loch Lao i mBéal Feirste amárach, an Aoine. Tá clár iontach de chainteanna agus imeachtaí eile beartaithe don dá lá.

Is é ‘Drámaíocht na Gaeilge’ téama na bliana.

Beidh drámaí ar leith, drámadóirí móra agus gluaiseacht na drámaíochta Gaeilge ar na hábhair a bheas á bplé agus bronnfar Gradam Mhic Ádhaimh ar Ghearóid Ó Cairealláin, fear a bhfuil a shaol caite aige ag cur na n-ealaíon Gaeilge chun cinn.


4) OÍCHE SIAMSAÍOCHTA: ‘Oíche na Mac Léinn’/ Conradh na Gaeilge, Sráid Fhearchair, BÁC, an 4 Deireadh Fómhair.

club

Tá na mic léinn ar ais i mbun staidéir, agus leis sin tagann roinnt siamsaíochta chomh maith!

Tá tús curtha arís le hOíche na Mac Léinn ar an Máirt i gConradh na Gaeilge, Baile Átha Cliath.

Bíonn deochanna ar fáil ar lascaine do mhic léinn agus cuirfear imeachtaí éagsúla sa tsiúl i rith na bliana.


5) CABARET: ‘Cabaret Craiceáilte’/ Teach Mhicí, Gaoth Dobhair, Dé Sathairn, an 1 Deireadh Fómhair ag 9.30in.

cabaret

Oíche mhór chraice agus spraoi a bhíonn i ngach Cabaret, agus is amhlaidh a bheas an Satharn seo, gan amhras.

I measc na gcuairteoirí a bheas páirteach sa scléip tá Scannal, D’Bize, Ériú, JJ Ó Dochartaigh, an damhsóir húlahúp Kafuffle, na damhsóirí sean-nóis Breandán agus Seán Seoighe as Conamara, agus go leor eile.


6) FÉILE: ‘Féile na Carraige/ Gael-Ionad Mhic Goill, 4 Clós na Carraige Báine, Béal Feirste, 3-9 Deireadh Fómhair.

feilenac

Tá clár na féile seo plódaithe le himeachtaí atá fóirsteanach do gach duine, idir óg agus aosta.

Beidh maidin chaife agus cheoil ann do phinsinéirí an cheantair mar aon le himeachtaí spreagúla do pháistí naíscoile agus bunscoile, lá spraoi teaghlaigh, drámaíocht, an G-Spota, léacht bhliantúil Harry Holland, rás carthanachta 10km agus tuilleadh.

Titfidh na himeachtaí amach i mbliana sa bhfoirgneamh úrnua Gaelach in Uachtar Chluanaí! Hup!

SCÉALTA EILE