1. CEOL AGUS CAINTEANNA: ‘An Chomhdháil Náisiúnta‘ / OÉ, Gaillimh, Áras na nGael agus ionaid eile i nGaillimh, 10-12 Samhain
Leigheas amháin ar na gormacha iar-Oireachtais agus ar ghormacha bhua Trump ná freastal ar an gComhdháil Náisiúnta i nGaillimh an deireadh seachtaine seo.
Tá clár spleodrach d’imeachtaí curtha le chéile, ina measc ceithre chaint, trí dhráma, trí léiriú ar dhrámaí teilifíse agus trí thaispeántas.
Ag 8.30 gach oíche beidh scoth na gceoltóirí ag seinm i gClub na Féile, Áras na nGael, Sráid Dhoiminic. Orthu siúd a bheas ar an ardán tá Aindrias de Staic, an grúpa Lasrach, Rónán Ó Snodaigh, Donncha Mac Con Iomaire, Marcus Deaslámhach agus DJ Billy Bog.
Tá an chuid is mó de na himeachtaí saor in aisce.
2. SCANNÁIN AGUS PLÉ: ‘Cad é an Ghaeilge ar ’queer’?’ / Cultúrlann McAdam-Ó Fiaich, Béal Feirste, Dé Sathairn, an 12 Samhain ag 2in
Beidh dhá ghearrscannán á dtaispeáint ag Liú Lúnasa mar chuid d’Fhéile Outburst Dé Sathairn, féile a thugann ardán d’ealaíontóirí aeracha, leispiacha, déghnéasacha agus trasinscneacha.
Díríonn na scannáin ar ghnéasacht agus ar fhéiniúlacht inscne agus beidh plé ann ina ndiaidh ar na téamaí a fhiosraíonn siad.
Is iad an t-ealaíontóir Dan Dowling, Fionnghuala Nic Roibeaird, Cara Park agus Conor Torbóid a bheas ar an bpainéal cainteoirí agus beidh Dónall Mac Giolla Chóill mar fhear an tí.
Cuirfidh óráid inspioráideach le Conor, mac léinn, clabhsúr leis an ócáid.
Beidh sólaistí le fáil agus tá fáilte roimh chách le páirt a ghlacadh sa chur agus cúiteamh!
3. DRÁMA: ‘Tóraíocht’ / An Dubhlann, Bóthar na Díge, Gaillimh, 10-13 Samhain.
Tá an comhlacht aitheanta Fíbín ag cur a léiriú féin ar scéal Thóraíocht Dhiarmuid agus Ghráinne ar an stáitse den chéad uair an deireadh seachtaine seo.
Seó spleodrach a bheas ann le gnéithe draíochtúla aisteacha ó dhomhan na miotas! Beidh fotheidil Bhéarla ann. Tá an imeacht seo á reáchtáil mar chuid den Chomhdháil Náisiúnta.
4. FOCAL LABHARTHA: ‘Reic’ / Club Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath, an 17 Samhain ag 7.30in
Tar agus REIC do dhán!
Beidh an oíche filíochta ‘Reic’ ar ais ina baile dúchais an Déardaoin bheag seo.
Beidh dánta, scéalta, amhránaíocht agus splancfhicsean ann – mar aon le… emojidánta!
Tuigeann muid go maith in oifigí NÓS céard is emojidán ann agus is cinnte go mbeidh ardoíche ann.
Tá fáilte roimh chách agus roimh gach cineál cur i láthair. €5 an táille isteach. Cuir ríomhphost chuig reic.eire@gmail.com chun do spéis a léiriú.
5. AMHRÁNAÍOCHT: ‘Ranganna Amhránaíochta ar an Sean-Nós‘ / Gael Taca, Cé Uí Shúilleabháin, Corcaigh, Dé Luain, an 14 Samhain ag 8in.
A Ghaeil Chorcaí, má chuala sibh iomaitheoirí Chorn Uí Riada ag gabháil fhoinn an tseachtain seo caite agus sibh spreagtha anois le cúpla amhrán a fhoghlaim, seo chugaibh an deis.
Tá ranganna amhránaíochta ar an sean-nós á n-eagrú ag Gael Taca i gCorcaigh agus iad saor in aisce!
Tógaigí anáil isteach agus scaoiligí le strus an tsaoil!
6. CEILIÚRADH: 70 bliain ó bunaíodh Tigh Standúin / Bóthar Chois Fharraige, an Spidéal, Contae na Gaillimhe, Dé Sathairn, an 12 Samhain
Tá an siopa éadaí agus seodra Tigh Standúin sa Spidéal ag ceiliúradh 70 bliain ar an bhfód le himeachtaí spraíúla do pháistí agus daoine fásta.
Beidh na himeachtaí ar siúl i rith an lae Dé Sathairn, ag toiseacht ar 10rn le scéalaíocht agus seó puipéad as Gaeilge don mhuintir óga.
Beidh taispeántas cócaireachta ann le Jonathan Keane agus Evan Ó Ceallaigh agus beidh an blagadóir Love Joules ag labhairt ar gheansaithe Árann agus cúrsaí faisin.
Beidh réalta RTÉ, Ryan Tubridy, ann ó 2-5in le ceol agus damhsa a chur i láthair agus le daoine éagsúla a chur faoi agallamh.
Buailigí isteach – seans go mbeadh margadh maith le fáil ar na hearraí deasa galánta a bhíonn le ceannach ann.
CUR I gCUIMHNE! Mar a luaigh muid i mír na seachtaine seo caite, beidh léiriú na Taibhdheirce den dráma ‘Fornocht Do Chonac’ le hEoghan Ó Tuairisc ar siúl ar ardán na Péacóige in Amharclann na Mainistreach i mBaile Átha Cliath go dtí an Satharn.
Bíodh scoth an deireadh seachtaine agaibh go léir!