5 + 1 Imeacht Ghaelacha

1) SEÓ AISTEOIR AONAIR: ‘Pádraic Ó Conaire’, le Diarmuid de Faoite/Ionaid éagsúla timpeall na tíre.

Padraic

Seó aisteoir aonair é ‘Pádraic Ó Conaire’, seó beathaisnéiseach dátheangach, leis an aisteoir Diarmuid de Faoite.

Ní éacht beag ar bith é aird an lucht féachana a choimeád ó thús go deireadh seó aonair, ach is léir ó na teistiméireachtaí agus léirmheasanna moltacha uile go léir go n-éiríonn le De Faoite sin a dhéanamh.

Tá Ó Conaire aiséirithe, agus camchuairt na tíre beartaithe leis an seó seo. Díríonn an seó ar shaol agus ar shaothar an scríbhneora chomh maith le stair na tréimhse sin.

Taispeántas fisiciúil, físiúil, foclach atá geallta, agus tugtar le fios nach léacht polaitíochta a bheidh ann! Amen!

In Ollscoil Mhá Nuad a léireofar é Dé Luain seo chugainn, 29 Feabhra, agus as sin, timpeall na tíre! Tuilleadh eolais anseo.


2) TURAS: ‘Cuairt ar an Chester Beatty – Turas trí Ghaeilge’/Caisleán Bhaile Átha Cliath, Dé Sathairn, 27ú Feabhra, ag 2i.n.

Chester

Ar mhaith leat cuairt a thabhairt ar cheann de na hiarsmalanna is fearr san Eoraip, de réir Lonely Planet?

An dtuigeann tú gur i gcathair Bhaile Átha Cliath atá an iarsmalann chéanna?

Iarsmalann ealaíne agus leabharlann Chester Beatty, atá i gceist ag Lonley Planet.

Beidh turas tionlactha trí Ghaeilge timpeall an ionaid Dé Sathairn beag seo, faoi stiúir Jack Fitzgerald.

Déanfar cur síos ar an chnuasach lámhscríbhinní, priontaí agus líníochtaí le linn an turais, mar aon leis an ealaín ornáideach agus seoda luachmhara eile an Uasail Beatty.

Mura mealla an tairiscint sin thú, b’fhéidir go mbeifeá meallta ag an gcupán tae nó caife atá geallta, (saor in aisce!), tar éis an turais!


3) SEOLADH: ‘Tribes’, le Daithí Ó Dronaí/Róisín Dubh, Sráid Dhoiminic, Gaillimh, Dé hAoine meán oíche – 2rn.

DatithiPhotoCredit-ruthmedjber

Seolfaidh an fidléir ildánach agus léiritheoir House, Daithí Ó Dronaí, a EP nua Tribes sa Ghaillimh, Dé hAoine, agus seit mall á chur i láthair aige sa Róisín Dubh.

5 rian atá le cloisteáil ar an toirbhirt is déanaí aige, a dhéanann ceiliúradh ar chultúr saibhir an iarthair.

Is í an t-amhránaí Sinéad White as Cill Dara atá ag canadh ar phríomhrian Tribes, ‘Love’s on Top’, amhrán atá dírithe ar an sult agus spraoi a shamhlófá le hoíche ragairne i gcathair na Gaillimhe, áit a bhfuil Daithí ina chónaí.

Ní gá tuilleadh a shamhlú! Gabhaigí ann!

Tá saorchead isteach chuig an ghig agus fáil ar cheirníní LP ar an oíche. HUP!

Tuilleadh eolais anseo.


4) SEÓ AISTEOIR AONAIR: ‘Ó Pheann an Phiarsaigh’ le Noel Ó Gallchóir/Halla an Pharóiste, Gort a’ Choirce, Dún na nGall, Dé hAoine 26 Feabhra ag a 7.30in.Patrick

Mar chuid de cheiliúradh Choláiste Uladh a bheas an chéad léiriú den dráma úrnua le Noel Ó Gallchóir.

Suite i bPríosún Chill Mhaighneann, an oíche sula bhfuair sé bás agus an mhaidin a scaoileadh é, déantar ceiliúradh sa léiriú drámata seo ar shaol, ar shaothar agus ar fhís an Phiarsaigh, duine de mhórlaochra ár linne

Léigh a thuilleadh faoi anseo.


5)TEACHT LE CHÉILE: ‘Bricfeasta na hAoine’/Óstán Imperial, Corcaigh, Dé hAoine 4ú Márta ag 7.45a.m.

Women

Deis chun bricfeasta blasta a ithe i gcomhluadar na nGael! Sin atá rompu siúd a bheidh ag freastal ar Bhricfeasta na hAoine, a bheidh ar bun i gCorcaigh Dé hAoine seo chugainn.

Breá luath ar maidin, (7:45rn) a bheidh an teacht le chéile seo ar bun in Óstán an Imperial, agus é eagraithe ag Glór na nGael agus Gael-Taca.

Feisire de Pharlaimint na hEorpa, Liadh Ní Riada de chuid Shinn Féin, atá roghnaithe mar aoichainteoir don ócáid. Beidh deis acu siúd a bheidh i láthair ceangal a dhéanamh le pobal Gaeilge Chorcaí agus lucht gnó na háite chomh maith, agus céad bhéile an lae á ithe acu!

Áirithintí: cabrini@glornangael.ie/aine@gael-taca.com. Costas: €25


6) AN CABARET CRAICEÁILTE: ‘Bréag, Balkan Alien Sound agus aíonna eile’/ Tí Hiúdaí Bhig, Gaoth Dobhair, Dé Sathairn 27  Feabhra, 9.30in ar aghaidh. 

Balkan Alien

Beidh na Conallaigh ag vótáil lena gcosa ag cóisir chraiceáilte an toghcháin i dteannta réalta reigé Bréag, Balkan Alien Sound, agus aíonna eile.

Bígí agus súil le ceol domhanda fuinniúil, rithimí mealltacha agus craic go maidin!

Tuilleadh eolais anseo.

Seo chugainn an Aoine! HUP! 

SCÉALTA EILE