1) Ceol: ‘Lón Anama’ le Bernie Pháid agus Dave Clancy/ An Lab, an Daingean, Ciarraí, Dé hAoine, 22 Iúil ag 1in.
Beidh Bernie Pháid, a thug léargas álainn dúinn ar a saol ceolmhar sa mhír ‘Trí Shúile’ an tseachtain seo, i mbun ceoil sa Lab Dé hAoine ag am lóin, agus í á tionlacan ag an ghiotáraí Dave Clancy.
‘Lón Anama’ is teideal don tsraith ghigeanna seo agus tá fearadh na fáilte romhat lón nó cupán blasta caife ó Mhargadh an Daingin a thabhairt isteach sa ghig leat!
2) CEOL: Seit DJ an Chíobhánaigh/ The Blue Note, Gaillimh, Dé Sathairn 23 Iúil, 9in-2in.
Is nós le Cian Ó Cíobháin agus Cyril Brisceo 110th Street, oíche cheoil, a chur ar siúl ar an Satharn dheireanach d’Fhéile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe.
I mbliana beidh an Cíobhánach, láithreoir ‘An Taobh Tuathail’, ina aonar agus é ag súil go mór lena rogha cheoil a chur i láthair mhuintir na Gaillimhe.
Imeacht saor in aisce é seo. Bígí siúráilte na bróga damhsa a bheith ar na cosa agaibh!
Tá cúis cheiliúrtha ar leith ag muintir na Gaillimhe le seachtain anuas agus í roghnaithe mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa 2020. HUP!
3) CEOL AGUS CRAIC: ‘Barr an Tí – Scoil Samhraidh Mhic Reachtain’/ Áras Mhic Reachtain, Béal Feirste, 24 – 30 Iúil.
Beidh scoth na n-imeachtaí ar siúl lá agus oíche i Scoil Samhraidh Mhic Reachtain, i dtuaisceart Bhéal Feirste, ón Domhnach ar aghaidh.
Tá sraith cheolchoirmeacha eagraithe ina mbeidh Gráinne Holland, John Spillane, Clann Mhic Ruairí agus Kíla i mbun ceoil.
Tá ainm in airde ag an fhéile bheag seo as ard-atmaisféar a chothú.
Ná cailligí an spraoi!
4) SEISIÚN: Ardán Ceoil Thraidisiúnta/ Monroes, Cathair na Gaillimhe, 22 agus 23 Iúil ag 1in.
Beidh roinnt de na ceoltóirí traidisiúnta is fearr sa tír ag seinm ar ardán Monroes an deireadh seachtaine seo.
Tiocfaidh Siobhán Peoples, Murty Ryan agus Bryan Mooney le chéile ag am lóin Dé hAoine agus leanfaidh díséad feadóige móire agus píbe, Conor Byrne agus Mick O’Brien, iad le ceolchoirm lae Dé Sathairn! Ticéad: €8.
Ná gá duit bogadh amach as Monroes ar chor ar bith an deireadh seachtaine seo mar beidh The Hothouse Flowers i mbun ceoil sa teach céanna oíche Aoine!
5) DRÁMA: ‘Alice Milligan – cailín na hardéirime‘/ Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Dé Domhnaigh, 24 Iúil ag 8in.
Seo dráma nua, á léiriú ag Aisling Ghéar, ina n-insítear scéal Alice Milligan.
Náisiúnach Protastúnach ab ea Alice Milligan a bhí páirteach i ngluaiseacht chultúir agus i saol polaitíochta na hÉireann.
Ba eagarthóir, scríbhneoir agus file í chomh maith a bhunaigh irisí agus foilseacháin éagsúla le linn a saol fada oibre a mhair 60 bliain.
Thuill sí clú agus cáil i measc ceannródaithe cultúrtha a linne, daoine mar W.B. Yeats agus dlúthchara léi, Dubhghlas de hÍde.
Is dráma aon aisteora i mBéarla é seo. Is í Susannah McKenna a bheas ar an ardán. Ticéad: £5.
6) CEILIÚRADH: 10 mBliana le Moonfish/ Biteclub, Cathair na Gaillimhe, Dé Domhnaigh, 24 Iúil ag 4in.
Tá ceann de na comhlachtaí amharclainne is samhlaíche in Éirinn ag ceiliúradh 10 mbliana ar an fhód an deireadh seachtaine seo.
Tá drámaí dochreidte dátheangacha ar nós Star of the Sea agus Tromluí Pinocchio curtha le chéile ag Moonfish thar na blianta, agus tá sár-obair eile cruthaithe acu le haghaidh gach aoisghrúpa.
Beidh siad ag labhairt ag an ócáid seo chomh maith faoi léirithe leo a bheidh ann go luath agus faoi na chéad chéimeanna eile don chomhlacht.
7) DRÁMA: ‘Seacht mBua an Éirí Amach‘ le Pádraig Ó Conaire/ Amharclann an Lab, an Daingean, Dé Domhnaigh, 24 Iúil ag 8in.
Léamh dátheangach Dhiarmuid de Faoite ar chúlra chuid de na mórphearsana a bhí páirteach in Éirí Amach na Cásca, 1916 agus ar réabhlóid Uí Chonaire féin.
Beidh ceol álainn agus amhráin bhríomhara na linne sin leis an amhránaí agus veidhleadóir Nuala Ní Chanainn mar chuid den léiriú.
Fíricí, bréaga agus deis agat do ladar féin a chur sa scéal.
Cead isteach: 10 euro / 8 euro.