5 + 2 Imeacht Ghaelacha

1) ÓCÁID BHRONNTA: Gradaim Chumarsáide an Oireachtais/ Óstán Bhóthar na Trá, Dé hAoine, an 13ú Bealtaine, 6.30in.

GradChum

Baileoidh móruaisle na meán le chéile in Óstán Bhóthar na Trá san oíche amárach d’oíche mhór scléipe agus spraoi!

Bronnfar duaiseanna ar bhuaiteoirí sna rannóga uile – cló, fís, fuaim agus Réalta Óg na Bliana!

Taispeánfar gearrscannáin a bhain áit amach ar ghearrliosta na rannóige nua don seánra seo ar 3in sula gcuirfear tús leis an ócáid bhronnta.

Áit a mbíonn na Gaeil bíonn scoth na craice ann, agus is amhlaidh a bheas sé ag Gradaim Chumarsáide 2016!


2) CEILIÚRADH: 50 Bliain Chumann na bPíobairí, Ard Mhacha/ Amharclann Phlás an Mhargaidh, Ard Mhacha, Dé Sathairn, an 14ú Bealtaine, ag 8in.

pipers

Tá cáil ar fud na cruinne ar Chumann na bPíobairí, Ard Mhacha as teagasc an cheoil thraidisiúnta, agus i mbliana tá siad ag ceiliúradh 50 bliain ar an bhfód.

Bígí i dteannta baill reatha agus iarbhaill an chlub le haghaidh ceolchoirm mhór a dhéanfaidh an clochmhíle seo a cheiliúradh!

Is iomaí ceoltóir den scata seo a chuaigh ar aghaidh chun seinnt ar stáitsí móra an domhain.

Oíche uathúil spraoi agus píob i gcathair álainn Ard Mhacha!


3) CEOLCHOIRM: Lynched/ Ionad Ealaíon Duncairn, Béal Feirste, Dé Sathairn, an 14ú Bealtaine, ag 7.30in.

Lynched

Tabharfaidh Lynched aghaidh ó thuaidh Dé Sathairn agus iad ag seinm ar ardán Duncairn arís.

Banna den scoth é seo a mheallann slua mór i gcónaí agus má tá ticeád agat, tá an t-ádh ort mar go mbeidh teach lán sa Duncairn Dé Sathairn.

Tá na ceoltóirí óga seo ag dul ó neart go neart théis dóibh a bheith i mbun ceoil ar sheó Jools Holland.

Ceathrar atá sa bhanna iontach seo: beirt de chlann Uí Loinsigh, deartháireacha atá ag seinm le chéile leis na blianta anuas; Radie Peat, Gael óg agus spéirbhean an chonsairtín, agus Cormac Mac Diarmada ar an fhidil agus ar an bhainseo.

Bígí ag súil le seanamhráin agus le ceol traidisiúnta lán de chroí, neart agus misneach!


4) TAISPEÁNTAS SCANNÁN AGUS TURAS: Imeachtaí Gaeilge/Leabharlann Chester Beatty, Caisleán Bhaile Átha Cliath, BÁC, Dé Domhnaigh, an 15ú Bealtaine, ag 2in agus 3.30in.

Luntime

Más duine mór siúil agus scannán tú, beidh spéis agat ina bhfuil ag tarlú sa Chester Beatty an deireadh seachtaine seo.

Ag 2in Dé Domhnaigh, taispeánfar scannán a dhíríonn ar an nasc idir Éireannaigh agus ceann de na grianghraif is aitheanta ar domhan ag an ócáid seo.

Leanann an scéal turas an stiúrthóra Seán Ó Cualáin, agus an stair a bhaineann leis an ghrianghraf ‘Lunch atop a Skyscraper’, tar éis dó nod a fháil i bpub Gaelach faoi bhunús an phictiúir!

Beidh fotheideal leis an scannán a bheidh á thaispeáint.

Ag 3.30in, tá fáilte roimh chách teacht le chéile taobh amuigh den leabharlann ag an Chaisleán, tráth a thabharfaidh Jack Fitzgerald daoine thart ar thailte an Chaisleáin.


4) DRÁMA: Language of the Mute/Taibhdhearc na Gaillimhe, Gaillimh, Dé Sathairn, an 14ú Bealtaine, ag 8in.

serious looking teenager

Cuirfear dráma ar stáitse na Taibhdheirce Dé Sathairn ó pheann an scríbhneora aitheanta Jack Harte.

Dráma é seo bunaithe ar Dhomhnall Ó Lubhlaí, bunaitheoir Choláiste na bhFiann, a d’éag sa bhliain 2013, agus a ndearnadh os cionn 50 cúis ina choinne a bhain le hionsaithe gnéis a dhéanamh ar bhuachaillí óga.

Is trí shúile iardhalta Uí Lubhlaí a insítear an scéal seo, agus pléann sé le mórán ceisteanna a rachaidh i bhfeidhm ar phobal na Gaeilge.


6) TIONÓL: Tionól na Mumhan 2016/ Óstán Oakwood Arms, Sionainn, Contae an Chláir, an 13-15ú Bealtaine, ó 3in ar aghaidh. 

clare nua

Tá clár suimiúil de léachtaí mar gheall ar an Ghaeilge agus ar an Éirí Amach curtha le chéile le haghaidh Tionól na Mumhan 2016.

Stair na háite agus stair na tíre a bheas faoi chaibidil i rith an lae, agus is ar an chraic agus ar an cheol a dhíreoidh cúrsaí na hoíche!

Saorchead isteach chuig na himeachtaí seo!

Tá tuilleadh eolais le fáil anseo.


7) FÉILE: Féile Ealaíon agus Chultúrtha na Seanbheairice/ An tSeanbheairic, an Fál Carrach, Dún na nGall, an 13-15ú Bealtaine.

doim

Tá neart imeachtaí beartaithe d’fhéile chultúrtha na Seanbheairice in iarthuaisceart Dhún na nGall. I measc na mbuaicphointí tá ceolchoirm le Doimnic Mac Giolla Bhríde, Declan McClafferty agus Sarah Cullen anocht, agus siúlóid sléibhe agus damhsa ar an sean-nós i rith an lae Dé Sathairn.

Bronnfar Corn Cuimhneacháin Éamainn Ghráinne den cheathrú huair sa tSeanbheairic oíche Dé Sathairn, an 14ú Bealtaine ag 8in. Deis atá ann cuid de na hamhránaithe is fearr sa chontae a chloisteáil.

Tá clár na féile ar fáil anseo.

Bíodh ard deireadh seachtaine agaibh go léir!

SCÉALTA EILE