5 bhuaicphointe leictreacha

Más duine de na daoine ádhúla thú, a bhfuil ticéad órga Electric Picnic i do sheilbh agat, tá tú i measc slua mór Gael a bheas ag díriú ar an Sráidbhaile, Co. Laoise ón lá inniu ar aghaidh don bhféasta leictreach is mó sa tír.

Suite i gcroílár an Mindfield, láthair a dhéanann ceiliúradh ar na healaíona agus ar an bhfocal labhartha, tá An Puball Gaeilge.

Gabh isteach agus cuir tú féin in aithne, mar is ann a bheas an chraic agus an spraoi is Gaelaí sa tír an deireadh seachtaine seo. Dé hAoine ag 2in a osclófar na cuirtíní agus leanfar le clár spleodrach d’imeachtaí as sin go dtí oíche Dhomhnaigh.


Labhair Rossa Ó Snodaigh, an fear taobh thiar den bPuball Gaeilge, le NÓS faoi 5 mhórimeacht an phubaill Ghaeilge ar fiú freastal orthu!

an_puball_gaeilge


1) Kíla

Ar ais ó chamchuairt timpeall na hEorpa, tiocfaidh na baill ar fad Kíla le chéile oíche Dé hAoine ag 7in agus rogha cheoil óna n-albam is déanaí Suas Síos á seinm acu, chomh maith le píosaí ceoil nuachumtha nár chualathas cheana! Bí ag súil le ceol domhanda lán fuinnimh a chuirfidh na cosa ag bogadaí!

KilaLive


2) Díospóireacht: ‘An bhfuil comhionannas bainte amach againn?’

Beidh réalta feachtas ‘Tá’ Traolach Ó Buachalla, Ruadhán Mac Cormaic ón Irish Times agus an mac léinn dochtúireachta Kate Ní Loinsigh i measc na n-aíonna a dhéanfaidh scagadh ar mhórcheist an chomhionannais Dé Sathairn ag 1in. Rónán Ó Muirthile ó Splanc Newstalk a bheas mar chathaoirleach ar an chaint.

Marriage_equality_demonstration_Paris_2013_01_27_09


3) ‘An Feadán Rua’ (aka porn) le Hector Ó Eochagáin 

Mar a bheadh na béithe ag teacht ar dáir, beidh daoine ón slua ag teacht ar ardán ag 3in Dé Sathairn chun athghuthú beo i nGaeilge a dhéanamh ar radhairc ó scannáin phornagrafaíochta de chuid na seachtóidí. Ar cheann de na himeachtaí is greannmhaire anuraidh, dar le Rossa, is cinnte go spreagfar GOA nó dhó ón lucht féachana.

hector


4) Cakaroki

Cuirfidh rannpháirtithe cróga ón slua amhráin mhóra ó na hochtóidí i láthair agus iad ag léamh liricí ón scáileán mór, aistrithe go Gaeilge lofa ag Google, Dé Domhnaigh ag 2in. Is iad ‘Ceathairéad an Chairéid’, ceoltóirí clasaiceacha den scoth, a bheas á dtionlacan.

Retro microphone on stage in restaurant. Blurred background


5) An Cabaret Craiceáilte

Rónán Mac Aodh Bhuí agus a gcuid comrádaithe a chuirfidh an dlaíóg mhullaigh ar chóisir leictreach an tSathairn ó 7in. I measc na n-aíonna a thabharfaidh aghaidh ar an stáitse beidh Cathal Ó Curráin, Emma Ní Fhíoruisce, Boss Sound Manifesto (thíos), Na Fadudas agus Doiminic Mac Giolla Bhríde.

boss-sound

Anuas air seo ar fad, beidh Rís, The Bonny Men, Fíbín, Rua, Imlé, Spats Columbo, IMBOLC, GaelGÁIRÍ, tráchtaireacht bheo ar Chluiche Ceannais Iomána na hÉireann (Cill Chainnigh v Gaillimh) agus go leor leor eile ar siúl a chuirfidh le scoth-shiamsa an deireadh seachtaine! 


Leanaigí ‘An Puball Gaeilge’ ar Facebook anseo.

SCÉALTA EILE