5 Chóisir d’Oíche Chinn Bliana…

1) OILEÁN ACLA: Mórshiúl ag meán oíche agus Snámh Farraige Maidine / The Annexe Inn anocht, 31 Nollaig agus Trá Dhumha Goirt, 1 Eanáir ag 1in., Oileán Acla, Co. Mhaigh Eo

annexe-inn

Suite ar cheann de na pointí is faide thoir san Eoraip, bíonn muintir Acla ar na daoine is deireanaí chun slán a fhágáil leis an ghrian agus í ag dul faoi don uair dheireanach in 2015 ar Oíche na Seanbhliana.

Is féidir brath ar atmaisféar iontach san Annexe Inn, An Caol, tar éis, áit a mbeidh ceol agus cúpla scúp ar fáil roimh mhórshiúl ag uair an mheán oíche.

Tá traidisiún an-láidir de bhannaí píob in Acaill agus tagann na buíonta ar fad le chéile chun muintir na háite a threorú trasna an oileáin chun tús spleodrach a chur leis an bhliain úr.

Maidin na Bliana Úire, beidh deis agat cibé póit atá ort a ruaigeadh ó do chorp agus páirt a ghlacadh sa snámh farraige maidine ar Thrá Dhumha Goirt ar an chéad lá den bhliain.

Hup!


2) GAOTH DOBHAIR: Téada agus The Friel Sisters / CLG Ghaoth Dobhair, anocht 31 Nollaig, ag a 9.30in.

friel_sisters

Más maith leat craic Ghaelach, scoth an cheoil agus sárchuideachta, is deacair Gaoth Dobhair a shárú ar Oíche Chinn Bliana agus an fhéile bhliantúil Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair faoi lán seoil.

Is ceann de bhuaicphointe na bliana sa cheantair í gan amhras a mheallann cuairteoirí ó chuile chearn den tír gach bliain.

Anocht, beidh ceolchoirm mhór le Téada – scoth an ghrúpa le hOisín Mac Diarmada agus Séamus Ó Beaglaoich i measc eile – agus deirfiúracha ceolmhara iomráiteacha as Albain, The Friel Sisters.

Tabhair leat do dheoch féin agus bainigí sult ach cuimhnígí go mbeidh ceol ag gabháil ar fud an cheantair Lá Caille chomh maith.

Tuilleadh eolais anseo.


3) DAINGEAN UÍ CHÚIS: Tinte ealaíne agus mórshiúl / Cé an Daingean ag 10in – ar aghaidh

an-daingean

Cé nach fada ó shin a bhí sráideanna an Daingin plódaithe do Lá an Dreoilín, beidh lucht an bhaile amuigh arís anocht do mhórfhéasta na bliana úire.

Tiocfaidh daoine le chéile ag Cé an Daingin chun féachaint ar thaispeántas mór tinte ealaíne.

Is ar an droichead ansin, ag uair an mheán oíche, a leanfar leis an scléip, tráth a chuirfear tús le mórshiúl ceolmhar fríd an bhaile le fifeadóirí agus drumadóirí an Daingin.

Craic agus spraoi don teaghlach go léir!


4) GAILLIMH: ‘Scoth na Siamsa Cinn bliana’/Ar fud na cathrach, am ar bith, 31 Nollaig.

gaillimh

Tá cáil ar Cathair na dTreabh i leith na cóisireachta agus tá cúis leis.

Más seisiúin cheoil, bannaí beo, craic sráide ar Shráid an Ché, béile deas nó oíche ar an urlár damhsa atá uait, tá an uile rud ar fáil i nGaillimh.

Gheofar seisiún breá Tigh Coilí nó sa Crane ón iarnóin amárach agus bígí cinnte go mbeidh cóisir breá sráide don bhliain úr faoi lán seoil ar Shráid an Ché ó luath go leor san oíche chomh maith.

Más oíche i mbun damhsa atá uait, tugaigí bhur n-aghaidh ar an Róisín Dubh nó Electric!


5) BÁC: Ceolchoirm NYE Dublin / 3 ARENA, Cé an Phoirt Thuaidh, BÁC, 31 Nollaig, doirse ag oscailt ag 7in

kila

Beidh Kíla ag cur a rogha amhrán i láthair ar ardán i gceolchoirm mhór leis na Coronas, Fat Boy Slim, Ryan Sheridan agus Little Hours.

D’éirigh thar cionn le ceolchoirm na bliana úire anuraidh agus is amhlaidh a bheas i mbliana más aon chomhartha na ceoltóirí móra atá luaite leis an cheiliúradh.

Is féidir ticéid a fháil anseo.

Bliain úr mhaith agaibh a chairde Gael – bígí ag spraoi!

SCÉALTA EILE