Tá Féile na Mí 2015 faoi lán seoil agus leanfar leis an chraic as seo go dtí an Domhnach!
Seo chugaibh 5 chúis le bheith i láthair agus a spreagfaidh sibh chun aghaidh a thabhairt ar Ráth Chairn Ghlas na Mí an deireadh seachtaine seo.
1) Garáistí iarchóisire
Ní chríochnóidh an scléip i gClub na Féile, ná baol air!
Tá muintir Ráth Chairn breá eolach ar chíocras na nGael i leith na cóisireachta agus tá siad ullmhaithe chuige sin.
Is in ardbhaile na hiarchóisire Limbó na Mí a leanfar leis an chraic isteach sna huaireanta beaga, áit a bhfuil gréasáin de gharáistí tí feiliúnach d’amhráin, steipeanna agus ceol go maidin.
2) Tallann
Tá amhránaíocht, damhsa agus ceol agus an uile dhuine i Ráth Chairn, is cuma cén aois.
Go deimhin, nuair a fhaigheann tú blaiseadh den oiread tallainne atá i gceantar glas na Mí, beidh fonn ort aistriú ann go deo!
Breathnóidh tú ar an pháiste beag seo atá go fóill ag caitheamh clúidíní i mbun véarsa de ‘Caiptín Ó Maillí’, ag seinm dreas ríleanna nó i mbun steipeanna cruthaitheacha agus déarfaidh tú leat féin “má tá an páiste sin in ann a dhéanamh, beidh mo pháiste féin in ann é a dhéanamh”.
Anois, níl le déanamh agat ach bualadh le stócach nó spéirbhean de chuid an cheantair le go mbeidh seans agat d’aisling a fhíorú!
3) ‘Band Ráth Chairn’
Idir stáitse, sheisiúin agus chóisirí garáistí, beidh an bhuíon ildánach ardfhuinnimh ‘Band Ráth Cairn’ i mbun ceoil agus véarsaíochta le linn an deireadh seachtaine.
Níl srian ar bith le réimse ceoil an bhanna seo atá ar a gcumas ceol traidisiúnta, popcheol, ceol tíre agus aon saghas ceoil a iarrtar orthu a chur i láthair.
In éineacht le réaltaí ceolmhara na háite, an lánúin Mícheál Ó Suilleabháin agus Orla Ní Cheallaigh, beidh na boic bhreátha Nigel Davies, Eamonn Mac Donnacha agus Éanna Ó Cróinín ag raiceáil leo agus ní bheadh a fhios agat cé eile!
Bígí ag súil le hamhráin nuachumtha chomh maith le hamhráin mhóra a mheallann na sluaite le bheith ag canadh in éindí leo go maidin.
4) Teacht le chéile lár tíre
Tá na Gaeil ar aon tuiscint faoi rud amháin.
Is é sin, nach leor uaireanta an deireadh seachtaine chun an oiread cainte ‘s gáirí a dhéanamh le cairde ag mórfhéile an Oireachtais.
Seo deis teacht le chéile in athuair i lár na tíre i dteannta seanchairde agus nua.
5) Breithlá Ráth Chairn!
Tá 80 bliain caite i mbliana ó d’aistrigh na céad teaghlaigh ó Cheantar na n-Oileán agus ón Cheathrú Rua i gConamara go Ráth Chairn.
Beidh an spiorad ceiliúrtha in airde go mór ag Féile na Mí i mbliana dá bharr!
Cé nach bhfuil teacht ar atm sa cheantar (tabhair airgead sa sparán leat), tá aird ag Seáinín Chóil Neaine Pháidín sa Bhrádán Feasa ar na rudaí tábhachtacha agus rogha manglam den scoth – ‘Joe McWoo’, ‘MTmess’ agus ‘Ar Son na Drúise’ – á réiteach aige ar chlár di an deireadh seachtaine.
Sonas oraibh a mhuintir Ráth Chairn, go mairfidh sibh go deo!