Tá Liú Lúnasa 2017 linn faoi dheireadh agus is bríomhar an tseachtain atá roimh Ghaeil cois cuain. Caitheann Caoimhe Ní Chathail súil ar na himeachtaí is mó a bhfuil sí féin ag súil leo le linn na féile pobal-bhunaithe i gcroílár Ghaeltacht Uirbeach Bhéal Feirste…
1. SCANNÁN: Banríon na bhFál / The Sunflower, Dé Céadaoin 23 Lúnasa @ 8:30in
Tá neart comhoibrithe ar siúl ag Liú Lúnasa i mbliana, cuid de leis an ghrúpa ealaíon aerach Outburst.
Is leo sin a thaispeánfar an clár faisnéise, ‘Banríon na bhFál’, fhaoi leaid óg aerach darb ainm Paul as Iarthar Bhéal Feirste.
Fear é a oibríonn mar bhanríon draig ag an deireadh seachtaine, rud a chuir strus ar a chaidreamh lena athair, John, ar poblachtánach den seandéanamh é.
Beidh plé i ndiaidh an chláir le Paul, John agus an stiúrthóir Cormac Ó Cuinn.
2. COMÓRTAS: Slam Filíochta / An Chultúrlann, Déardaoin 24 Lúnasa @ 8:30in
Is dea-shampla d’éagsúlacht agus nuálachas na féile go mbeidh an chéad chomórtas slam filíochta i nGaeilge riamh á reáchtáil acu.
Beidh deis ag na hiomaitheoirí trí bhomaite dá gcuid filíochta a léiriú don slua.
Tá deiseanna iontacha ann, ina measc ticéad do Electric Picnic agus £150 don bhuaiteoir!
Beidh Sinéad Ní Uallacháin ó RTÉ Raidió na Gaeltachta mar bhean an tí ar an oíche agus beidh Séamus Barra Ó Suilleabháin, Réaltán Ní Leannáin agus Seán Ó Muireagáin ina teannta mar mholtóirí.
Bíonn neart le rá ag na Gaeil mar sin is cinnte go mbeidh neart le haithris ar an oíche chomh maith!
Is féidir páirt a ghlacadh ach clárú anseo: https://www.eventbrite.com/e/slam-filiochta-tickets-35260495090
3. CAINT: ‘Gaelphobail Úra: Aisling nó Riachtanais?’ / An Chultúrlann, Dé hAoine 25 Lúnasa @ 3:30in
Caint phoiblí í seo le Pól Breathnach as Inis Oírr agus Ciarán Dúnbarrach as an Dún a dhéanfaidh plé ar na féidearthachtaí a bhaineann le lonnaíochtaí úra Gaeilge a bhunú.
Comhrá suimiúil a bheas ann, go háirithe agus an meath atá ag teacht ar na ceantair Ghaeltachta faoi láthair.
Cá háit a bhféadfaí Gaelphobal a lonnadh?
Cé acu a mbeadh suim ina leithéid?
Beidh deis ag gach duine tuairimí a nochtadh mar chuid den phlé spéisiúil ar thodhchaí phobal na Gaeilge.
4. GIG: Cóisir Trá / An Chultúrlann, Dé hAoine 25 Lúnasa @ 8in
Beidh an DJ clúiteach Daithí ag seinm i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich (áit a bhfuil formhór na n-imeachtaí ar siúl) oíche Aoine nuair a bheas an t-ionad maisithe mar a bheadh cóisir thrá ann.
Chomh maith le Daithí beidh ceol le Rona Wilkie, Marit Falt, Lauren Ní Chasaide agus Pádraig Jack.
Beidh manglaim speisialta le Póitín Mhicil ar fáil agus deis péinteáil aghaidhe nó dathú gruaige a fháil.
Shílfeá gur in Eivissa a bheas muid, ach an uair seo beidh Eivissa ag teacht go Béal Feirste!
5. GIG: Ceol sa Chearnóg / Cearnóg an Bhruaigh, Dé Sathairn 26 Lúnasa @ 7in
Is éacht iontach é ag Liú Lúnasa go mbeidh ceolchoirm mhór ar siúl amuigh faoin spéir, i gCearnóg an Bhruaigh (Bank Square) i lár na cathrach.
Beidh ceol ann le Griogair, Dysania, Boss Sound Manifesto, JJ Ó Dochartaigh agus Emma Ní Fhíoruisce, agus bia blasta le fáil i gcomhpháirt le FolkTown Market.
Ní rómhinic a bhíonn ceol Gaeilge i gcroílár na cathrach mar sin is bealach den scoth é chun soiscéal an Ghaelcheoil a scaipeadh.
Saor in aisce fosta – níl leithscéal ar bith agat!
Tosaíonn Liú Lúnasa inniu, Dé Luain 21 Lúnasa, agus leanfaidh sí ar aghaidh go dtí an Domhnach 27 Lúnasa.
Is féidir an clár ar fad, atá lán réimse leathan imeachtaí, a fheiceáil anseo.