5 chúis le freastal ar Fhéile na Gealaí

Tá an samhradh buailte linn a chairde, an ghrian ag scoilteadh na gcloch (faoi láthair ar aon nós!) agus fonn cóisireachta orainn dá bharr.

Tá a fhios againn ar fad go bhfuil deireadh seachtaine gnóthach os ár gcomhair le Ravelóid sa Chathair ar siúl i mBÁC, Bréaglóid i mBéal Feirste agus Féile na Gealaí i gContae na Mí.

Féile úrnua í Féile na Gealaí a bheas ar siúl i nGaeltacht Ráth Chairn Dé hAoine agus Dé Sathairn le ceol faoin spéir, comhluadar Gaelach agus scoth na craice geallta.

Anseo thíos insíonn Edel Ní Churraoin, duine de lucht eagraithe Fhéile na Gealaí, cúig chúis dúinn gur chóir triall ar Ráth Chairn i gceann ceithre lá!


1. Láthair

an-bradan-feasa-rath-chairn

Seo deis teacht le chéile i lár na tíre, i gceantar Gaelach ina mbíonn neart Gaeilge le cloisteáil i gcónaí.

Cé go bhfuil sí lárnach is taisce bheag chultúrtha í an Ghaeltacht bheag seo atá i bhfolach i gContae na Mí.

Is cuma más ag labhairt le fear an bheáir, bean an tsiopa nó duine de mhuintir na háite ar an mbóthar atá tú, ní bheidh ort iompú ar an mBéarla ag Féile na Gealaí.

Freisin beidh deis ann blaiseadh a fháil ar stair shuimiúil an cheantair ar an tsiúlóid stairiúil a bheas mar chuid de na himeachtaí.

Ar a bharr sin, tá Ráth Chairn lonnaithe i lár na tíre, gan é ach 40 nóiméad as Baile Átha Cliath agus áisiúil go maith do dhaoine ag teacht as bailte móra eile mar Ghaillimh, Béal Feirste, Corcaigh agus Doire.


2. Campáil

campail

Ag féile shamhraidh ba mhian le cách filleadh ar láthair chámpála i ndiaidh lá fada ag damhsa amuigh faoin spéir, suí thart ar do shaimhín só le dlúthchairde agus cairde nua ag gabháil fhoinn, ag clabaireacht faoi chursaí an tsaoil agus ag ól libh ag breathnú ar na réaltaí sa spéir!

Níl ach €40 ar na ticéid chámpála, ceannaigí go beo iad anseo!


3. Traidisiún

gaeltacht-rath-chairn

Is minic a chloiseann muid daoine ag labhairt ar an gcraic a bhí acu ag Rac1, An Fhéile Chraiceáilte agus Picnic Ráth Chairn; iad amuigh faoin aer, an ghrian ag taithneamh i gceann de na háiteacha is deise agus is Gaelaí sa tír, na laethanta is fearr dá saol.

Bhuel, tá rud amháin i gcoitinne acu ar fad, tharla siad Ráth Chairn!

Tá sé in am againn leanacht leis an traidisiún sin agus ár bhféile féin a bheith againn le neart craice agus spraoi le Gaeil as áiteacha ar fud na tíre i Ráth Chairn Glas na Mí.


4. Saor

feile-na-gealai

€40 euro ar thicéad cámpála agus €25 ar thicéad lae.

Níl móran áiteacha a mbíonn lóistín agus siamsaíocht ar fáil chomh saor sin.

Chomh maith leis sin is ócaid TLDDF (BYOB) atá ann.

Níl orainn móran a rá faoin gceann seo a chairde… beidh cannaí ar fáil ón gclub i Ráth Chairn nó is féidir leat do chuid féin a thabhairt leat!


5. Ceol

boss-sound-manifesto

Ag deireadh an lae is féile cheoil í Féile na Gealaí agus is maith an rud go bhfuil cuid de na ceoltóirí Gaelacha is fearr sa tír ag teacht le chéile chun dul ar an ardán.

Beidh gach cinéal ceoil le cloisteáil idir ska le Boss Sound Manifesto, popcheol le JJ Ó Dochartaigh, folk rock le Megan Nic Ruairí agus For Forestors, meascán d’amhráin nua-chumtha agus amhráin thraidisiúnta le hEmma Ní Fhíoruisce agus Diane Ní Chanainn, ceol traidisiúnta le leithid Éanna Ó Cróinín, Nigel Davey agus go leor eile nach iad.

Sin gan tagairt a dhéanamh do bhanna ildánach na háite ‘Band Ráth Chairn’ atá lán fuinnimh agus iad i mbun ceoil agus amhránaíochta.

Is cinnte go mbeidh sibh ag damhsa leo agus iad i mbun ceoil traidisiúnta, ceol tíre, popcheoil agus go leor eile… feicfidh mé ann sibh!


Tá tuilleadh eolais faoi Fhéile na Gealaí le fáil ar a leathanach Facebook.

SCÉALTA EILE