5 Imeacht Ghaelacha

1) FÉILE: Éigse an Spidéil/Ionaid éagsúla ar an Spidéal, as seo go Domhnach 6 Márta.

Brian Rooney

Seoid bheag d’fhéile í Éigse an Spidéil, a chuireann clár iontach imeachtaí ar siúl gach bliain.

Idir dhrámaí, cheolchoirmeacha, sheisiúin, chomórtais, mháistir-ranganna, imeachtaí do pháistí agus eile, gealltar am ar dóigh ar an Spidéal an deireadh seachtaine seo i dteannta The Godfather Brian Rooney, Aisteoirí an Spidéil agus scoth na gceoltóirí áitiúla.

Léireoidh Aisteoirí an Spidéil ‘Ionmhuin liom Cois Fhairrge: Omós do 1916’ i gColáiste Chonnacht anocht, an Aoine 4 Márta ag 8.00 i.n, dráma a fhiosraíonn páirt an Spidéil i scéal athbheochan na Gaeilge agus sa ghluaiseacht chultúrtha a bhain leis.

Dé Sathairn, beidh na comórtais amhránaíochta don óige i gcuimhne ar Pheatsaí Ó Ceannabháin ar bun ó mhéan lae in Óstán na Páirce, mar aon le máistir-rang fidléireachta le Bryan Rooney agus Jesse Smith, a bheas ar siúl i Stiúideo Cuan idir 1.30- 4.00 i.n.

Ar cheann de bhuaicphointí na féile, beidh ceolchoirm leis an Godfather, fidléir Liatroime, Brian Rooney, oíche Shathairn, 5 Márta, in Óstán na Páirce ag 8.00in, agus é á thionlacan ag Charlie Lennon.

Bígí ag súil le cúpla amhrán ó Bhríd Ní Mhaoilchiaráin, buaiteoir Chorn Uí Riada 2015, chomh maith. Tuilleadh eolais anseo.


2) SEOLADH & CEOLCHOIRM: Good Morning to your Nightcap a seoladh ag Ruairí O’Kane, Dessie Adams, Paul Maguire & Ryan O’Donnell/Ionad Ealaíon Duncairn, Bóthar Aontroime, Béal Feirste, Dé Sathairn, 5 Márta, ag 8in.

good

Seolfar albam de cheol ardfhuinniúil traidisiúnta i dtuaisceart Bhéal Feirste Dé Sathairn le ceathrar ceoltóirí as Aontroim, Doire agus Tír Eoghain, a tháinig le chéile i mBéal Feirste.

Ruairí O’Kane (fidil), Dessie Adams (feadóg mhór), Paul ‘The Brother’ Maguire (bodhrán) agus Ryan O’Donnell (basúcaí/bainseó), a bheas i mbun ceoil ar an oíche.

Más spiorad an tseisiúin cheoil atá uait, ní gá dul níos faide ná seo nó tá blas bríomhar de shaol an cheoil i mBéal Feirste le brath go láidir sa bhailiúchán, ó thaobh rogha fonn agus stíleanna de.

Geallann Ruairí O’Kane go seinnfidh sé cúpla port ar an fhidle bocsa nuadhéanta aige chomh maith! £10.00

Tuilleadh eolais anseo.


3) OÍCHE IMRAM: ‘Lá Idirnáisiúnta na mBan’/Teach Ardmhéara, Sráid Dásain, BÁC 2, Dé Máirt, 8 Márta, 7-10in.

Womens day

Baileoidh scríbhneoirí aitheanta ó shaol na Gaeilge le chéile, mná iad uile go léir, i dTeach Ardmhéara don cheiliúradh IMRAM, ar Lá Idirnáisiúnta na mBan.

Is í an blagadóir agus scríbhneoir Áine Durkin a bheas ina bean tí ar an oíche, agus cuirfidh sí fáilte roimh Críona Ní Dhálaigh agus banscríbhneoirí móra ár linne, ar nós Éilís Ní Dhuibhne, Áine Ní Ghlinn, Anna Heussaff, Celia de Fréine agus Réaltán Ní Leannáin.

Úrscéalaithe, scríbhneoirí scripte, drámadóirí, filí iad na mná seo a roinnfidh saothar ar réimse leathan ábhar leis an lucht féachana!

Cúig nóiméad an bhean a bheas ag gach léitheoir, rud a chinnteoidh go mbeidh neart ama ag an lucht éisteachta bualadh leis na scríbhneoirí uilig ina dhiaidh sin, más mian leo.

Saorchead isteach! Tuilleadh eolais anseo.


4) SEÓ ILGHNÉITHEACH: Ré-Dhamhsa: Tionscadal Van Morrison le Liam Ó Maonlaí & The Brad Pitt Light Orchestra/Amharclann an Pavilion, Dún Laoghaire, BÁC, Dé Céadaoin 9 Márta ag tosú ag 8in.

Re

Ceolfar leaganacha Gaeilge d’amhráin an Fheirstigh chlúitigh Van Morrison sa Pavilion Dé Céadaoin. Aistrithe ag Cathal Portéir agus Gabriel Rosentock, is iad na draoithe Liam Ó Maonlaí, David Blake, Hilary Bow agus an Brad Pitt Light Orchestra a bheas ar an ardán agus déanfar íomhánna éachtacha le Margaret Lonergan a léiriú le linn na ceolchoirme.

Cead isteach €15/12 Tuilleadh eolais anseo.


5) CEARDLANN: ‘Gluaiseacht le Gaeilge’ le hAinle Ó Cairealláin/ACLAÍ, Ionad tráchtála, Donnybrook , Corcaigh, Dé hAoine, 11 Márta ag a 7.00in. 

Gluaiseacht

Roinnfidh Ainle Ó Cairealláin a shaineolas ó thaobh na gluaiseachta de le Gaeil ar mian leo foghlaim faoin treocht nua i ndomhan na tsláinte.

Tá iomrá fhear na gluaiseachta Ido Portal, a bhfuil Ainle ag traenáil leis, ag dul i méad i rith an ama leis an trodaí ealaíona comhraic McGregor atá ag dul in adharca le Nate Diaz an deireadh seachtaine seo. Tá an t-imeacht seo á reáchtáil chun ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge.

Ní gá bheith líofa le sult agus tairbhe a bhaint as an cheardlann mar sin, beir leat do chairde! €5.00

Tuilleadh eolais anseo.


Cuimhnígí go bhfuil Aoife Scott agus Enda Reilly sa Workmans anocht i mBÁC, Dé hAoine 4! 

Go mbainimid sult as an deireadh seachtaine agus as na himeachtaí ar fad atá á reáchtáil mar chuid de Sheachtain na Gaeilge! 

SCÉALTA EILE