1) FÉILE: ‘Féile Idirnáisiúnta Scannán an Daingin’ / Ionaid éagsúla, An Daingean, Co.Chiarraí, as seo go dtí 20 Márta.
Tá scoth an deireadh seachtaine geallta sa Daingean an deireadh seachtaine seo, agus imeachtaí mhórfhéile scannáin an deiscirt sa tsiúl.
Anuas ar an 170 scannán a thaispeánfar le linn na féile, beidh go leor deiseanna ag déantóirí scannáin agus an lucht féachana saothar a phlé.
Cuirfidh muintir an Bhlascaoid spéis ar leith sa chéad taispeántas de The Crest amárach, Dé Sathairn, in Ionad an Bhlascaoid ag a 6in.
Insíonn an clár faisnéise scéal an tsurfálaí ó shliocht ‘An Rí’ a thugann aghaidh ar thonnta amach ó chósta an Bhlascaoid.
Tuilleadh eolais anseo.
2) TEACHT LE CHÉILE: ‘RéRá le Paddy O’Brien– Gaeltacht sa Ghalltacht ’ / Club Cruicéid Chontae Chorcaí, An Mhuirdíog, Corcaigh, Dé Sathairn 19 Márta, ag a 9in.
Is é an scéalaí aitheanta Paddy O’Brien a bheas mar aoi speisialta ag Ré-Rá na míosa seo, oíche shóisialta a bhailíonn Gaeil Chorcaí le chéile d’oíche lán scéalaíochta, ceoil agus comhrá.
Cuirtear fáilte i gcónaí roimh scéal ón lucht éisteachta, mar sin bígí ullamh!
Breis eolais: Leathanach ‘RéRá’ ar Facebook.
3) DRÁMA: Ó Pheann an Phiarsaigh’ / Halla Naomh Pádraig, An Srath Bán, Tír Eoghain, Dé Domhnaigh, 20 Márta, 7.30in.
Tabharfaidh Noel Ó Gallchóir a léiriú nua chun an tSratha Báin oíche Dhomhnaigh, mar chuid dá chamchuairt timpeall na tíre.
Suite i bPríosún Chill Mhaighneann, an oíche sula bhfuair sé bás agus an mhaidin a scaoileadh é, déantar ceiliúradh sa léiriú drámata seo ar shaol, ar shaothar agus ar fhís an Phiarsaigh, duine de mhórlaochra ár linne.
Is féidir agallamh le Noel a léamh anseo agus más mian leat tuilleadh eolais a fháil ar dhátaí na camchuairte, tabhair cuairt ar leathanach Facebook ‘Ó Pheann an Phiarsaigh’.
4) IMRAM: ‘Duanta Damnaithe – Tionscadal The Pogues’ / The Grand Social, 35 Sráid na Life Íochtarach, Baile Átha Cliath 1, Dé Sathairn 18 Márta.
Beidh an t-amhránaí agus file Marcus Mac Conghail á thionlacan ag banna Bhéal Feirste The Pogoes oíche Shathairn ag ceolchoirm speisialta a dhéanfaidh ceiliúradh ar cheol The Pogues i nGaeilge.
Ba sa bhliain 1982 a tháinig The Pogues le chéile i gcathair Londan agus níorbh fhada go raibh pobal dá gcuid féin acu agus iad faoi dhraíocht ag an meascán mire de phunc agus ceol traidisiúnta na hÉireann.
Cloisfear amhráin mhóra Shane McGowan, aistrithe go Gaeilge ag Liam Ó Muirthile agus Gabriel Rosenstock le linn na ceolchoirme agus beidh íomhánna le Margaret Lonergan á léiriú ar theilgeoir.
Tuilleadh eolais anseo.
5) CEOLCHOIRM: Siamsaíocht @6 le hAoife agus Deirdre Granville / Amharclann Chúirt an Phaoraigh, Sráid Liam Theas, Baile Átha Cliath, Déardaoin 24 Márta, óna 6i.n. – 8i.n. (Doirse ar oscailt ó 5.40 i.n.)
Beidh deirfiúracha ceolmhara an Daingin, Aoife Granville (feadóg mhór/fidle) agus Deirdre (cruit), ag tabhairt aghaidhe ar Bhaile Átha Cliath an Déardaoin seo do cheolchoirm thráthnóna Ghael Linn.
Deis den scoth cluas a thabhairt le beirt sárcheoltóirí aitheanta, a tharraingíonn ar uirlisí éagsúla, réimse leathan port agus amhrán fiú!
Ticéad ar €15 agus tá blaisín bia dea-mhéine agus fíon/caife/tae san áireamh!
Tuilleadh eolais anseo.