1) DRÁMA: ‘Brionglóid Maloney- Maloney’s Dream’/Halla na Cathrach, Gaillimh, 7-9 Aibreán agus ar camchuairt ar fud na tíre go dtí an 19ú Bealtaine.
Cuirfear tús le camchuairt náisiúnta ‘Brionglóid Maloney’ an tseachtain seo i nGaillimh.
Lán ceoil, amhrán agus aisteoireachta spleodraí, leanann an scéal Thaddeus Maloney, fear óg arb éigin dó pilleadh ar Bhaile Átha Cliath ón mhór-roinn le hóstán a fágadh aige a reáchtáil tar éis bhás a athar san fhómhar, 1915.
I measc an tseachtair atá sa chliar tá Ionia Ní Chróinín, Grace Ní Chadhla, beirt a bhí sa dráma ‘Star of The Sea’, Miquel Barceló agus Jonathan Gunning, ón chomhlacht drámaíochta Gombeens, agus Seán T Ó Meallaigh, aisteoir agus fuirseoir.
Beidh Brionglóid Maloney sa Hawk’s Well Theatre, Sligeach ar an 12ú Aibreán, agus in Ionad Ealaíon Ros Comáin 14-15 Aibreán.
Léigí faoi shuíomh idirghníomhach Bhrionglóid Maloney anseo. Tuilleadh eolais faoi dhátaí anseo.
2) COMHDHÁIL AGUS SEOLADH: ‘Cré na Cille’/Ollscoil na Gaillimhe, Áras na Gaeilge, agus Tigh Ghiblin, an Spidéal, an 8ú Aibreán.
Cíorfaidh meitheal cainteoirí tionchar, tábhacht agus toradh Cré na Cille ag an chomhdháil lae a bheidh ar siúl amárach, an 8 Aibreán, in Ollscoil na Gaillimhe.
Oíche Aoine, Tigh Ghiblin ag a 8.00 i.n., cuirfidh Bob Quinn Graveyard Clay, an t-aistriúchán nua de Cré na Cille atá déanta ag Liam Mac Con Iomaire agus Tim Robinson, i láthair an phobail den chéad uair.
Seolfar ag an ócáid freisin an t-eagrán faoi chlúdach bog de The Dirty Dust: Cré na Cille’, aistriúchán Alan Titley a foilsíodh anuraidh faoi chlúdach crua.
Seolfaidh Cathal Goan na haistriúcháin i mBaile Átha Cliath Dé Luain, an 11ú Aibreán, ag 6.00 i.n. i dTeach na Clódóireachta, Coláiste na Tríonóide.
Tuilleadh eolais anseo.
3) TEACHT LE CHÉILE: ‘RéRá le John Spillane’/Club Cruicéid Chontae Chorcaí, An Mhuirdíog, Corcaigh, Dé hAoine, an 8ú Aibreán ag a 9.00 i.n.
John Spillane, amhránaí mór as Corcaigh, a bheas mar aoi speisialta ag Ré-Rá na míosa seo, oíche shóisialta ag a mbailíonn Gaeil Chorcaí le chéile d’oíche lán scéalaíochta, ceoil agus comhrá.
Gealltar oíche speisialta cheoil le John agus cuirtear fáilte i gcónaí roimh scéal ón lucht éisteachta, mar sin bígí ullamh! Breis eolais: Leathanach ‘RéRá’ ar Facebook.
4) FÉILE:‘Féile Béal’/Tigh Sé, An Cheathrú Rua, Conamara, Dé hAoine, an 8ú Aibreán, 8.00 i.n. ar aghaidh!
Tigh Sé an áit le bheith oíche Dé hAoine, tráth a mbeidh oíche mhór lúibíní, sceitsí, agallamh beirte agus scéalaíochta ar bun.
Teacht le chéile bliantúil atá in Féile Béal a dhéanann ceiliúradh ar gach a bhaineann leis an fhocal labhartha.
Bígí ag súil le ceol, scléip agus neart amhrán.
Breathnaigh ar leathanach Facebook na féile anseo.
5) COMÓRTAS: ‘Corn Uí Chon Cheanainn’/Seomra Mhic Gearailt, Ionad na Mac Léinn, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, an 9ú Aibreán ag a 2.00 i.n.
Tiocfaidh mic léinn cheolmhara tríú leibhéil as chuile chearn den tír le chéile san ardchathair do chomórtas amhránaíochta ar an sean-nós Dé Sathairn.
In ómós d’iarléachtóir agus amhránaí den scoth, Ciarán Ó Con Cheanainn, atá an comórtas á reáchtáil le dhá bhliain anois.
Cara le Ciarán, Áine Ní Bhreisleáin, spéirbhean agus iriseoir le RnaG, a bheidh mar bhean an tí agus déanfaidh Síle Denvir, Máire Ní Choilm agus Ógie Ó Céilleachair moltóireacht ar an lá.
Gach rath ar na hamhránaithe óga!