5 Imeacht Ghaelacha

siamsa-rnag


1) CAINT: ‘Mise Raiftearaí an Fíodóir Focal’ le Tadhg Mac Dhonnagáin/An Taibhdhearc, An tSráid Láir, Gaillimh, Dé hAoine, 22 Aibreán, ag 8.00in.

raif

Beidh saol agus saothar an fhile aitheanta á chur i láthair ag Tadhg Mac Dhonnagáin trí amhráin, dánta, scéalta agus míreanna ó scannáin.

I gcuideachta Thaidhg beidh beirt de na fonnadóirí sean-nóis is aitheanta sa tír: Caitlín Ní Chualáin agus Amhránaí na Bliana TG4, Pól Ó Ceannabháin.

Is file é Raiftearaí a chuaigh i gcion go mór ar chumadóirí Gaeilge a tháinig ina dhiaidh.

€8 atá ar na ticéid. Tuilleadh eolais anseo.


2) OÍCHE CHEOIL AGUS CHEILIÚRTHA: ‘Ceol agus Colúin – An tUltach agus 1916’/Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, Dé hAoine, 22 Aibreán, ag 7.30in.

Ciaran

Beidh ‘An tUltach’, an t-irisleabhar Gaeilge is sine i gCúige Uladh, ag bailiú scríbhneoirí a raibh a saothar le léamh in eagrán na míosa seo le chéile chun comóradh a dhéanamh ar Éirí Amach 1916.

Ina measc siúd a bheidh ag déanamh píosa cainte ar imeachtaí 1916 tá Ciarán Ó Pronntaigh, eagarthóir na hirise, Pádraig Ó Baoighill, údar as Rann na Feirste agus Uachtarán na hirise, Máire Zepf, údar agus colúnaí, agus Gráinne Ní Ghilín, a phléifidh an tionchar a bhí ag an éirí amach in Éirinn ar chúrsaí san Ind.

Chomh maith leis na cainteoirí seo, beidh ceoltóirí den scoth le cloisteáil in Amharclann Shiobhán Nic Cionnaith i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste – John McSherry, Éamonn Ó Faogáin agus Cór Thaobh a’ Leithid ina measc.

Beidh ticéid ar fáil ag an doras. (£5/£3)


3) ACLAÍOCHT: ‘Gluaiseacht le Gaeilge’/ACLAÍ, Ionad Tráchtála Donnybrook, Corcaigh, Dé hAoine, 22 Aibreán, ag 7in, go ceann 6 seachtaine.

Gluaiseacht

Más maith leat cur chuige réabhlóideach i dtaobh na haclaíochta, bí páirteach sa chúrsa seo le hAinle Ó Cairealláin ina mbeidh sé ag roinnt a chuid saineolais i dtaobh na gluaiseachta.

Ní amháin go bhfuil buntáiste le baint as an chineál seo bogadh thart, molann Ainle é thar aon mhodh eile más suim leat a bheith sláintiúil, aclaí agus lúfar ar feadh do shaoil.

Le bliain anuas agus tuilleadh, tá Ainle ag foghlaim an modh seo gluaiseachta ón saineolaí Ido Portal agus is deis iontach é an cúrsa seo bunús maith a leagan síos. Beidh an cúrsa á reáchtáil i nGaeilge agus tá costas €150 air.

Tuilleadh eolais anseo.


4) SCANNÁN: ‘Fís na Fuiseoige’/An Taibhdhearc, An tSráid Láir, Gaillimh, Dé Sathairn, 23 Aibreán, ag 11rn.

Is scannán é seo a thugann léargas ar an nasc idir béaloideas agus filíocht na tíre seo agus an tírdhreach.

Scrúdaítear an ceangal idir an Duine agus an Dúiche mar a léirítear é i bhfilíocht agus i seanchas áitiúil na Gaeilge ó ré na bpágánach i leith.

€8 atá ar na ticéid. Tuilleadh eolais anseo.


5) MÓRSHIÚL: ‘Bloc na nGael: Saol Trí Ghaeilge Atá Uainn’ /Grand Central ar Shráid Uí Chonaill, BÁC, Dé Domhnaigh, 24 Aibreán, ag 12in.

Saol

Tá mórshiúl á eagrú i mBaile Átha Cliath an Domhnach seo mar chuid de Chomóradh na Saoránach ar Éirí Amach 1916 agus beidh bloc máirseála ag na Gaeil ann.

Is é an aidhm atá leis an mhórshiúl béim a chur ar ár gceart, 100 bliain tar éis an Éirí Amach, ár saol a chaitheamh trí mheán na Gaeilge.

Buailfidh an grúpa le chéile taobh amuigh den Grand Central ar Shráid Uí Chonaill, áit a raibh oifigí Chonradh na Gaeilge an chéad lá sna 1890idí.

Siúlfaidh an slua ó Ard-Oifig an Phoist go Reilig Ghlas Naíon, áit a ndéanfar leacht a tiomnú do laochra 1916.

Tuilleadh eolais anseo.

Éirímis!

SCÉALTA EILE