5 Imeacht Ghaelacha

siamsa-rnag


1) SEOLADH ALBAIM: Pauline Scanlon/Cultúrlann Uí Chanáin, Doire, Dé hAoine, 27 Bealtaine, ag 8in. 

Pauline Scanlon

Tá tús curtha ag Pauline Scanlon le camchuairt náisiúnta, agus a halbam nua Gossamer seolta aici.

Amhránaí aitheanta í Pauline, a bhfuil a cuid fréamhacha aici i gCiarraí Thiar.

Tá traidisiún amhránaíochta a ceantar dúchais le cloisteáil ina ceol binn, agus é á nascadh le stíleanna úrnua domhanda.

Is é seo an chéad albam aonair atá eisithe ag Pauline le deich mbliana anuas. Moladh Red Colour Sun go hard nuair a seoladh é.

Tuilleadh dátaí ar an chamchuairt anseo.


2) CLUB SCANNÁN: ‘Club Scannán Loch Lao’/Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, an Aoine, 27 Bealtaine, ag 7in.

Pearse

Beidh oíche mhór ag Club Scannán Loch Lao san oíche amárach agus Aindrias Ó Cathasaigh ar cuairt.

Beidh an staraí agus scríbhneoir aitheanta ag déanamh cainte faoi Phádraig Mac Piarais.

Taispeánfar clár faoi Phádraig Mac Piarais a bhí sa tsraith ‘Seachtar na Cásca’ a craoladh ar TG4, agus labhróidh Aindrias Ó Cathasaigh faoin fhear féin ina dhiaidh.

Beidh ceol beo agus greim bia ar fáil chomh maith.


5) CEOLCHOIRM: ‘Treelan’/ An tIonad Cultúrtha, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí, an Aoine, 27 Bealtaine ag 8.30in.

Treelan

Ná cailligí an grúpa seo sula dtéann siad i mbun camchuairte ar fud na cruinne!

Sárghrúpa é seo gan dabht ina bhfuil triúr ceoltóirí iad atá i mbarr a gceirde agus a nascann a gcuid stíleanna ceoil féin le chéile ar bhealach úr beoga bríomhar.

I measc na mball, aithneofar Martin Tourish a bhíonn ag bualadh ar an chairdín le hAltan fosta.

Tá duine de na cnaguirliseoirí is fearr in Éirinn, Éamonn Cagney, mar chomhghleacaí ag Martin sa ghrúpa Treelan, mar atá Niwel Tsumbe, a sheinneann giotár Congólach.


4) CRUINNIÚ NA mBARD: Cúirt na Suadh/ Tigh Tábhairne Christy, Lios Tuathail, Ciarraí, an Déardaoin, an 2ú Meitheamh, ag 5in.

simon

Beidh Cruinniú na mBard ar siúl i Lios Tuathail Déardaoin seo chugainn.

Is ceiliúradh é seo ar Phádraig Liath Ó Conchubhair go háirithe agus ar bhaird eile a bhíodh i mbun filíochta i Lios Eiltín fadó.

Is é Ó Conchubhair a bhí i bhfeighil ar thionóntaí na bhfilí san áit ar feadh i bhfad.

I measc na mbard a bheidh ag reacaireacht ag an ócáid beidh Simon Ó Faoláin, Seathán Mac an tSionnaigh, Bríd Ní Mhóráin, Paddy Bushe, Mícheál Ó Ruairc, Louis Mulcahy, Matt Ó Maonaigh, Ceaití Ní Bheildiúin, Pádraig Mac Fhearghusa agus Breandán Mac Gearailt.

Dán nó dhó an duine, dá rogha féin, atá i gceist don ócáid chaidrimh seo, móide réamhrá, más fonn, leis an reacaire.

Tá an ócáid seo mar chuid de Sheachtain na Scríbhneoirí i Lios Tuathail.

Tuilleadh eolais anseo.


5) FÉILE SCANNÁN: Féile Scannán na Réabhlóide/ Cois Fharraige, Indreabhán, Conamara, Co. na Gaillimhe, an 27–29ú Bealtaine

Feile

23 scannán ar fad a bheidh á dtaispeáint thar thrí lá an deireadh seachtaine seo ag Féile na Réabhlóide in Indreabhán, Conamara, Co. na Gaillimhe.
Scoth na scannán a bhaineann le hÉirí Amach na Cásca, 1916 agus le réabhlóidí eile ar fud na cruinne atá i gclár na féile.

Beidh Bob Quinn i láthair, stiúrthóir an chéad fhadscannán Gaeilge riamh. Tá Poitín ar na scannáin is tábhachtaí i stair scannánaíochta na hÉireann.

Léigh níos mó faoi anseo agus tá an clár iomlán ar fáil ó www.clubscannan.ie.


6) AN CABARET CRAICEÁILTE: ‘Cóisir Craiceáilte’ / Tí Hiúdaí Bhig, Gaoth Dobhair, Dé Sathairn 28 Bealtaine, 9.30in ar aghaidh.

maxresdefault

Ní bhíonn leithscéal a dhíth ag na Gaeil dul ag cóisireacht.

Ach tá cúis sa bhreis a bheith i láthair ag an gCabaret Craiceáilte an Satharn beag seo, agus iad i mbun ‘réamhchóisir Bréaglóid’! Tuilleadh faoi seo amárach!

HUP!

SCÉALTA EILE