5 Imeacht Ghaelacha

1) SEISIÚN CEOIL: An Seisiún Mór – 24 Uair lán ceoil agus craic / An Chrannóg, Srath na Corcra, Na Doirí Beaga, Dé Sathairn 25 Meitheamh ag 12in

An chrann

Is sa Chrannóg a bheidh ceol san aer Dé Sathairn agus ceoltóirí ag teacht le chéile chun seinm, gan stad, ar feadh 24 uair an chloig.

Beidh an grúpa spreagúil seo i mbun ceoil chun airgead a bhailiú ar son Otharlann na bPáistí ar Sráid an Teampaill agus Barda Péidiatraiceach Naomh Raphael in Otharlann Beaumont, BÁC.

Coinneofar an ceol ag imeacht ar feadh 24 uair an chloig ó mheán lae agus tá fáilte roimh cheoltóirí ar gach cumas páirt a ghlacadh!


2) CEOLCHOIRM: Beoga / Áras Éanna, Inis Oírr, Dé Máirt 28 Meitheamh ag 8in.

Beoga lar

Ceathrar tuaisceartach agus cailín Luimnigh, Niamh Dunne, atá sa ghrúpa Beoga, atá ar cheann de na bannaí traidisiúnta is fearr a tháinig chun cinn sa chéad seo, dar leis an Wall Street Journal!

Dar le NÓS gur deis iontach atá sa cheolchoirm seo Beoga a fheiceáil ar ardán ag an bhféile Craiceann agus é ráite ag Eamon Murray linn, drumadóir an bhanna, go dtagann slua bríomhar i gcónaí.

Tá albam nua-sheolta Before We Change Are Mind curtha amach ag Beoga le déanaí agus beidh rianta ón bhailiúchán nua á gcasadh acu.

Ticéad: €12 ar fáil anseo


3) FÉILE BIA: Féile Bia Chathair na Mart / Cathair na Mart, Maigh Eo, 24 – 26 Meitheamh

Westprt

Cuirigí bhur lámha san aer más maith libh bia! Gach duine? Cinnte!

Beidh ceiliúradh á dhéanamh ar an bhia atá ar fáil in iarthar na hÉireann agus sa domhan mór go deimhin ag Féile Bia Chathair na Mart.

Ná bígí ag ithe an iomarca ag am bricfeasta a chairde, mar go mbeidh neart le blaiseadh i gCathair na Mart le linn na féile seo.

Beidh ceardlanna bia, blaiseadh bia agus ceachtanna cócaireachta ar siúl chomh maith le haghaidh gach aoisghrúpa.

Is fiú go mór cúpla imeacht a roghnú i gclár na féile!


4) SEOLADH LEABHAIR: ‘An Piarsach agus 1916: Briathar, Beart agus Oidhreacht’ atá in eagar ag Gearóid Ó Tuathaigh / Ionad an Phiarsaigh, Ros Muc, Gaillimh, Déardaoin 30 Meitheamh, ag 8in

piarsach-1916

Mar chuid de Thionól na Gaeltachta a sheolfar an leabhar nua seo faoin Phiarsach, atá curtha in eagar ag an staraí Gearóid Ó Tuathaigh.

Bailiúchán de 12 aiste ó scríbhneoirí éagsúla atá sa leabhar a dhíríonn ar na gnéithe áirithe de shaol an Mhic Phiarais.

Craoladh na haistí ar Raidió na Gaeltachta i mbliana sa tsraith ‘An Piarsach agus 1916’ agus is tráthúil go mbeidh ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, Edel Ní Chuireáin, i láthair chun an leabhar a sheoladh.

Seolfar Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge ag an ócáid freisin. HUP!


5) CEOL AGUS EALAÍN: Taispeántas Ealaíne le Áine Ní Chíobháin & Ceol le Cian Ó Cíobháin / Áras Éanna, Inis Oírr, 2 Iúil ón 8.30in

Aine

‘Faoi Dhraíocht ag Ceol na Farraige’ is ainm don taispeántas nua seo le hÁine Ní Chíobháin, tógtha ó dhán ‘Na Blátha Cráige’ le Liam Ó Flaithearta.

Feictear tionchar thírdhreach agus áilleacht iarthar Chiarraí, ceantar dúchais Áine, go mór sa saothar seo.

Leanfar le seit le Cian Ó Cíobháin in Óstán Inis Oírr tar éis.

Áit a mbíonn Cian, bíonn damhsa agus agus scléip ag gabháil go dtí na huaireanta beaga mar sin bígí ullamh.

Níl aon costas ar an oíche ach iarrtar, más mian libh, síntiús a thabhairt don RNLI.

Tuilleadh eolais anseo.

SCÉALTA EILE