CEOL & MARGADH: Emma Ní Fhíoruisce & Margadh na Nollag / An Chrannóg, Srath na Corcra, Na Doirí Beaga, Dé hAoine, 11 Nollaig, 6in
Tá féasta na Nollag beartaithe sa Chrannóg inniu ó na 6 a chlog, tráth a mbeidh an t-amhránaí áitiúil Emma Ní Fhíoruisce – atá ar ghearrliosta Ghradaim Cheoil NÓS – i mbun ceoil agus margadh na Nollag sa tsiúl.
Cuirfidh Cór Mhuire, a bheas ar ardán ag 7in, go mór leis an atmaisféar Nollaigiúil chomh maith.
Bígí siúráilte go mbeidh blasanna go leor ar fáil, idir bhia agus dheochanna, mar aon le neart earraí ceardaíochta foirfe do bhronntanais na Nollag.
Tuilleadh eolais anseo.
DRÁMA: ‘Annie – an Ceoldráma’ / An Taibhdhearc, An tSráid Láir, Gaillimh, 12-20 Nollaig, 7.30i.n.
Stiúrtha ag Beartla M. Ó Flatharta, tá an léiriú spleodrach seo á chur i láthair ag cliar óg de chúigear is fiche, chomh maith le haisteoirí aitheanta ina measc Morgan Cooke, Linda Bhreathnach, Fionnuala Gygax, Eoghan Ó Loideáin, Niamh Ní Fhlatharta agus Maidhc P. Ó Conaola.
Bígí ag súil le hamhráin mhóra ón dráma a bheith á gceol i nGaeilge mar a mbeidh ‘Amárach’, ‘B’fhéidir’ agus ‘Tá an saol crua anseo’.
Tuilleadh eolais anseo.
MARGADH: Aonach Ceardaíochta na Nollag le Blackstaff Arts / Caifé Lúnasa, 44-46 Sráid an Rí, Béal Feirste, Dé Domhnaigh 13 Nollaig, 2in – 6in
Má tá tú ag cuardach bronntanas lámhdhéanta as an ghnách beir leat do sparán chuig margadh na Nollag seo, atá á reáchtáil ag Gaeil agus díograiseoirí ealaíne áitiúla.
Ar díol, beidh priontaí leis an fhile agus ealaíontóir Gearóid Mac Lochlainn, óna thaispeántas is déanaí ‘Línte Fánacha’, seodra le Lón Dubh (thuas) éadaí, earraí ceirmeacha, cácaí milse agus go leor leor eile!
SEÓ AONAIR: ‘The Man From Moogaga’ le hAindrias de Staic / Óstán Sunnybank, 68-70 Bóthar Gharraithe na Lus, Baile Átha Cliath 9, Dé Céadaoin, 16 Nollaig, 8in
Tabharfaidh an fuirseoir ildánach aghaidh ar an ardchathair chun a léiriú ilghnéitheach aonair á chur i láthair, a tharraingíonn ar a óige ag fás aníos in iarthar na tíre.
Seó spleodrach greannmhar a phléann le hábhar dáiríre é seo a thuill clú agus cáil d’Aindrias ag féilte timpeall na cruinne.
Bí siúráilte go mbeidh scoth na hoíche siamsa agus neart gáire i dteannta an fhir seo as Maigh Eo.
CÓISIR GHAELACH: An G-Spota le Rónán Ó Snodaigh & Dysania / Doyles, 9 Sráid an Choláiste, Baile Átha Cliath 2, Déardaoin, 17 Nollaig ó 9in
Ceol, craic agus scléip Ghaelach a ghealltar Tigh Doyle Déardaoin seo chugainn, áit a mbeidh bannaí eile atá ainmnithe do na Gradaim Cheoil: fear na mbuillí agus príomhamhránaí Kíla, Rónán Ó Snodaigh, agus racairí óga Oirialla, Dysansia, a bhris amach i saol na Gaeilge le scoth-eisiúint i mbliana ‘An Treo Eile‘.
Cóisir bhreá le Gaeil na hardcathrach.
Cad eile a bheadh uait chun tús a chur le séasúr na cóisireachta?
Mura raibh tú ag an G-Spota riamh, gabh ann!
Fáilte roimh chách agus tuilleadh eolais anseo.