1) ‘REIC agus GaelGÁIRÍ na Gaillimhe’/ Club Áras na nGael, Sráid Dhoimnic, Gaillimh, Dé hAoine, 15 Iúil ag 7in.
Beidh oíche mhór reacaireachta agus gháire ann i gclub Áras na nGael Dé hAoine, agus tá fáilte roimh chách a bheith páirteach ann.
Tá lucht féachana dílis meallta ag REIC agus GaelGÁIRÍ san ardchathair agus beidh siad ag súil le fáilte mhór ó mhuintir na Gaillimhe ar an chéad oíche riamh seo ag REIC san iarthar.
I measc na n-aíonna a bheidh ar stáitse ag REIC, beidh na filí Kevin Higgins, Seosamh Ó Guairim agus Anne Marie Kennedy; Cillian Ó Braonáin, scéalaí agus fuirseoir aitheanta as Corcaigh; agus na ceoltóirí MC Muipéad agus Emma Ní Chearúil.
Ina dhiaidh sin, leanfaidh an fuirseoir Áine Gallagher agus lucht Raidió Raiméis ar aghaidh leis an scléip ag GaelGÁIRÍ.
2) FÉILE CHEOIL: ‘Cuisle Chorca Dhuibhne’/ ionaid éagsúla sa Daingean, Ciarraí, 15-17 Iúil.
Rud éigin éagsúil don deireadh seachtaine?
Beidh cnaguirliseoirí ó mhórthimpeall na cruinne ag teacht le chéile sa Daingean ag an deireadh seachtaine don fhéile rithime Cuisle Chorca Dhuibhne.
Chomh maith le ciorcail drumadóireachta, ceardlanna bodhráin, cainteanna agus ceolchoirmeacha a bheidh a reáchtáil i rith an lae, beidh ceolchoirm ann le Riza (thuas) agus RITHIM, banna den scoth a bhfuil ceoltóirí as Gána, an Congó, Cúba agus an tSualainn ann.
Beidh an DJ Ben Ó Faoláin, léirmheastóir ceoil na hirise seo, i mbun seite i bPuball na Féile oíche Dé Sathairn. HUP!
3) GIG SLUA-CHISTITHE: Spats Colombo/ Club Áras na nGael, an Domhnach, an 17 Iúil.
Tá na Spatadóirí chun cuidiú le cúis iontach tráthnóna Dé Domhnaigh, tráth a mbeidh siad ar ardán Áras na nGael do cheolchoirm tiomsaithe airgid Raidió na dTreabh.
Is gig í seo chun airgead a shaothrú don stáisiún raidió pobail, Raidió na dTreabh, le go mbeidh siad in ann a stiúideo féin a thógáil.
Tá Raidió na dTreabh ar an bhfód le cúpla mí anois agus cláir ar ardchaighdeán i nGaeilge á gcraoladh air do mhuintir na Gaillimhe agus do phobal Gaeilge na tíre.
Is fiú teacht chun an ceol bríomhar a chloisteáil agus ceiliúradh a dhéanamh le lucht na dTreabh!
4) CAINT: ‘You are what you speak’/ Aula Maxima, Ollscoil na Gaillimhe, an Domhnach, an 17 Iúil ag 3.30in.
Pléifear cúrsaí féiniúlachta agus teanga ag sraith chainteanna i nGaillimh Dé Domhnaigh.
Beidh deis ag an lucht féachana tuairimí a chloisteáil ó Louis De Paor, Regina Uí Chollatáin agus Manchán Magan, daoine a bhfuil go leor machnaimh déanta acu ar an ábhar seo.
5) SIOMPÓISIAM: ‘Siompóisiam Sheosaimh Mhic Ghrianna’/Gaeláras Mhic Ardghail, Sráid an tSéipéil, Iúr Cinn Trá, 18-22 Iúil
Cuirfear tús le seachtain d’imeachtaí a dhíreoidh ar an mhórscríbhneoir Chonallach, Seosamh Mac Grianna, ar an tseachtain seo chugainn.
An ceangal a bhí ag Mac Grianna, as Rann na Feirste, le ceantar Oirialla is ea mórthéama na comhdhála.
Is é Seán Mac Labhraí a chuirfidh tús leis an chomhdháil, agus é ag díriú ar shleachta as saothar an údair.
Leanfar é sin le cainteanna, imeachtaí cultúrtha agus turais staire.
Chaith Mac Grianna go leor ama ag déanamh staidéir ar obair fhilí Oirialla an ochtú haoise déag, rud a bhí mar spreagadh ina shaothar féin.
Chun clárú nó chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le Seán Mac Labhraí ag seanrua1959@gmail.com
Idir an dá linn, cuirimis tús leis an spraoi le hamhrán ó Riza, a bheidh ag Cuisle Chorca Dhuibhne ag an deireadh seachtaine. Hup!