1) LÁ GAEILGE: Féile Lúnasa/ Ionad Cultúrtha Tí Chulainn, An tIúr, an Satharn, an 6 Lúnasa ó 9.30rn ar aghaidh.
Tá Lá Gaeilge beartaithe Tí Chulainn Dé Sathairn mar chuid d’Fhéile Fháinne Cnoc Shliabh gCuillinn.
Beidh ranganna ar siúl i rith an lae a fhreastalóidh ar gach leibhéal cumais.
Sa tráthnóna, beidh turais threoraithe á reáchtáil a dhíreoidh ar na filí atá luaite le ceantar Oirialla.
Bígí ag súil le dreas filíochta agus ceol le scoth na gceoltóirí ón gceantar an oíche chéanna.
2) CABARET: ‘Cabaret Craiceáilte’/ Tigh Hiúdaí Bhig, Gaoth Dobhair, an Satharn, an 6 Lúnasa.
Do na Tuaisceartaigh agus dóibh siúd atá sásta léim sa gcarr, is cinnte go mbeidh oíche den scoth an i dTeach Hiúdaí Dé Sathairn i dteannta lucht an Chabaret Chraiceáilte!
Tá an cabaret ar cheann de na himeachtaí is fearr i bhféilire na nGael agus ní haon eisceacht í an mhí seo.
Beidh func agus snagcheol ann le FatLip as Béal Feirste, mar aon le ceol bríomhar le Nuadán as Gaeltacht Phort Láirge, ceol traidisiúnta ó Thír na mBascach le GORA, agus seit le Caoimhín Mac Giolla Catháin, sárcheoltóir agus cumadóir as Béal Feirste.
Bí ann agus bí craiceáilte! Nó bí suaimhneach.
Tá fáilte roimh gach sórt ag an Chabaret.
3) CEOL: Bríd Harper, Dermot Byrne agus John Doyle/ Ionad Cultúrtha Duncairn, Béal Feirste, Aoine 5 Lúnasa ag 8in.
Tá clú bainte amach ag an triúr seo ó thaobh an cheoil de ina gcáil féin – agus le chéile, is tríréad damanta iad!
Is as Tír Eoghain ó dhúchas do Bhríd Harper, agus tá sí aitheanta mar dhuine d’fhidléirí móra na tíre.
Ina teannta beidh Dermot Byrne, iarbhall Altan as Dún na nGall ar an bhosca ceoil, agus an sárghiotáraí as Baile Átha Cliath, John Doyle.
Tabhair leat do dheoch féin agus bain súp!
4) DRÁMA: ‘Signatories’/ Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, an Aoine, an 5 Lúnasa ag 8in.
Táthar ag súil go mbeidh teach lán sa Chultúrlann don léiriú nua seo atá curtha le chéile do chomóradh 100 bliain Éirí Amach na Cásca 1916.
8 monalóg atá ann, scríofa ag ochtar scríbhneoirí aitheanta as Éirinn, ina measc Hugo Hamilton, Frank McGuinness, Éilís Ní Dhuibhne agus Joseph O’Connor.
Díríonn na monalóga ar na dearchtaí éagsúla a bhí ag sínitheoirí Fhorógra na hÉireann agus ag Elizabeth O’Farrell, ball de Chumann na mBan.
Tá an t-imeacht seo á reáchtáil mar chuid d’Fhéile an Phobail.
5) TURAS DEALBHADÓIREACHTA: ‘Conair Dhealbhadóireachta Chorca Dhuibhne’/ Corca Dhuibhne, an Déardaoin, an 8 Lúnasa ag 10rn.
Más maith leat rud éigin éagsúil a thriail an tseachtain seo, beifear ag dul ar chonair dhealbhadóireachta ar fud Chorca Dhuibhne Déardaoin seo chugainn mar chuid de Chibéal an tSamhraidh, sraith chainteanna agus shiúlóidí oidhreachta in Iarthar Chiarraí.
Baileoidh an grúpa le chéile ag 10rn ag Músaem Iarthar Chiarraí agus tá costas €5 ar an mbus.