5 Imeacht Ghaelacha

1) FLEADH CHEOIL: ‘Fleadh Cheoil na hÉireann/ Inis, Co. an Chláir, 14-22 Lúnasa.

fleadh a haon

Tá an t-am sin den bhliain buailte linn arís, a chairde, agus seans go mbeidh an ceann seo “ar an Fhleadh is fearr fós”, mar a deirtear gach bliain!

I bhfírinne, tá bunús maith leis an tuairim sin an iarraidh seo agus sceitimíní san aer mar gheall ar an fhleadh a bheith ag pilleadh go hInis den chéad uair ó bhí 1977 ann.

Bígí cinnte go mbeidh sráideanna na hInse beo bríomhar, le ceoltóirí i ngach cúinne den bhaile, i rith na seachtaine amach romhainn.

Anuas ar na ranganna agus ar na seisiúin, tá sraith cheolchoirmeacha den scoth curtha le chéile ag an lucht eagraithe.

I measc na n-ainmneacha aitheanta a sheinnfidh i rith na féile tá Martin Hayes, Siobhán Peoples, Kíla, Beoga agus Banna Céilí Chill Fhionnúrach. Hup!


2) REGATTA: ‘Regatta an Daingin/ Cuan Dhaingean Uí Chúis, 13-14 Lúnasa.

regatta

Dhá lá de ghéariomaíocht a bheidh i gceist i gcomórtais an Regatta idir togha na mbádóirí ó Chorca Dhuibhne agus Iarthar Chiarraí.

Beidh foirne ó Chontae an Chláir agus ó Dhún na nGall ag glacadh páirt sa Regatta chomh maith.

Deis a bhíonn sa Regatta taispeántas ar leith a fheiceáil de láimhseáil naomhóg cheithre sheas.

Beidh na foirne is oilte ag dul in iomaíocht lena chéile Dé Domhnaigh.

Beidh siamsaíocht ar fáil do pháistí chomh maith.


3) CEOL: Kíla agus Dysania ag Féile Cheoil Charraig Mhachaire Rois/ Carraig Mhachaire Rois, Muineachán, 12-14 Lúnasa.

dysania

Seoid bheag d’fhéile í seo atá ar siúl i Muineachán an deireadh seachtaine seo. Is í an fhís a bhaineann léi na healaíona a chur ar fáil do phobal fairsing na háite ar bheagán costas.

Cuirfear scoth na gceoltóirí as an cheantar chun stáitse i dteannta ainmneacha móra a bhfuil a clú agus cáil bainte amach acu.

Ábhar spéise ag na Gaeil is ea Kíla a bheith ar an phríomhstáitse, le meascán bríomhar de cheol Gaelach agus ceol domhanda, Dé Sathairn ar 10.30in.

Dé Domhnaigh ag 7.50in, rachaidh na racairí óga Dysania i mbun ceoil sa ‘Living Room’ le seit punc-rac as Gaeilge!


4) CEOL: Trad Tráthnóna – Ceoltóirí Thoraí/ Ionad Cois Locha, Dún Lúiche, Tír Chonaill, an Mháirt, an 16 Lúnasa. 

oilean

Mar chuid de shraith cheolchoirmeacha an tsamhraidh atá á reáchtáil gach oíche Dé Máirt in Ionad Cois Locha, Dún Lúiche, tá oíche speisialta cheoil beartaithe an tseachtain seo chugainn a dhéanfaidh ceiliúradh ar cheoltóirí Thoraí.

I measc na gceoltóirí a bheidh le cloisteáil ar an oíche tá an bheirt bhoscadóirí cáiliúla, Patsaí Dan Mac Ruaidhrí, Rí Thoraí, agus Pól Mac Ruaidhrí.

Chomh maith leis sin, beidh scata ceoltóirí óga ón oileán ag seinm freisin, ina measc Daniel Cullen, Donna Nic Laifeartaigh agus Lauren Ní Bhaoill.


5) CEOLCHOIRM: ‘Tunes in the Church/ Séipéal Úinitéireach Bhaile Átha Cliath, 112 Faiche Stiabhna Thiar, Baile Átha Cliath, 12-14 Lúnasa.

tim

Tá clár den scoth beartaithe do Tunes in the Church san ardchathair an deireadh seachtaine seo, tráth a chuirfear críoch i mbliana le ceolchoirmeacha an tsamhraidh sa Séipéal Úinitéireach.

Seo an chéad bhliain a raibh Tunes in the Church ar siúl i mBaile Átha Cliath.

Beidh an píobaire Páraic Keane i mbun ceoil Dé hAoine.

Rachaidh an fliúiteadóir Tim McHugh ar an ardán Dé Sathairn agus beidh fear na gconsairtíní, Cormac Ó Beaglaoich, agus bean an bhasúcaí, Libby McCrohan, ag seinm oíche Dé Domhnaigh.

Beidh damhsóir sean-nóis i mbun steipeanna gach oíche agus beidh deis ag an lucht éisteachta tabhairt faoi thuras treoraithe staire sa séipéal.

 

SCÉALTA EILE