1) COMHDHÁIL: ‘Cearta Teanga: Inné agus Inniu’ / Cultúrlann Uí Chanáin, Doire, Dé Sathairn, 20 Lúnasa
Déanfar cíoradh ar stair na bhfeachtas ceart teanga in Éirinn agus i gcéin ag an chomhdháil lae seo.
Pléifear ceist na gceart teanga sa lá atá inniu ann agus an méid is féidir linn a fhoghlaim ó phobail eile.
I measc na n-aoichainteoirí beidh Coimisinéir Teanga na Breataine Bige, Meri Huws, agus an Coimisinéir Teanga s’againne, Rónán Ó Domhnaill.
2) FÉILE: Fleadh Cheoil na hÉireann / Inis, Contae an Chláir, go dtí an 22 Lúnasa
Tá an Fhleadh faoi lán seoil i gContae an Chláir faoi láthair agus is cinnte go leanfar go spleodrach leis an cheiliúradh an deireadh seachtaine seo.
I measc na mbuaicphointí, tá céilithe ar siúl ar fud an bhaile agus beidh Aeradróm na Sionainne ag pléascadh le ceol le Stockton’s Wing agus Maura O’Connell, Mary Bergin, Cherish the Ladies agus níos mó thar an deireadh seachtaine.
Léim sa charr, a chairde, agus ná cailligí an Fhleadh in Inis!
3) FÉILE: ‘Liú Lúnasa 2016 / Béal Feirste, 24-28 Lúnasa
Beidh fáilte roimh an uile dhuine sa chathair cois cuan d’fhéile Liú Lúnasa, féile ealaíon ailtéarnach a bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga aici.
Is léir ón chlár iontach atá curtha le chéile acu go bhfuil lucht eagraithe Liú Lúnasa ag tógáil ar an imeacht a bhunaigh siad anuraidh.
Beidh ceolchoirmeacha ann le roinnt de na bannaí Gaelacha is mó sa tír, Bréag, IMLÉ, Boss Sound Manifesto agus Dysania ina measc.
Chomh maith leis sin beidh ióga, ceardlann gluaiseachta, drámaíocht, imeachtaí do pháistí, cainteanna agus eile ar siúl.
4) DRÁMA: Oileáin Árann le JM Synge / Oileáin Árann, Dé hAoine, 19-21 Lúnasa
Is dráma nua é seo bunaithe ar scríbhinní John Millington Synge faoin am a chaith sé ina chónaí ar Oileáin Árann.
Cuireadh an dráma seo ar an stáitse den chéad uair i mí Mheithimh anuraidh.
Tiocfaidh deireadh go cuí le camchuairt na bliana seo leis na trí sheó seo ar Oileáin Árann.
Is é Joe O’Byrne a chóirigh na scríbhinní don stáitse. Is dráma aonair é le Brendan Conroy, fear a bhfuil cleachtadh aige ar stáitsí móra na tíre.
Halla Rónáin, Inis Mór, Dé hAoine, an 19 Lúnasa ag 8.30in.
Halla Naomh Eoin, Inis Meáin, Dé Sathairn, an 20 Lúnasa ag 8.30in.
Áras Éanna, Inis Oírr, Dé Domhnaigh, an 21 Lúnasa, 8.30in. Ticéid €12/10.
5) FÉILE: ‘Féile an Droichid’ / Béal Feirste, 25-28 Lúnasa
Ní fada uainn Féile an Droichid, féile ealaíon atá á reáchtáil le hocht mbliana anuas agus atá ar na buaicphointí i bhféilire cultúrtha Bhéal Feirste.
Cuirfear tús spleodrach leis an fhéile Déardaoin seo chugainn le ‘Camino na Sáile’, oíche i dteannta criú inspioráideach Naomhóig na Tinte, Glen Hansard agus Breanndán Ó Beaglaoich ina measc.
Déanfar ceiliúradh ar an mhórthuras báid a rinne siad i mbliana as Éirinn go tuaisceart na Spáinne le ceol, amhráin agus caint.
B’fhiú a lua go bhfuil seó físiúil ‘The Pipes, The Pipes’, le scoth na bpíobairí, Maitiú Ó Casaide, John Tuohy agus Leonard Barry, á léiriú an oíche dar gcionn, Dé hAoine an 26 Lúnasa.
Is fiú ticéad a fháil roimh ré más maith leat dul chuig imeachtaí Fhéile an Droichid mar gur minic teach lán acu.