5 imeacht Ghaelacha!

FÉILE: Liú Lúnasa 2016 / Béal Feirste, 24-28 Lúnasa

dysania

Liú Lúnasa faoi lán seoil i mBéal Feirste faoi láthair agus an iliomad eachtraí Gaelacha ag tarlú in iarthar na cathrach. Is i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich a bheidh formhór mór na n-imeachtaí ar siúl.

Beidh cúpla ceolchoirm mhór ar siúl síos an bóthar, áfach, i Muileann Mhic Con Mhidhe.

Bígí ann i gcomhair Imlé, Boss Sound Manifesto, Gráinne Holland agus Nell Ní Chróinín Dé hAoine agus Bréag, Rís, Dysania (thuas), JJ Ó D, Emma Ní Fhíoruisce agus eile Dé Sathairn.

Amárach ag 4.30in beidh plé suimiúil ar siúl sa Chultúrlann faoi Mhalartú Cultúir idir Tír na mBascach agus Éire.

Beidh ceol agus bia traidisiúnta ón réigiún ar fáil chomh maith!


FÉILE: Féile na bhFlaitheartach / Inis Mór, 27-28 Lúnasa

feile

Seo an ceathrú huair a bhfuil an fhéile bhliantúil seo ar siúl chun ceiliúradh a dhéanamh ar bheirt scríbhneoirí radacacha, Liam Ó Flaithearta agus Tomás Ó Flaithearta.

Is é Fís 1916 téama na bliana seo.

Déanfar athbhreithniú ar an tionchar a bhí ag an Chéad Chogadh Domhanda agus ag Éirí Amach 1916 ar bhaile dúchais na beirte, deartháireacha as Inis Mór Árann.

Beidh léiriú stáitse ann le Máirín Mhic Lochlainn agus Aisteoirí Chois Fharraige den úrscéal dheireanach a scríobh Liam Ó Flaithearta, ‘Insurrection’, mar aon le himeachtaí eile.

Tuilleadh eolais anseo.


FEACHTAS / CÉILÍ: Sábháil Céim na Gaeilge! – Céilí Agóide / Ollscoil Uladh, Béal Feirste

agoid

Tá an ócáid seo á heagrú mar ágóid in aghaidh an chinnidh ag Ollscoil Uladh deireadh a chur lena cúrsa céime lánaimseartha sa Ghaeilge i gcampas Bhéal Feirste.

Is mór an t-ábhar imní é seo do phobal láidir Gaelach Bhéal Feirste a mheasann go gcuirfidh sé isteach go mór ar shaol Gaelach champas na hOllscoile sa chathair.

Tá fáilte roimh an uile dhuine ag an chéilí seo. Tugaigí libh bhur gcuid uirlisí ceoil agus comharthaí agóide más mian libh!

Munar féidir leat a bheith i láthair, is féidir leat cabhrú leis an fheachtas ar bhealaí eile.

Sonraí le fáil anseo.


TAISPEÁNTAS: Athbheochan na Gaeilge agus 1916 / Músaem Chorca Dhuibhne, Baile an Fheirtéaraigh, Ciarraí, go dtí an 28 Lúnasa

galgreine

Tugann an taispeántas grianghrafadóireachta seo léargas ar dhul i léig agus athbheochan na Gaelainne ar fud na tíre.

Tá sé ar cheann den iliomad imeachtaí Gaelacha atá ag tarlú ar fud na tíre mar chuid de Sheachtain na hOidhreachta, a dtiocfaidh deireadh léi Dé Domhnaigh.

Tuilleadh eolais le fáil anseo.


CEOL: Na Latchikos ag Féile Fréamhacha Dhúlainn / Óstán Dhúlainn, Contae an Chláir, an 27 Lúnasa ag 8in

pic1

Beidh Aindrias De Staic agus Na Latchikos ar an stáitse an Satharn beag seo ag Féile Fréamhacha agus Beorach Dhúlainn! Is cinnte go gcuirfidh siad fonn damhsa ar an slua lena stíl uathúil ‘Gyp-Hop’ – ceol na ngiofóg Gaelach!

Beidh leitheidí an Booka Brass Band agus na Clandestinos ag seinm chomh maith, agus beidh neart sólaistí blasta ann.

Beidh Na Latchikos ag seinm ag féile mhór na Picnice Leictrí an deireadh seachtaine dar gcionn.

SCÉALTA EILE