1) FÉILE: An Puball Gaeilge ag an Phicnic Leictreach / An Sráidbhaile, Contae Laoise, 2-4 Meán Fómhair.
Beidh lucht na picnice ag tabhairt aghaidh ar an tSráidbhaile, Co. Laoise ón lá inniu ar aghaidh le haghaidh deireadh seachtaine lán spraoi.
Má tá sibh i measc na ndaoine ádhúla a bhfuil ticéad acu, bígí cinnte agus cuairt a thabhairt ar an Phuball Gaeilge, sa Mindfield, óir is ann a bheas na Gaeil ag cruinniú le chéile.
I measc na mbuaicphointí i mbliana tá Aindrias De Staic, Fíbín, MC Muipéad, Karaoke na nOchtóidí i nGaeilge Google (chomh casta agus chomh spraíúil is a shamhlófá é a bheith!), Reic, GaelGÁIRÍ, an Cabaret Craiceáilte agus Siamsa NÓS.
2) CÓISIR: Cóisir an Chlub Gaeilge / An Crúiscín Lán, an Spidéal, Co. na Gaillimhe, Dé Sathairn, an 3 Meán Fómhair ag 9in.
Beidh Club Gaeilge an Spidéil ag teacht le chéile oíche Dé Sathairn chun ceiliúradh a dhéanamh ar fheachtas rathúil sluachistithe.
Bhailigh an club os cionn €2,000 le déanaí agus caithfear an t-airgead ar theagascóirí, leabhair agus ábhar foghlamtha don bhliain amach romhainn.
Bíonn ranganna, oícheanta scéalaíochta agus eile á reáchtáil ag Club Gaeilge an Spidéil i gcaitheamh na bliana.
Tá fáilte roimh gach duine de gach cumas sa Ghaeilge chuig an chóisir.
Beirigí libh uirlisí ceoil agus bróga damhsa, gan dabht!
3) TAISPEÁNTAS: ‘Contae Dhún na nGall i 1916′ / Músaem Dhún na nGall, Leitir Ceanainn, go dtí deireadh mhí na Nollag.
Is fiú go mór an taispeántas seo a fheiceáil. Díríonn sé ar mhuintir Dhún na nGall le linn na bliana cinniúnaí, 1916.
Tá Músaem Chontae Dhún na nGall suite i seanfhoirgneamh cloiche a bhí mar chuid de Theach na mBocht i Leitir Ceanainn tráth.
Agus tú ann, is fiú am a chaitheamh ag breathnú ar a bhfuil bailithe i gCartlann Scannán an Iarthuaiscirt agus i gCartlann Scannán agus Raidió Oileáin Dhún na nGall chomh maith.
Ar oscailt don phobal: Luan go hAoine 10rn – 4.30in, Satharn 1in – 4.30in.
4) CEOL: Alan Kelly le Eddi Reader agus John Douglas / An tSean-Eaglais, Doire, an Domhnach, an 4 Meán Fómhair.
Oíche spleodrach cheoil i suíomh álainn na Sean-Eaglaise a bheidh ann Dé Domhnaigh nuair a thiocfaidh
The Alan Kelly Gang, buíon thraidisiúnta, Eddi Reader, amhránaí aitheanta as Albain, agus an giotáraí agus cumadóir ceoil John Douglas le chéile ar an stáitse.
Tá gradaim go leor bronnta ar na ceoltóirí seo a bhíonn ag dul do sheánraí éagsúla, agus is cinnte go mbeidh ardoíche ann.
5) FÉILE: Féile Trad an Daingin / Daingean Uí Chúis, Ciarraí, 8 -11 Meán Fómhair.
Déardaoin seo chugainn a chuirfear tús le ceann de na féilte móra i bhféilire an cheoil thraidisiúnta.
Anuas ar na ceolchoirmeacha agus ar na ranganna ceoil le Muireann Nic Amhlaoibh, Damien Mullane, Seán O’Meara, Siobhán Manson agus daoine eile nach iad, beidh seisiúin cheoil ar siúl ar fud an bhaile, mar aon le ceardlann damhsa le damhsóirí aitheanta an Daingin, James Devine agus David Geaney ó Velocity.