5 Imeacht Ghaelacha

1) FÉILE: Féile Cheoil Larry Reynolds Béal Átha na Sluaighe, Gaillimh  9-11 Meán Fómhair.

alan

Is í seo an 3ú bliain a bhfuil ceol an fhidléara Larry Reynolds á cheiliúradh san fhéile seo.

Rugadh Larry gar do Bhéal Átha na Sluaighe, Co. na Gaillimhe agus chuaigh sé ar imirce go Bostún sna Stáit Aontaithe.

Tá sraith bhríomhar d’imeachtaí ceoil leagtha amach ar fud an bhaile an deireadh seachtaine seo.

Dé Sathairn reáchtálfar den chéad uair Craobh Éireann Larry Reynolds d’fhidléirí faoi 18 mbliana d’aois.

Beidh Alan Kelly agus a chairde (thuas) ag seinm i Halla na Cathrach anocht, Dé hAoine, agus seolfar an chéad albam le Gatehouse, grúpa nua i ndomhan an cheoil thraidisiúnta, dar teideal ‘Tús Nua’ Dé Domhnaigh.


2) DRÁMA: Luíse / Scoil Bhríde, Raghnallach, BÁC, 8-10 Meán Fómhair.

luise

Is dráma nua é seo bunaithe ar shaol Luíse Ghabhánach Ní Dhufaigh a bhunaigh Scoil Bhríde i Raghnallach, an chéad Ghaelscoil sa tír.

Beidh an dráma á léiriú i Scoil Bhríde féin.

Throid Luíse ar son cearta vótála a thabhairt do mhná na tíre agus bhí sí in Ard-Oifig an Phoist i rith Éirí Amach na Cásca, 1916.

Is í Hilary Bowen Walsh a bheidh i bpáirt Luíse. Tá an drama faoi stiúir Celia de Fréine.


3) FÉILE: Féile Shionainne & Féile Chleamhnais Lios Dúin Bhearna / Sionainn, Co. an Chláir, 9-11 Meán Fómhair.

teaghlach

Is deireadh seachtaine maith é seo chun cuairt a thabhairt ar Chontae an Chláir.

Tá dhá fhéile mhóra ag tarlú ann an deireadh seachtaine seo: Féile Chleamhnais Lios Dúin Bhearna dóibh siúd atá ar tóir an ghrá, agus Féile Shionainne, ar féile úrnua í.

Líonfar sráideanna Shionainne le scoth an cheoil agus na siamsaíochta a rachaidh i bhfeidhm ar óg agus aosta.

Díograiseoirí cultúir Shionainne atá ag reáchtáil na féile seo agus tá cead isteach sna himeachtaí ar fad saor in aisce. HUP!


4) CEILIÚRADH: 25 Bliain – Coláiste Feirste /Béal Feirste, Déardaoin, an 15 Meán Fómhair ag 7in.

colaiste

Is é Coláiste Feirste an t-aon mheánscoil Ghaeilge i mBéal Feirste agus beidh ceiliúradh á dhéanamh Déardaoin seo chugainn ar an gcoláiste a bheith 25 bliain ar an bhfód.

Tiocfaidh iardhaltaí, daltaí reatha, múinteoirí agus pobal na scoile le chéile d’oíche speisialta i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich.

Beidh taispeántas ealaíne ann le daltaí Choláiste Feirste agus beidh iarsmaí éagsúla ó stair na scoile ar taispeáint chomh maith.


5) CEOL: Cór Chois Cladaigh /Séipéal San Nioclás, Gaillimh, an Domhnach, an 11 Meán Fómhair ag 8in.

cor

Tá taithí na mblianta ag baill an chóir seo ar a bheith ag ceol le chéile, rud atá le brath ina gcuid amhránaíochta.

Díríonn an cór ar cheol Eorpach ó dheireadh an 15ú haoise go tús na 16ú haoise agus tarraingíonn siad ó stór nua córúil a bhaineann le hÉirinn, le Críoch Lochlann, le hoirthear na hEorpa agus le tuaisceart Mheiriceá.

Beidh roinnt ball den Galway Jazz Ensemble i dteannta Chór Chois Cladaigh don léiriú seo.

Is doiligh áit níos fearr ná Séipéal San Nioclás a shamhlú le haghaidh a leithéid seo de cheolchoirm.

Bíodh deireadh seachtaine den scoth agaibh!

SCÉALTA EILE