5 Imeacht Ghaelacha

1) SEOLADH ALBAIM: ‘North’ le Conor Caldwell agus Danny Diamond/Ionad Ealaíon Duncairn, Bóthar Aontroma, Béal Feirste, Déardaoin, an 21 Deireadh Fómhair.

conor

Beirt fhidléirí as Béal Feirste ó dhúchas iad Conor Caldwell agus Danny Diamond atá ag seinm le chéile le blianta anuas.

Is é ‘North’ an chéad chnuasach atá eisithe acu i dteannta a chéile agus, mar a thugann an teideal le fios, tá blas tuaisceartach ar a gcuid ceoil agus tá stór breá tiúineanna acu ón taobh sin tíre.

Gealltar sár-oíche sa Duncairn amárach ag ceolchoirm seolta an albaim. Beidh deis ag muintir Dhún na nGall iad a fheiceáil beo in John the Miner’s, an Charraig oíche Shathairn.


2) COMÓRADH: ‘Comóradh Mháirtín Uí Chadhain’ / Reilig Chnoc Iaróm, Baile Átha Cliath, Dé Sathairn, an 22 Deireadh Fómhair ag 1in.

mairtin

‘Is mise stoc na Cille; éistfear le mo ghlór!’

Tá an líne úd ar cheann de na línte is aitheanta san úrscéal is mó cáil le Máirtín Ó Cadhain, Cré na Cille, ina mbíonn na mairbh faoin gcré i mbun cainte lena chéile.

Is iontach, mar sin, go bhfuil an comóradh á dhéanamh san áit ar cuireadh corp an scríbhneora féin.

Tá an ócáid seo á heagrú ag an ghrúpa Éirígí, agus beidh cainteoir ón ghrúpa Misneach ag déanamh na príomhóráide.


3) TAI CHI: Tai Chi as Gaeilge / 22 Port Uí Shúilleabháin, Corcaigh, gach Luan, 7 – 8in.

taichi

Is ealaín troda é Tai Chi a bhfuil a chuid fréamhacha i gcultúr na Síne. Tá an iliomad buntáistí leis óir cothaíonn sé meabhairshláinte mhaith agus corp folláin.

Is ag Gael-Taca a bhíonn na ranganna seo gach Luan.

Bígí ann chun an aclaíocht ársa seo a chleachtadh i do theanga ársa féin!

Tuilleadh eolais le fáil ó eolas@gael-taca.com


4) FÉILE: Féile Pheadair Joe Haughey / An Creagán, Tír Eoghain, go dtí an Domhnach.

muintirTá Féile Pheadair Joe Haughey ar siúl go fóill agus scoth na n-imeachtaí á reáchtáil thar an deireadh seachtaine.

Ina measc, tá ceardlann amhránaíochta leis an amhránaí mór sean-nóis Lillis Ó Laoire Dé hAoine ag 7.30in.

Leanfar le hoíche airneáin le hamhránaithe traidisiúnta na háite.

Dé Sathairn, díreofar ar an gceangal idir Tír Eoghain agus Albain.

Scéalaí mór a bhí i bPeadar Joe agus is iontach go mbeidh Damian Ó Dónaill agus Bríd Anna Ní Bhaoill i mbun scéalaíochta oíche Dé Domhnaigh, tráth a thabharfar an fhéile chun críche.


5) GAELGÁIRÍ: Tommy Tiernan agus Al Porter as Gaeilge Redbox, An Fhaiche Mhór, Gaillimh, Dé Domhnaigh, an 30 Deireadh Fómhair ag 5in.

al

Le go mbeidh sibh ullamh, a chairde, seo súil chun tosaigh ar mhórimeacht grinn GaelGÁIRÍ a bheas ag tarlú an deireadh seachtaine seo chugainn.

Beidh Tommy Tiernan, Al Porter agus Micheal Mee, atá i measc na bhfuirseoirí is mó le rá sa tír, ag cur jócanna i láthair na nGael i nGaillimh ag deireadh na míosa.

D’éirigh go hiontach le Al Porter anuraidh nuair a rinne sé a chéad ghig i nGaeilge ag an bhféasta grinn céanna.

Seo an chéad uair ag Tommy a bheith ar ardán GaelGÁIRÍ agus is cinnte go meallfaidh sé slua mór.

Murar leor sin, beidh greann den scoth ann freisin le hÁine Gallagher, Martin Angolo, Aideen McQueen agus Raidió Ráiméis Beo (Andy Ó Faoláin, Eoin P. Ó Murchú agus Seán T. Ó Meallaigh).

Tá an t-imeacht á eagrú mar chuid den Vodafone Comedy Carnival agus beidh sé ar siúl sa Red Box ar an bhFaiche Mhór.  Ticéid €12 / €8 do mhic agus iníonacha léinn.

SCÉALTA EILE