5 imeacht Ghaelacha

siamsa-rnag


OÍCHE GHRINN: GaelGÁIRÍ/Club Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, BÁC, anocht Dé hAoine, 18 Nollaig, doirse oscailte ag 8i.n.

Gael

Beidh réalta GaelGÁIRÍ ag teacht le chéile san ardchathair anocht do ghig na Nollag agus fáilte roimh chách a bheith i láthair don oíche mhór spraoi seo.

Bí ag súil le haghaidheanna úra mar aon le fuirseoirí aitheanta an chlub agus aíonna speisialta eile, ina measc Andréa Farrell, ó The Lads of Comedy – Republic of Telly – Martin Angolo, Eoin P. Ó Murchú, Andy Ó Faoláin, Eve Darcy agus Laura Byrne.

Más gáire atá uait, beidh go leor de anseo!


OÍCHE CHEOIL: ‘Club@45’/Áras na nGael, 45 Sráid Dhoiminic, Cathair na Gaillimhe, anocht Dé hAoine, 18 Nollaig, 10i.n.- ar aghaidh.

Club aras na nGael

Oíche cheoil domhanda atá geallta i gclub Gaelach na Gaillimhe anocht i dteannta DJ an tí, DJ Slick Normal agus aíonna eile.

Bí ag súil le funk, hip-hop agus buillí domhanda a chuirfidh an corp ag bogadaí ar an urlár damhsa isteach sna huaireanta beaga.

Saor isteach roimh 10.30i.n./€4 tar éis.

Tuilleadh eolais anseo!


FÉILE:’Féile Ghaeilge na Nollag’/Club Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, BÁC, Dé Sathairn, 19 Nollaig, 11r.n. ar aghaidh.

FeilenanGael

Leanfar leis an chraic i gclub an Chonartha i mBÁC Dé Sathairn agus scoth na féile Gaeilge á reáchtáil ó mhaidin.

Ceardlanna ióga agus lámhchleasaíochta a chuirfidh tús leis an lá agus beidh rí an taois – Conall ó Zero Zero – ag ullmhú píotsa blasta déanta san oigheann do na Gaeil ocracha ina dhiaidh.

I measc na mbuaicphointí eile, beidh leabhair agus táirgí Gaeilge á ndíol, beidh caint leis an scríbhneoir Liam Mac Cóil agus le heagarthóir na hirise seo Tomaí Ó Conghaile, gan dearmad a dhéanamh ar chuairt ón fhear mór é féin, Daidí na Nollag.

Cuirfear críoch leis an scléip le hoíche blaiseadh beorach, a thosaíonn ag a 7.30i.n sa chlub.

Craic agus spraoi don teaghlach go léir!

Tuilleadh eolais anseo.


TAISPEÁNTAIS: ‘Bailiúchán grianghraf le Caoimhín Mac Giolla Catháin & taispeántas ealaíne ‘Na Garbhchríocha’ le Cathal Póirtéir’/An Chultúrlann, 215 Bóthar na bhFál, Béal Feirste.

Caoimhin

Tá féasta ealaíne sa Chultúrlann Dé Sathairn ó 11r.n., tráth a mbeidh grianghraif leis an Fheirsteach ildánach Caoimhín Mac Giolla Catháin – príomhamhránaí Bréag – ar taispeántas agus ar díol.

Priontaí d’ardchaighdeán suaite i bhfrámaí a tógadh ina chathair dhúchais agus in áiteanna eile, a bheadh foirfe do bhronntanais Nollag.

Ná déan dearmad go bhfuil taispeántas le Cathal Póirtéir i nDánlann Dillon go fóill, ina bhfuil bailiúchán pictiúr de thírdhreachanna i nGaeltachtaí na hAlban agus na hÉireann.

Is fiú an chuairt!


FÉILE: Féile Ghrianstad an Gheimhridh & siúlóid/caint le Dermot Somers/Páirc Foraoise Shliabh gCuillinn, Bóthar Dhroim an Tí, Ard Mhacha, 19-22 Nollaig. 

Slieve Gullion

Beidh ceiliúradh ar an lá is gairide agus an oíche is dorcha sa bhliain in Ard Mhacha thar an deireadh seachtaine le siúlóidí ‘síoga’ treoraithe go tuama pasáiste ar bharr Shliabh gCuillinn, an ceann is airde in Éirinn.

Gach bliain le linn Ghrianstad an Gheimhridh, lasann solas luí na gréine an seomra taobh istigh den tuama pasáiste.

Gach lá go dtí an 22 Nollaig, beidh siúlóid á reáchtáil ó 2.30.i.n- 5.30i.n, agus Dé Luain, 21 Nollaig, beidh an scríbhneoir, craoltóir agus sléibhteoir mór le rá Dermot Somers ann chun siúlóid a threorú i nGaeilge.

Leanfaidh sé le caint ag 6i.n. faoi theideal ‘Eachtraíocht in Éirinn agus i gCéin’.

Ní amháin go bhfuil mullach Everest bainte amach ag Dermot ach tá an Sahára agus cuid mhaith d’Éirinn siúlta aige.

Tuilleadh eolais anseo.


SCÉALTA EILE