5 Imeacht Ghaelacha

1) OÍCHE CHEOIL AGUS FILÍOCHTA: ‘Tóg an Mic‘ / Áras Scríbhneoirí na hÉireann, Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath, Dé hAoine, an 28 Deireadh Fómhair ag 7in.

lareileeile

Déanfar ceiliúradh ar an bhfocal labhartha, ar fhilíocht, ar cheol agus ar ghreann na Gaeilge oíche Dé hAoine in Áras na Scríbhneoirí.

Rossa Ó Snodaigh a bheas mar fhear an tí ar an oíche agus tabharfaidh sé cuireadh chun stáitse do Chaitlín Nic ĺomhair, Inni-K, Marcus Mac Congháil, Philip Cummings, Brian Hogan agus Colm Ó Snodaigh.

Oíche mhaidhc oscailte í seo, mar sin beidh deis ag an lucht féachana dul ar an ardán chomh maith.

Moltar síntiús €5 a thabhairt más mian leat, agus is féidir leat do chuid deochanna féin a thabhairt leat.

Tá an-oíche geallta i measc na nGael breá ealaíonta seo!


2) CEILIÚRADH: TG4XX BEO /Ionad Cois Locha i nDún na nGall agus Tigh Pháidí Uí Shé i gCorca Duibhne, Dé Luain, an 31 Deireadh Fómhair.

tg

Tá TG4 ag ceiliúradh 20 bliain ar an bhfód agus tá clár spleodrach ceolmhar curtha le chéile acu le haghaidh Oíche Shamhna.

Lárnach sa cheiliúradh tá fiche neach draíochtúil atá á gcruthú go speisialta don ócáid. Coinnígí súil amach dóibh má tá tú ar shráideanna na Gaillimhe ag an deireadh seachtaine.

Chomh maith leis an gcóisir a bheas á craoladh beo ó phuball sa Quad in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, tá fearadh na fáilte roimh dhaoine a bheith páirteach sna himeachtaí ceiliúrtha i nDún na nGall agus i gCiarraí.

Beidh tús á chur leis an scléip ag 8.30in i dTigh Pháidí Uí Shé i gCorca Dhuibhne agus beidh scoth an cheoil ann le Nell Ní Chróinín, Polca 4, Séamas Ó Beaglaoich, Méabh Ní Bheaglaoich, Seán Ó Liatháin, Eoiní Maidhcí Ó Suilleabháin agus rinceoirí seite.

Ag an am céanna in Ionad Cois Locha, Dún Lúiche, beidh laochra móra ceoil an cheantair ag teacht le chéile, ina measc Mairéad Ní Mhaonaigh, Eve Belle agus Emma Ní Fhíoruisce.

Is cinnte go mbeidh ardoíche ann ó thuaidh, ó dheas agus ar fud na tíre uile!
Go maire sibh na céadta eile TG4!


3) FÉILE: Liú na Samhna/ Cumann Chluain Ard,Cumann Chluain Árd, 27-43 Sráid na Sceiche,
Béal Feirste, an 29 Deireadh Fómhair.

dress

Bhí an-ráth ar Fhéile Liú Lúnasa, a reáchtáil Gaeil óga Bhéal Feirste, ag deireadh an tsamhraidh, agus táthar ag súil anois go mór leis an teacht le chéile ar an 29 Deireadh Fómhair i gCumann Chluain Ard.

Beidh lá go hoíche agus oíche go maidin ann ag ceiliúradh féile na Samhna. Beidh Liú na Samhna ar siúl do pháistí 3-5i.n.

Beidh dioscó, scéalaíocht, filíocht, cluichí Samhna agus neart eile ar bun.
San oíche, nuair atá na siógaí ag spraoi agus na taibhsí ina suí, beidh Liú na Samhna 18+ ar siúl.

Beidh neart imeachtaí éagsúla ag dul ar aghaidh: cluichí Samhna, céilí bréagéide, DJ agus duaiseanna do na daoine is fearr gléasta. Cuirfear fáilte Fheirsteach roimh chách ag an ócáid seo! Tuilleadh eolais: cuardaigh ‘Liú na Samhna’ ar Facebook.


4) MÓRSHIÚL: Macnas / Gaillimh Dé Domhnaigh ar an 30 Deireadh Fómhair @ 5.30in agus Baile Átha Cliath ar an 31 Deireadh Fómhair @ 5.30in.

macnas

Ní bheadh ceiliúradh ceart Oíche Shamhna ann gan Macnas a bheith ag scaipeadh a ndraíochta ar shráideanna na Gaillimhe agus na hardchathrach.

Is iad grá agus caillteanas téamaí mhórshiúlta na Samhna agus tá taispeántas spleodrach osnádúrtha geallta a chuirfidh splanc cheart le himeachtaí na féile.

Tá fáilte roimh chách ag na hócáidí seo, atá saor in aisce. Tá lucht Macnas ag iarraidh ar an bpobal an feisteas is scanrúla atá acu a chur orthu agus a bheith páirteach sa scléip!


5) OÍCHE GHRINN: ‘Al Porter agus Tommy Tiernan’/Red Box, An Fhaiche Mhór, Dé Domhnaigh, an 30 Deireadh Fómhair.

al

Tá na ticéid ag imeacht go gasta don ócáid seo ina dtabharfar le chéile Tommy Tiernan, Al Porter, Micheal Mee agus fuirseoirí GaelGÁIRÍ le haghaidh oíche mhór ghrinn i gCathair na dTreabh.

D’éirigh go hiontach le Al Porter anuraidh nuair a rinne sé a chéad ghig i nGaeilge ag an bhféasta grinn céanna.

Seo an chéad uair ag Tommy a bheith ar ardán GaelGÁIRÍ agus is cinnte go meallfaidh sé slua mór.

Murar leor sin, beidh greann den scoth ann freisin le hÁine Gallagher, Martin Angolo, Aideen McQueen agus Raidió Ráiméis Beo (Andy Ó Faoláin, Eoin P. Ó Murchú agus Seán T. Ó Meallaigh).

Tá an t-imeacht á eagrú mar chuid den Vodafone Comedy Carnival.

Ticéid €12 / €8 do mhic agus d’iníonacha léinn.

Bíodh deireadh seachtaine taibhsiúil agaibh go léir óóóóóooooo!

SCÉALTA EILE