5 imeacht Ghaelacha

1. FÉILE: Oireachtas na Samhna / Cill Airne, Ciarraí, 2 – 6 Samhain

onas16

Tá Oireachtas na Samhna ar ais arís i gCill Airne na Ríochta i mbliana, agus tá pobal na Gaeilge cheana féin ag teacht ó chóngar agus ó chéin le haghaidh craic agus spraoi na féile.

Ní gá a rá le léitheoirí NÓS gurb í an áit níos fearr ar dhroim an domhain chun léargas a fháil ar chultúr na nGael agus chun páirt scléipeach a ghlacadh ann… agus coinnígí súil amach do Nósadóirí eile agus sibh thíos ann!

Clár iomlán le fáil anseo.


2. CEOLCHOIRM: Seo Linn / Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Béal Féirste, Dé hAoine 4 Samhain, 8.30in

seo-linn

Beidh an grúpa aitheanta Seo Linn ag seinnt i mBéal Féirste ag an deireadh seachtaine.

Banna beoga é seo a tháinig le cheile i gColáiste Lurgan, Conamara, ar ndóigh agus tá go leor déanta acu le cúpla bliain anuas chun an Ghaeilge a spreagadh i measc daoine ar fud na tíre.

Tá snas curtha acu ar a stíl éirimiúil spraíúil agus tá an-chraic geallta leo i dtuaisceart Bhéal Feirste.


3. DRÁMA: Fornocht Do Chonac / Cill Airne, Ciarraí & Amharclann na Mainistreach, BÁC, Mí na Samhna

fornocht-do-chonac

“Fornocht do chonac thú, a áille na háille, is do dhallas mo shúil ar eagla go stánfainn.”

Tá an dán sin mar chuid den saothar is áille a scríobh Pádraig Mac Piarais.

Tugtar chun solais é sa léiriú seo de chuid na Taibhdheirce i mbealach a thugann léirmhínithe éagsúla ar an chiall atá taobh thiar d’fhocla fileata an Phiarsaigh.

Is féidir an dráma cumhachtach seo, scríofa ag Eoghan Ó Tuairisc, a fheiceáil ag Oireachtas na Samhna, 3-4 Samhain, nó beidh deis eile ann in Amharclann na Mainistreach, Baile Átha Cliath, 9-12 Samhain.


4. SEOLADH: Seoladh albam IMLÉ / The Bello Bar, Baile Átha Cliath, Déardaoin 10 Samhain, 8in

Bhuaigh an grúpa seo ‘Nuíosach na Bliana’ ag Gradaim NÓS ag tús na bliana agus tá a meascán de rap Gaelach, filíocht agus rithimí bríomhara ag dul i bhfeidhm ar an lucht éisteachta ó shin.

Aimníodh IMLÉ as an am mistéireach sin idir 2 agus 6 ar maidin: Am na síthe, na gcruthaitheoirí agus na reibiliúnach.

Tá a stíl féin uathúil ag na leaids, agus i bhfianaise an fhíseáin thuas a d’fhoilsigh siad de cheann dá dtraiceanna nua, is cinnte gur albam spreagúil a bheas sa chéad eisiúint seo uathu.


5. PLÉ: Parlaimint na nDán / Seanscoil Shailearna, Indreabhán, Co. na Gaillimhe, Dé Sathairn 12 Samhain, 11rn

piarsach

Beidh Páraic Breathnach ina Cheann Comhairle ar an bParlaimint seo ina bpléfar tionchar Chomóradh 1916 ar shaothar an ealaíontóra.

Déanfaidh na fís-ealaíontóirí Nuala Ní Fhlathúin agus Eoin Mac Lochlainn, an drámadóir Diarmuid de Faoite agus an cóireagrafaí Ríonach Ní Néill cur i láthair faoi shaothar úr a chruthaigh siad mar chuid den chomóradh, agus cuirfear fáilte roimh cheisteanna ón lucht féachana.

 

SCÉALTA EILE