1) FÉILE: Féile na Mí / Ráth Cairn, Co. na Mí, 18 – 19 Samhain
Idir scoth na cuideachta, an cheoil agus na hamhránaíochta, is cinnte go mbeidh am iontach in ann don té a thugann aghaidh ar Ráth Chairn Glas na Mí an deireadh seachtaine seo.
Tá cáil ar an cheantar beag seo as a líon mór amhránaithe agus damhsóirí seán-nóis agus is seoid bheag d’fhéile í seo a dhéanann ceiliúradh ar thallann mhór na háite agus a mheallann ceoltóirí agus amhránaithe ó chuile chearn den tír le bheith páirteach sa scléip.
Reáchtálfar comórtais éagsúla sa sean-nós ón Aoine ar aghaidh agus leanfar leis an chóisireacht i gClub na Féile isteach sna huaireanta beaga.
Léim sa charr!
2) GARRAÍODÓIREACHT: Meitheal Oibre / An Garraí Glas, Na Creagáin, Indreabhán, Gaillimh, Dé Sathairn 19 Samhain ag 10rn
Don té atá ag iarraidh rud éigin as an ghnách an deireadh seachtaine seo, tá fáilte romhat chuig lá oscailte ‘An Garraí Glas’ Dé Sathairn.
Tá daoine á lorg le lámh chuidithe a thabhairt ar an bhfeirm seo i gConamara.
Tá roinnt gairleog le cur ar an lá – leath-mhíle bleibín san iomaire, a deirtear – agus beidh deis obair gharraíodóireachta eile a dhéanamh ar an lá.
Seans iontach é foghlaim faoi chúrsaí garraíodóireachta agus casadh le cairde nua.
Cuirfear béile breá ar fáil tar éis na hoibre agus beidh glasraí ar fáil don uile dhuine le tabhairt abhaile leo chomh maith… ar scáth a chéile a mhairfimid!
3) SEOLADH: The Truckley Howl / An Crane, Bóthar na Mara, Gaillimh, Dé hAoine 18 Samhain ó 9.30in
Banna úr trad é The Truckley Howl, a thugann an fidléir Nathan Gourley, bean an chonsairtín Mairéad Hurley, agus an giotáraí John Blake le chéile.
Tar éis seoladh iontach ag Féile na hInse i gCo. an Chláir an tseachtain seo caite, tá siad ar ais san iarthar lena gcéad albam a sheoladh le ceolchoirm sa Crane.
Tá debút an bhanna seo i measc an chuid is fearr d’eisiúintí na bliana seo. Hup!
4) CLUB SCANNÁN: ‘Faoi Gheall ag Éirinn’ / Ionad an Phiarsaigh, Baile Átha Cliath, 24 Samhain ag 7in.
Is é seo an 4ú hoíche de Club Scannán an Phiarsaigh i mbliana, atá á reáchtáil ag an ghrúpa Misneach.
Mar chríoch ar an tsraith chomórtha 1916-2016 seo beidh Faoi Gheall ag Éirinn ar taispeáint agus leanfar le caint breá bríomhar faoin scannán ina dhiaidh.
Déantar cur síos sa scannán seo ar thriúr de na mná ba thábhachtaí ach ba lú cáil i ngluaiseacht na hathbheochana polaitiúla agus cultúrtha.
Ó thuaidh an oíche chéanna, seolfar an t-eagrán is déanaí den iris ‘Mionlach’, a thugann ardán do scríbhneoirí Misneach, i gCumann Chluain Ard i mBéal Feirste ó 6.45in.
5) CRAIC: Pop Up Gaeltacht / Bar Rua, Sráid Clarendon, Baile Átha Cliath 2, Déardaoin 24 Samhain ag 8in.
Is breá le NÓS nuálaíocht spreagúil a fheiceáil i measc na nGael agus is léiriú iontach air sin é an togra úr seo sa phríomhchathair.
Preab-oíche shóisialta é an ‘Pop Up Gaeltacht’ a thiocfaidh le chéile i mBar Rua, Baile Átha Cliath, ar an Déardaoin seo chugainn.
Tá sé mar sprioc ag an Ghaelacht aon oíche seo Gaeil na hardchathrach a bhailiú le chéile uair sa mhí i dteach tábhairne éagsúil agus cheana féin tá ag éirí leo aird mhór a mhealladh ar líne.
An-smaoineamh, agus an-ócáid geallta!