1) LÉIRIÚ ILMHEÁIN: Aisling? / Ros Muc, Dé Sathairn 26 & Dé Domhnaigh 27 Samhain 2016
Is léiriú amharclannaíochta sonrach é Aisling? ina ndéantar scéal casta réigiúin Ghaeltachta na hÉireann ó 1916 i leith a chíoradh.
Tá Máiréad Ní Mhaonaigh, Pól Ó Ceannabháin, Méabh Ní Bheaglaoich, Johnny Óg Connolly, Breandán de Gallaí agus lear mór réaltaí eile ó Ghaeltachtaí ar fud na tíre tagtha le chéile, faoi stiúir Dharach Mhic Con Iomaire, le ceiliúradh a dhéanamh ar fhís cheannairí 1916.
Beidh an chéad léiriú i Ros Muc an deireadh seachtaine seo agus ansin tabharfar aghaidh ar Éigse Dhiarmuidín i nGaeltacht Chorcaí an tseachtain seo chugainn.
Tuilleadh eolais agus dátaí ar fáil anseo.
2) CAMCHUAIRT: Ré / Ionad Cultúrtha Baile Bhuirne, Co. Chorcaí, Dé hAoine 25 Samhain agus Halla na Feothanaí, An Daingean, Co. Chiarraí, De Sathairn 26 Samhain ag 8in
Tá an sárghrúpa seo ar camchuairt i gCúige Mumhan thar an deireadh seachtaine, ag tosú i nDún Garbháin anocht.
Is iad Liam Ó Maonlaí (amhránaí agus ceoltóir ildánach), Cormac Ó Beaglaoich (consairtín), Eithne Ní Chatháin (fidil agus guth), Maitiú Ó Caiside (píb uilleann) agus Peter O’Toole (olldord) atá sa ghrúpa Ré.
Bíonn draíocht le brath aon uair a dtagann an cúigear le chéile agus iomrá mór ar a gcuid ceolchoirmeacha beo dá bharr sin!
Má tá tú ag iarraidh dul chuig ceolchoirm an Daingin cuir ríomhphost chuig receol5@gmail.com nó seol téacs chuig 087 6462135
Don Ionad Cultúrtha i mBaile Bhuirne, téigh i dteagmháil le eolas@ionadculturtha.ie nó glaoigh ar 026 45733
3) OÍCHE CHLUB: 110th Street / Blue Note, Sráid Liam Thoir, Gaillimh, Dé Sathairn 26 Samhain, ó 10in
‘An rud is annamh is iontach,’ a deir muid agus, anois go bhfuil bliain caite ó reáchtáladh 110th Street go deireanach, tá sé cinnte i measc na rudaí annamha iontacha ar domhan!
Tá cóisir mhór beartaithe in iarthar na tíre i dteannta Chian Uí Chíobháin, láithreoir An Taobh Tuathail ar RnaG, agus Cyril Brisco chun ceiliúradh a dhéanamh ar 18 bliain ó cuireadh tús leis an oíche chlub rathúil.
Grá don cheol, don saol club agus don chairdeas a cothaíodh ar an tslí is cúis le hinmharthanacht 110th Street.
Mar réamhtheachtaí ar an chóisir, tá seinnliosta iontach curtha le chéile acu a ghríosódh an duine ba shocra agus ba shuaimhní chun damhsa!
Breithlá Sona ó NÓS, go maire sibh an chéad!
4) FÉILE: Fleadh Feirste / An Chultúrlann agus ionaid eile sa Cheathrú Ghaeltachta, Béal Feirste, 30 Samhain – 4 Nollaig
Cuirfear tús le Fleadh Feirste, ceann de mhórfhéilte Gaelacha na cathrach, Déardaoin seo chugainn agus leanfar le scoth na n-imeachtaí thar an deireadh seachtaine.
Beidh cuid mhaith de na himeachtaí ag titim amach ón Aoine ach tá dhá imeacht ar fiú go mór a lua ar siúl Déardaoin.
Tabharfaidh Ceardlann Coimicí Gael le hAodán Ó Curnáin bunús maith don té a bhfuil spéis acu i ngreannáin agus i ngrafaicí ag 11rn.
Gealltar oíche den scoth ag oíche Imram ‘Ide na Tine’ an oíche chéanna, ó 8.30in, tráth a dhéanfar ceiliúradh ar amhráin mhóra Joni Mitchell, i nGaeilge!
Beidh níos mó againn ó Fhleadh Feirste ar an tseachtain seo chugainn!
5) FÉILE CHEOIL: Éigse Dhiarmuid Uí Shuilleabháin / Sa Mhuileann agus in ionaid éagsúla i gCúil Aodha, Corcaigh, 1 – 4 Nollaig
Déardaoin seo chugainn a chuirfear tús leis an fhéile cheoil agus amhránaíochta bhliantúil i gCúil Aodha a dhéanann ceiliúradh ar laoch mór an cheantair, Diarmaid Ó Suilleabháin.
Idir cheardlanna, cheolchoirmeacha, thaispeántais agus léirithe, tá scoth an chláir curtha le chéile arís i mbliana.
I rith an lae Déardaoin agus Dé hAoine beidh comhdháil á reáchtáil i gcuimhne ar Sheán Ó Ríordáin faoin teideal ‘Smaointeoireacht an Ríordánaigh’.
I measc na mbuaicphointí eile, tá Aisling? (féach thuas) agus Ceolchoirm na hÉigse, a thabharfaidh Muireann Nic Amhlaidh, Ailean Domhnallach, Kathleen McInnes agus Sineag McIntire as Albain agus Peadar Ó Riada le Cór Chúil Aodha ar stáitse le chéile.
Bíodh scoth an deireadh seachtaine agaibh go léir!