5+ imeacht Ghaelacha

1) FÉILE: Fleadh Feirste / An Chultúrlann agus ionaid eile sa Cheathrú Ghaeltachta, Béal Feirste, 30 Samhain – 4 Nollaig

seamus

Tá Fleadh Feirste faoi lán seoil agus clár pacáilte le himeachtaí ann a shásóidh óg agus aosta araon.

Dé hAoine ag 5in, lasfaidh Brian Kennedy soilse na Nollag ag an Chultúrlann agus leanfar le ceolchoirm le Clann Mhic Ruairí as Rann na Feirste ag 8in.

Smaoineamh maith é gan a dhul thar fóir Dé hAoine, a chairde, mar beidh tréan imeachtaí iontacha ag titim amach ó mhaidin Dé Sathairn ar aghaidh: scéalaíocht le Máire Zepf ag 11rn; an t-iriseoir Deaglán de Bréadún faoi agallamh poiblí ag Eoghan Ó Néill ag 12in, agus Féasta Filíochta le Gearóid Mac Lochlainn, Séamus Barra Ó Súilleabháin agus Yoseba Peña as Tír na mBascach ag 1in.

Oíche Dé Sathairn, is ag baint splancanna as an urlár damhsa a bheas Gaeil ag an G-Spota. Beidh seisiún snagcheoil (1in go 3in) le Fat Lip agus Caoimhín Mac Giolla Catháin (Bréag) agus Céilí na Fleidhe i measc na mbuaicphointí Dé Domhnaigh.

Tuilleadh eolais faoi na himeachtaí ar fad i gclár na féile.


2) FÉILE: Éigse Chluainín/ Ionad na nGleannta, Cluainín Uí Ruairc, Tuaisceart Liatroma, Dé Sathairn, an 3ú Nollaig

eigse

Beidh oíche mhór Ghaelach ar siúl in Ionad na nGleannta ag 8in, tráth a sheolfar dhá leabhar filíochta: Macallaí Anamloirg le Seosamh Mac Suibhne agus Ó Bhéal Bhalbháin le Eoghan Ua Conaill.

Ina dhiaidh sin, ag 9in, léireoidh Splódar an dráma Purgadóir le WB Yeats, aistrithe ón Bhéarla ag Brian Ó Súilleabháin, agus beidh ceol agus amhránaíocht ar siúl i dTigh Heraghty ina dhiaidh sin uilig.

Cuirfidh siúlóid staire Lúb na Mainistreach agus taispeántas ealaíne leis an dealbhóir Sigbjørn Bratlie críoch leis an spraoi Dé Domhnaigh.

Beidh fear Kíla Rossa Ó Snodaigh i láthair agus áit a mbíonn Rossa bíonn spraoi ann!


3) FÉILE: Éigse Dhiarmuidín/An Muileann agus in ionaid éagsúla i gCúil Aodha, Corcaigh, 1 – 4 Nollaig

lar

Tá Éigse Dhiarmuidín faoi lán seoil agus tá an chuid is fearr de na himeachtaí fós le theacht.

Tar éis don seó oscailt i Ros Muc an deireadh seachtaine seo caite, tabharfaidh an léiriú nua Aisling? aghaidh ar Éigse Dhiarmuidín i nGaeltacht Chorcaí.

Tá an-bhús ann faoin léiriú amharclannaíochta nua seo, faoi stiúir Dharach Mhic Con Iomaire, a dhéanann stair na nGaeltachtaí le céad bliain anuas a chíoradh.

Dé Sathairn ansin, beidh ceardlanna ceoil agus amhránaíochta ann ó mhaidin agus baileoidh ceoltóirí as Albain agus Cúige Mumhan le chéile – ina measc Muireann Nic Amhlaoibh, Ailean Domhnallach, Kathleen McInnes agus Sineag MacIntyre as Albain agus Peadar Ó Riada (thuas) le Cór Chúil Aodha – do mhór-cheolchoirm na hÉigse.


4) SEOLADH: ‘Dónall Dána’/ Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an Cheathrú Rua, Dé hAoine, an 2 Nollaig ag 7in.

donal

Seolfar cúig leabhar áille ón tsraith Dónall Dána le Francesca Simon agus maisithe ag Tony Ross.

Aistriúchán breá nádúrtha den tsraith cháiliúil leabhar Horrid Henry atá ann. Ceathrar ban aitheanta as Conamara – agus láithreoirí le RTÉ Raidió na Gaeltachta – a chuir an leagan Gaeilge ar fáil: Gormfhlaith Ní Thuairisg, Caitlín Ní Chualáin, Marion Ní Shuilleabháin agus Máirín Ní Ghadhra.

Beidh tuilleadh scéalta faoi eachtraí agus dhalbacht Dhónaill á n-insint i nGaeilge amach anseo agus é i gceist ag Cló Iar-Chonnacht cúig leabhar eile sa tsraith a fhoilsiú ar an bhliain seo chugainn. Is féidir iad a cheannach ar €8.00 an ceann anseo.


5) TEACHT LE CHÉILE: Caifé Cultúir/ The Kitchen, Músaem Cathrach na Gaillimhe, an 7 Nollaig, Dé Céadaoin ag 10rn.

pic

Beidh teacht le chéile á reáchtáil i gcroílár chathair na Gaillimhe uair sa mhí ón Chéadaoin seo ar aghaidh chun daoine a tharraingt le chéile a bhfuil spéis acu i gcúrsaí ealaíon agus cultúir.

Caifé Cultúir an t-ainm atá ar tionscnamh seo agus is deis é bualadh le daoine eile san earnáil agus a bheith ag comhoibriú leo.

Tuilleadh eolais ó Majella Ní Chríocháin ar majella@antoireachtas.ie


6) IMRAM: ‘Oíche Haiku – Tae i dteannta an Aba’/ Éigse Éireann, 11 Cearnóg Parnell Thoir, Baile Átha Cliath 1, Déardaoin, an 8 Nollaig ag 7in. 

imrameile

Tá IMRAM ar ais le seó il-mheáin nua a dhéanann ceiliúradh ar chnuasach nua Haiku i nGaeilge na hÉireann agus Béarla na hAlban, Tae Wi The Abbot/Tae i dteannta an Aba.

Beirt cheardaithe Haiku atá páirteach sa taibhiú speisialta seo: John McDonald, atá lonnaithe i nDún Éideann, agus an scríbhneoir agus file aitheanta Gabriel Rosenstock.

I dteannta na haijin (filí haiku), beidh an giotáraí Enda Reilly agus Margaret Lonergan, ealaíontóir agus dearthóir a lasann splanc fhísiúil faoi sheónna IMRAM.

Is san ardchathair Déardaoin seo chugainn, an 8 Nollaig, a bheidh an chéad léiriú agus tabharfaidh na filí aghaidh ar Bhéal Feirste an oíche dar gcionn.

Tá saorchead isteach chuig an dá sheó agus ní gá ticéad a chur in áirithe.

Áit a mbíonn IMRAM, bíonn ardoíche ann!

Bíodh scoth an deireadh seachtaine agaibh go léir! 

SCÉALTA EILE