5 Imeacht Ghaelacha

1) TEACHT LE CHÉILE: Nollaig na mBan / Ar fud na tíre, Dé hAoine 6 Nollaig

Agus an Nollaig caite, tá mná na hÉireann ag fáil réidh le ceiliúradh a dhéanamh ar Oíche Nollaig na mBan.

Sean-traidisiún is ea é ina dtagann mná le chéile ar 6 Eanáir d’oíche shultmhar i gcuideachta na mban.

Fadó, bhí obair throm le déanamh ag mná thar thréimhse na Nollag, go háirithe nuair a bhí teaghlaigh mhóra i gceist.

Den dara bliain as a chéile, tá Oireachtas na Gaeilge ag iarraidh mná a spreagadh le teacht le chéile i mbialanna agus i dtithe ósta thart timpeall na tíre don chomhluadar agus don cheiliúradh.

Beidh mná ag bualadh le chéile i gConamara, Béal Feirste, Gaillimh, Ráth Chairn, Muineachán, Baile Átha Cliath, An Rinn agus áiteanna eile nach iad.

Faigh amach faoi imeacht atá ag tarlú go háitiúil anseo. Mura bhfuil aon imeacht cláraithe, tá lán fáilte romhat ceann a eagrú i do cheantar féin ar ndóigh.

Na mná abú!


2) CEOLCHOIRM: Kíla faoi Dhó / Mermaid Theatre, Bré, Cill Mhantáin, Dé Sathairn 7 Eanáir, 2in & 8in

Cuirfidh Kíla críoch spleodrach lena gcamchuairt gheimhridh le dhá sheó in amharclann na Maighdine Mara, i mBré, Cill Mhantáin.

Ceolchoirm speisialta do dhaoine óga a bheas sa seó ag am lóin agus leanfar le ceolchoirm mhór a chuirfidh clabhsúr lena dturas mór náisiúnta an oíche sin.

Kíla go deo!


3) CRUINNIÚ: Cad é a chiallaíonn Feimineachas duit? / Cultúrlann Mac Adam Ó Fiach, 216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste, Dé Máirt 10 Eanáir, 7.30in – 9in

Ar ais chuig na mná, beidh imeacht spéisiúil á reáchtáil i mBéal Feirste Dé Máirt seo chugainn, dírithe ar cheist an fheimineachais.

“Comhrá treoraithe” a bheas ann agus beidh deis ag mná na cathrach tuairimí a roinnt i dtaobh na ndeacrachtaí agus na bhfadhbanna a bhíonn acu sa chathair.


4) GNÍOMHAÍOCHAS: Ollscoil Dhátheangach nó Ollscoil Frithghaelach? / An Chearnóg, OÉG, Gaillimh, Dé Céadaoin 11 Eanáir, 2-6in

Tá agóid chéilithe eagraithe ag Misneach na Gaillimhe in éadan an chinnte nach gá don Uachtarán ar Ollscoil na hÉireann sa chathair Gaeilge bheith acu.

Áit a mbíonn Misneach bíonn ceol agus damhsa agus an iarraidh seo beidh Tradsoc an choláiste ina dteannta chun léiriú go bhfuil an Ghaeilge bheo bhríomhar in OÉG.


5) SAOIRE: Deireadh Seachtaine Ióga / Elbowroom Escape, Dún Ard, Cill Mhantáin, 27 -29 Eanáir

Tá scoth na saoire á reáchtáil ag fear an ióga Ciarán Mac Fhearghusa, bunaitheoir Óga Yoga, ag deireadh na míosa i gCill Mhantáin.

Beidh na ranganna ióga oiriúnach do dhaoine ar gach leibhéal agus díreofar ar stíl mhachnamhach sa tráthnóna agus stíl beagán níos bríomhaire ar maidin.

Tá an lóistín go haoibhinn ar fad agus beidh bia blasta folláin á chur ar fáil ag Caitríona Nic Philibín, a bhí ina hiomaitheoir ar Master Chef tráth.

Ní bheidh fonn oraibh theacht abhaile!

SCÉALTA EILE