5 Imeacht Ghaelacha


1. CEOLCHOIRM: Na Leanaí / An Dubhlann, Sráid Hill, Béal Feirste, Dé hAoine 13 Eanáir @ 1in

Tá an ghlúin is óige den mhórchlann cheolmhar Sands, as Contae an Dúin, tagtha le chéile agus iad réidh lena gcuid féin a dhéanamh den cheol ag an fhéile Out to Lunch, atá ar siúl i mBéal Feirste as seo go deireadh na míosa.

Sraith ceolchoirmeacha am lóin atá i gceist le ‘Out to Lunch’ ina mbíonn deis ag daoine greim le hithe a fháil agus ceol beo sa tsiúl.

Ba ón chliabhán a d’fhoghlaim Na Leanaí a gcuid ceoil agus tá an toradh sin le cloisteáil ar a gcuid oibre agus an bealach nádúrtha atá acu ar stáitse.

Cheana féin tá caint in airde mar gheall ar chumas na gceoltóirí óga harmóin áille a chruthú.

Bí ag súil le fidleacha, giotáir, feadóigí móire, drumaí agus lón blasta ag ceolchoirm na réaltaí óga seo.

Ticéad: £6.50 / £7.00 (Lón san áireamh!)


2. SEOLADH LEABHAIR: ‘Rún na mBradán’ le Diarmuid Johnson / Cultúrlann Mc Adam Ó Fiaich, 216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste, Dé Sathairn 14 Eanáir @1in agus Club an Chonartha ar Shráid Fhearchair, Baile Átha Cliath, an oíche chéanna

Seolfar bailiúchán dánta ‘Rún na mBrádán’ le Diarmuid Johnson, file ildánach na Breataine Bige, i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn.

Tiocfaidh Club Leabhar Choiscéim Feirste le chéile don chéad uair i mbliana don ócáid seo leis an leabhar a sheoladh ag am lóin.

Dónall Mac Giolla Chóil mar MC ar an imeacht agus is é Micheál Ó Mainnín, Ollamh le Gaeilge agus an Léann Ceilteach in Ollscoil na Banríona, a dhéanfaidh Rún na mBradán a sheoladh.

Beidh Diarmuid Johnson i gClub an Chonartha ag 8in an oíche chéanna chun an leabhar a sheoladh san ardchathair.


3) TEACHT LE CHÉILE: Club leabhar Nua-Eabhrach / Ionad Gaelach Nua-Eabhrac, 10-40 Jackson Avenue, Long Island City, NY 11101, Dé Satháirn, 14 Eanáir @ 2in.

Beidh an 29ú cruinniú de chuid Chlub Leabhar Gaelach Nua-Eabhrac sa tsiúl an deireadh seachtaine seo.

Leabhar nua le Alex Hijams, An Tearmann, a bheas faoi chaibidil ann.

Deis iontach atá sa Chlub Leabhar do Ghaeil san Úll Mhór casadh le daoine úra, agus leabhar a phlé go mion i gcuideachta fháilteach.

Litríocht, caint, agus craic!


4. CEOLCHOIRM: Siamsaíocht @6 le Ger Wolfe / Amharclann Chúirt an Phaoraigh, Sráid Liam Theas, Baile Átha Cliath, Déardaoin 19 Eanáir, óna 6in – 8in (Doirse ó 5.40in)

Go Baile Átha Cliath anois linn, agus an chéad oíche de cheolchoirmeacha ‘Siamsaíocht @ 6’ in 2017 á seoladh an tseachtain seo chugainn.

Is é an t-amhránaí Corcaíoch Ger Wolfe a chuirfidh tús iontach le himeachtaí na bliana úire in Amharclann Chúirt an Phaoraigh Déardaoin seo chugainn @ 6.

Bígí ann!


5. CAMCHUAIRT: Liam Ó Maonlaí agus Cormac Ó Beaglaoich / Náisiúnta, 12 – 18 Eanáir

Tá beirt réalta ón bhanna Ré ag tabhairt faoi chamchuairt ceoil ar fud na tíre as seo go ceann seachtaine ag tosú anocht in Ionad Ealaíon Chill Dara.

Sarcheoltóirí iad Liam agus Cormac a bhfuil saoirse, doimhneacht agus fuinneamh ar leith acu agus is cinnte go mbeidh ardoíche ag na ceolchoirmeacha go léir.

– Dé hAoine 13 Eanáir – Ionad Ealaíona Riverbank, Droichead Nua
– Dé Sathairn 14 Eanáir – Thuas staighre Tigh Dolan, Luimneach
– Dé Domhnaigh 15 Eanáir – Connolly’s, An Léim, Corcaigh
– Dé Céadaoin 18 Eanáir – The Linenhall, Caisleán an Bharraigh, Maigh Eo


6. SAOIRE: Deireadh Seachtaine Ióga / Elbowroom Escape, Dún Ard, Cill Mhantáin, 27 -29 Eanáir

Tá scoth na saoire á reáchtáil ag fear an ióga Ciarán Mac Fhearghusa, bunaitheoir Óga Yoga, ag deireadh na míosa i gCill Mhantáin.

Beidh na ranganna ióga oiriúnach do dhaoine ar gach leibhéal agus díreofar ar stíl mhachnamhach sa tráthnóna agus stíl beagán níos bríomhaire ar maidin.

Tá an lóistín go haoibhinn ar fad agus beidh bia blasta folláin á chur ar fáil ag Caitríona Nic Philibín, a bhí ina hiomaitheoir ar Master Chef tráth.

Ní bheidh fonn oraibh theacht abhaile!


*Meabhrú – Beidh Duke Special agus Ulaid ag casadh sa Black Box i mBéal Feirste oíche Dhomhnaigh, 15 Eanáir, mar chuid den fhéile Out to Lunch. Léigh níos mó faoi anseo.

SCÉALTA EILE