1) RANGANNA IÓGA: Manifest Yoga le Jenny Ní Ruiséil / Conradh na Gaeilge, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2
Cuirfear tús le ranganna ióga i nGaeilge i gConradh na Gaeilge inniu, Déardaoin 19 Eanáir, ag 6in.
Beidh dhá chúrsa a reáchtáil ag an iógaí ildánach Jenny Ní Ruiséil tráthnóna Déardaoin agus Dé Sathairn sna sé seachtaine amach romhainn, i gcomhpháirt le Óga Yoga.
Agus í cáilithe mar theagascóir ióga tar éis tréimhse i mbun foghlama san India, tá Jenny réidh leis na gluaiseachtaí tairbheacha seo a thabhairt ar aghaidh i nGaeilge.
Tá na ranganna seo fóirsteanach do dhaoine ar gach aois agus de gach saghas leibhéal aclaíochta.
Is iomaí buntáiste a thagann le cleachtadh rialta ióga don chorp, don mheon agus don tsláinte araon, ach caithfear an dá chos a leagan ar an mhata!
2) GRADAIM & CEOLCHOIRM: Gradaim Cheoil NÓS / An Sugar Club, Sráid Líosain Íochtarach, BÁC, Dé hAoine 20 Eanáir @ 7in
Níl ach oíche chodlata amháin fágtha go mbeidh éachtaí ceoil na bliana á gceiliúradh againn.
Ardoíche cheoil agus chuideachta atá geallta don té a bheas i láthair i gClub an tSiúcra oíche amárach agus moltar go láidir ticéad a fháil roimh ré.
I measc na gceoltóirí a bheas ag tabhairt a n-aghaidhe chun stáitse, tá Aeons, Spats Colombo, JJ Ó Dochartaigh, Caitlín agus Ciarán, Dysania, Muintir Snyder agus an Connallach óg Eve Belle (sa phríomhphictiúr).
Seo an dara bliain gur reáchtáil NÓS Gradaim Cheoil chun aitheantas a thabhairt don nuacheol Gaeilge agus tá aischothú an-dearfach á fháil ag an choincheap, ní hamháin i measc phobal na Gaeilge ach sa mhórphobal chomh maith.
Tá €18 ar thicéad agus iad ar fáil ó Eventbrite. Osclaíonn na doirse ag 7in. Tá muid ag súil go mór le sibh a fheiceáil ann. HUP!
3) CEOLCHOIRM: Martin Hayes agus David Power / Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh, Baile Mhúirne, Co Chorcaí, Dé Aoine 20 Eanáir @ 8.30in
Do Chorcaíoch ar bith nach mbeidh ábalta an turas a dhéanamh chuig an Sugar Club Dé hAoine, tá ceolchoirm den scoth beartaithe i gCorcaigh a thabharfaidh an fidléir aitheanta Martin Hayes agus an píobaire David Power le chéile d’oíche mhór cheoil.
Maistrí an cheoil thraidisiúnta iad an bheirt seo gan dabht.
Sárphiobaire é David, as Dún Garbhán, atá le cluintint ar neart taifeadtaí maithe agus airítear Martin ar dhuine de na fidléirí is fearr sa tír, fear a bhfuil stíl agus rithim Chontae an Chláir go smior ann.
4) FÉILE: Temple Bar Trad Fest /Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath, 25-29 Eanáir
Paddy Keenan, Sharon Shannon, Máirtín O’Connor, Zoë Conway & Donal Lunny, Hazel O’Connor & Cormac De Barra, Mundy & Paddy Casey, Notify & Jiggy, agus Sive…. sin díreach cuid de na ceoltóirí iontacha atá luaite i gclár na féile seo a thugann scoth an cheoil go croílár na cathrach gach bliain.
Tá na ceoltóirí thuas ag casadh Dé Céadaoin agus Déardaoin seo chugainn agus beidh tuilleadh againn faoin fhéile iontach seo ar an tseachtain seo chugainn.
Idir an dá linn, tum isteach sa chlár anseo!
5) TEACHT LE CHÉILE: Pop Up Gaeltacht / P Macs, 30 Sráid Stiabhna Íochtarach, Baile Átha Cliath, 30 Sráid Stiabhna Íochtarach, Déardaoin 26 Eanáir 8-11in
Reáchtálfar an chéad Pop Up Gaeltacht eile i mBaile Átha Cliath oíche Déardaoin.
An iarraidh seo is i dteach P Macs a bhaileofar na Gaeil agus is ann a dhéanfaidh siad Gaeltacht den Ghalltacht!
Ó seoladh an chéad oíche roimh an Nollaig, tá an feiniméan tar éis scaipeadh ar fud na cruinne agus a leithéid d’oícheanta á reáchtáil i dtíortha eile a bhfuil pobal na Gaeilge cruinnithe.
Bíodh scoth an deireadh seachtaine agaibh go léir!