5 Imeacht Ghaelacha



1) OÍCHE FILÍOCHTA AGUS CEOIL: ‘REIC/ The Generator, Margadh na Feirme, BÁC, anocht Déardaoin 2 Feabhra @ 7.30-10.00in

Tar agus REIC do dhán!

Beidh an chéad oíche filíochta den bhliain ‘Reic’ ar ais san ardchathair anocht.

Beidh dánta, scéalta, amhránaíocht agus splancfhicsean ann agus ní bheadh a fhios agat cad eile ó Chiara Ní É, Lisa Nic An Bhreithimh, Dylan Coburn Gray, Diarmuid Ó Mathúna, Eoin P. Ó Murchú, Oisín Mac, Liam Carson agus eile.

Is cinnte faoi rud amháin áfach.. áit a mbíonn agus lucht Reic, bíonn ardoíche ann.

Tá fáilte roimh chách agus roimh gach cineál cur i láthair.

€5 an táille isteach.


2) FÉILE: ‘Éigse na Brídeoige/ Ionaid éagsúla i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh, Co. Chiarraí Theas, 03-05 Feabhra

Anois teacht an Earraigh agus beidh an lá ag dul chun síneadh, buíochas leis na déithe in airde!

Táim ag súil le laethanta fada, gileacht sna tráthnónta agus ardú croí ó dhúlagar mhí Eanáir.

Thabharfadh clár Éigse na Brídeoige ardú croí duit.

Tá ócáidí breátha beartaithe ag lucht a eagraithe ar leithinis Uíbh Ráthaigh ag an deireadh seachtaine mar chuid den bhféile chultúrtha seo.

I measc na seod sa gclár, taispeánfar scannán faisnéise, Fís na Fuiseoige, le scannánaí buach an Daingin Aodh Ó Coileáin, beidh caint á reáchtáil faoin teideal ‘Ag an gCros Bhóthar – Uíbh Ráthach dhátheangach?’ agus pléifidh ealaíontóirí ildánacha ceird a n-ealaíon féin, bíodh amhránaíocht i gceist, nó filíocht, nó fíodóireacht, nó rince!

Tá oíche amhránaíochta, ceolchoirmeacha agus ceardlanna sa chlár agus beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an láthair chomh maith, ag craoladh agus i mbun taifeadadh i rith an ama.

Beirigí bua!


3) FÉILE: Féile na Tána/ Ionaid éagsúla, Cairlinn, Ó Méith, Contae Lú, 4-5 Feabhra.

An é mian do chroí ceird an cheoil a fhoghlaim?

Nó an bhfuil fonn ort snas a chur ar na bunscileanna atá agat cheana féin?

Beidh deis agaibh amhlaidh a dhéanamh i gCairlinn ag an deireadh seachtaine, áit a mbeidh Féile na Tána ar bun.

Beidh caipín an cheoltóra á chaitheamh ag beirt de lucht a eagraithe, an lánúin phósta Zoë Conway agus John Mc Intyre, mar aon le caipín an teagascóra chomh maith.

In éineacht leo i mbun ranganna beidh leithéidí Liam O’Connor, Séamus Begley, Noel Hill, Tristan Rosenstock agus Saileog Ní Cheannabháin, i measc scata eile.

Beidh réimse leathan de cheardlanna ar bun ar an Satharn, chomh maith le Ceadal na dTeagascóirí. Bí ag súil le ceolchoirm na féile ansin ar an Domhnach, chun clabhsúr a chur ar imeachtaí.


4) FÉILE: ‘Seán-Nós na Fearsaide/ Áras Mhic Reachtain, Béal Feirste, 4ú Feabhra, Béal Feirste.

Is ag Sean-Nós na Fearsaide a thabharfar ardán don stíl dhúchasach amhránaíochta seo, agus beirt de bhuaiteoirí Chorn Uí Riada ag tabhairt faoi cheardlanna amhránaíochta.

Sin iad Lillis Ó Laoire (a thug leis an Corn faoi dhó) agus buaiteoir na bliana seo caite, Caitlín álainn Ní Chualáin. Úna Bheag na hÁite agus Róisín Dubh an dá amhrán a mhúinfidh Lillis; Neilí Bhán agus An Raicín Álainn a bheidh ag Caitlín.

Tar éis imeachtaí foghlamtha an lae beidh deis scíth a ligint agus sult a bhaint as ceolchoirm na hoíche.

Ní hamháin go mbeidh beirt mhúinteoirí an lae i mbun ceoil, ach beidh Glórtha Uladh chomh maith, meascán de chóir ó Bhéal Feirste, Gaoth Dobhair agus Doire, faoi stiúir iar-bhuaiteoir eile Chorn Uí Riada – Doiminic Mac Giolla Bhríde!


5) CEOLCHOIRM AGUS COMÓRTAS: ‘Cuireadh chun ceoil/ Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh, Corcaigh, 3- 4 Feabhra.

Is ar an Aoine beag seo a bhronnfar Bonn Óir Seán Ó Riada i gCorcaigh.

Seo bonn óir (agus ciste breá airgid) a bhronntar uair sa bhliain ar bhuaiteoir an chomórtais ceoil seo.

Tá dhá uirlis roghnaithe i mbliana ag an té a bhíonn i mbun eagraithe, Peadar Ó Riada, agus máistrí na n-uirlisí sin a bheidh san iomaíocht.

Roghnófar buaiteoir amháin ar na píobaí agus buaiteoir eile ar an gcruit, agus gheobhaidh siad Bonn Óir an duine, agus roinnfear €2500 eatarthu chomh maith.

Is iad Ailean Domhnallach, Jimmy O’Brien Moran agus Laoise Kelly a bheidh i mbun moltóireachta. Craolfar an comórtas beo ar chlár Pheadair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Cuireadh chun Ceoil, óna 19:00.

Tuairim is ceathrar déag atá san iomaíocht i mbliana agus is as an Fhrainc agus Meiriceá do bheirt acusan.

Ní hamháin go mbeidh ceolchoirm na hAoine ar siúl in Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh, ach tá comhdháil beartaithe don láthair chéanna chomh maith.

Ócáid dhá lá do cheoltóirí, faoi nithe a bhaineann le saol an cheoil: cur síos ar iarratais mhaoinithe, víosaí, foilsiú ceoil, cúrsaí cóipchirt, bolscaireacht, agus tuilleadh; beidh ionadaithe i láthair ó Ghael Linn, Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus IMRO, i measc eagraíochtaí eile.

Anuas air sin ar fad, beidh coirm na mbuaiteoirí ar siúl oíche Dé Sathairn: cead isteach €5 chuig an gcomhdháil, agus cead isteach saor in aisce chuig an gcoirm.

SCÉALTA EILE