1) CEOLCHOIRM: Liam Ó Maonlaí, Kevin Burke agus Tim Edey / Ionaid éagsúla timpeall na tíre, 14 – 26 Eanáir.
Tá tríréad de scoth na gceoltóirí ag tabhairt a n-aghaidhe ar an bhóthar as seo go deireadh na míosa.
Bí ag súil le meascán d’amhráin, idir nua agus shean, ó Liam Ó Maonlaí, foinn bhríomhara leis an fhidléir mór le rá Kevin Burke, á dtionlacan ag Tim Edey, duine de na tionlacaithe is deise dá bhfuil ann.
– Déardaoin, 14 Eanáir/Linenhall, Caisleán an Bharraigh, Maigh Eo.
– Dé hAoine, 15 Eanáir/Regional, Leitir Ceanainn, Dún na nGall.
– Dé Sathairn, 16 Eanáir/Ionad Ealaíne Bhiorra, Biorra, Uíbh Fhaile.
Ticéid agus tuilleadh dátaí anseo!
2) TAISPEÁINT SCANNÁIN: Iris / Glór Tíre, Causway Link, Inis, Co. an Chláir, Dé hAoine, 15 Eanáir, ag a 8in.
Oíche iontach atá geallta in ionad ealaíon Glór Dé hAoine, tráth a mbeidh oíche feistis, snagcheol beo, caife agus an scannán ‘Iris’ ar taispeáint.
Is í Iris Apfel ceann feadhna an scannáin fhaisnéise seo, fashionista agus dearthóir 92 bliain d’aois a chaith a saol i measc mhóruaisle faisin Nua-Eabhrac.
Ticéid €15. Léigh a thuilleadh faoin scannán anseo.
3) LITRÍOCHT: Oíche Shóisialta & Litríochta / Club Áras na nGael, 45 Sráid Dhoiminic, Gaillimh, Dé Sathairn 16 Eanáir, 8.00in – 10.00in.
Tá fearadh na fáilte roimh chách a bheith i láthair ag oíche mhór na leabhar i nGaillimh, atá á reáchtáil i gcomhar le hAontas na Scríbhneoirí Gaeilge.
Tiocfaidh mórscríbhneoirí i saol na Gaeilge le chéile lena leabhair nua a phlé agus blaisín dá shaothar a chur i láthair; ina measc beidh Máire-Áine Ní Dhireáin – a scríobh Bean Árainn, Tadhg Mac Dhonnagáin, a thug leis Gradam Uí Shuilleabháin don leabhar Mise Raiftearaí, an Fíodóir Focal, Réaltán Ní Leannáin, údar Dílis, agus Anna Heussaff, údar an leabhair bhleachtaire Scáil an Phríosúin.
Tar éis na cainte ar fad beidh seisiún ar siúl agus deis na leabhair iontacha a cheannach!
Tuilleadh eolais anseo.
HUP!
4) CEOLCHOIRM: Skipper’s Alley / Cleere’s, 28 Sráid na Parlaiminte, Cill Chainnigh, Dé hAoine 15 Eanáir, ag a 9. 30in.
Cuirfidh an sárghrúpa traidisiúnta Skipper’s Alley tús le camchuairt an gheimhridh i gCill Channaigh Dé hAoine seo.
Seachtar ceoltóirí atá ag cur lena n-iomrá le gach gig.
Déanann siad a gcuid féin den cheol traidisiúnta agus d’amhráin sean-nóis agus tá aird idirnáisiúnta orthu tar éis gur bronnadh an duais cheoil Loic Raison orthu ag Féile Lorient cúpla bliain ó shin, duais a bronnadh ar a leithéidí Danú, Clannad, agus The Bothy Band roimhe.
Beidh siad i nGaillimh agus san Ardchathair ar an deireadh seachtaine seo chugainn.
– Dé hAoine, 22ú Eanáir – The Crane – Gaillimh
– Dé Domhnaigh, 24ú Eanáir – The Sugar Club – Baile Átha Cliath
Tuilleadh eolais anseo.
5) TAISPEÁINT SCANNÁIN: Mise Éire / An Ceoláras Náisiúnta, Ardán Phort an Iarla, BÁC, Déardaoin 21 Eanáir, ag a 8in.
Mar chuid de chlár comórtha 1916, tá an scannán clasaiceach le George Morrison Mise Éire á thaispeáint i dteannta ceolfhoireann RTÉ, a chuirfidh scóráil aitheanta Sheáin Uí Riada i láthair.
In 1960 sheol Gael Linn an scannán tostach iomráiteach seo, a rianaigh stair na hÉireann ó 1890 go dtí 1917.
Úsáideadh nuachtríleanna, ábhair chomhaimseartha eile agus fuaimrian álainn in insint an scéil.
Meastar nár eisíodh riamh in Éirinn scannán ba mhó a chuaigh i bhfeidhm ar an mhórphobal ná Mise Éire.
Ticéid: €39, €30, €20.
Tuilleadh eolais anseo.