1.) Pop Up Gaeltacht/ The Dirty Onion, Béal Feirste, Dé hAoine 3 Márta @ 7.30in.
Tá borradh thar cuimse faoi nós na bPop Ups timpeall na tíre!
Is i mBéal Feirste, in ionad an Dirty Onion, a bhaileoidh na Gaeil le chéile Dé hAoine seo. Comhluadar agus spraoi trí mheán na Gaeilge.
Ná déan dearúd go mbeidh an Pop Up ar siúl i gCeantar an Dáma i mBaile Átha Cliath ar an 16 Márta chomh maith, mar chuid d’imeachtaí na Féile Pádraig.
2) FÉILE: Scoil Gheimhridh Chumann Merriman 2017/ Campus Phádraig, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath 3-5ú Márta.
Léachtaí, seoltaí leabhar, turas stairiúil agus ócáidí liteartha atá geallta ag Scoil Gheimhridh Chumann Merriman na bliana seo a bheidh ar bun ag an deireadh seachtaine.
Tarraingíodh mo shúil chuig siompóisiam amháin atá ar chlár na n-imeachtaí, dar teideal Cothú Phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath.
Maidin Shathairn a chíorfar an t-ábhar cainte sin, le triúr atá bainteach go dlúth le saol na Gaeilge san Ardchathair: Cathaoirleach Bhord Bainistíochta Scoil Lorcáin, Muireann Ní Mhóráin; Edel “álainn” Ní Bhraonáin, Ciarraíoch atá ar dhuine de bhunaitheoirí Na Gaeil Óga CLG; agus léiritheoir sraithe an chláir Cormac ag a Cúig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Fachtna Ó Drisceoil.
Seolfaidh an Dr Liam Ó Dochartaigh úrscéal nua le Brian Ó Tiomáin, An Strainséir, agus is faoi a bheidh an cúram leabhar úr Sheáin Uí Éanacháin, ‘An Ghaeilge i Má Nuad’ a sheoladh chomh maith.
Is iad Cló Iar-Chonnacht a d’fhoilsigh an dá shaothar seo. Beidh ceol le clos le linn an deireadh seachtaine ó leithéidí Des Geraghty, an Dr. Síle Denvir agus Peter Browne, a bheidh i láthair d’ócáid cheoil agus plé.
Mar aon leis sin ar fad, cloisfear blaiseadh de shaothar próis agus filíochta bheirt scríbhneoirí ó Bhaile Átha Cliath, Anna Heussaff agus Marcus Mac Conghail, le linn cainte faoi chathaoirleacht Mháire Ní Neachtain.
Tá scata eile ar chlár leathan an deireadh seachtaine a eagraíonn an t-eagras cultúrtha Éireannach, Cumann Merriman, féach merriman.ie le tuilleadh eolais a fháil.
3) SEÓ RINCE: Lïnger, le hÉriú,/Amharclann an Smock Alley, Baile Átha Cliath 6-8 Márta.
Beidh Breandán de Gallaí agus a leathbhádóir rince Nick O’Connell ag tabhairt faoi chamchuairt timpeall na tíre lena seó dar teideal Lïnger, i rith mhí an Mhárta.
Seó comhaimseartha rince atá i gceist leis an saothar seo, a dhéanann iniúchadh ar nithe faoi leith a bhaineann le cúrsaí an tsaoil: faoi bheith ag dul in aois mar shampla amháin; féiniúlacht agus cúrsaí gnéasachta mar shamplaí eile.
Breandán é féin an stiúrthóir agus ba é a dhein cóiréagrafaíocht ar na gluaiseachtaí chomh maith.
D’éirigh go seoigh leis an léiriú seo ag an bhféile Fringe a bhí ar bun i nDún Éideann na hAlban anuraidh.
Ní haon iontas, más ea, go mbeidh siad ag filleadh ar Éirinn ar feadh ceithre seachtaine.
Éist le Breandán de Gallaí faoi agallamh ag Cearbhall Ó Síocháin ar an gclár An Cheárta, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Domhnaigh @ 13:15.
(Beidh an seó á thabhairt timpeall na tíre ina dhiaidh sin – Doire, Gaillimh, Trá Lí, Leitir Ceanainn, Dún Laoghaire, Inis, Béal Feirste)
4) SEOLADH: ‘An Billiúnaí Beag’, le David Walliams (aistrithe ag Máirín Ní Mhárta)/Eason, Sráid Uí Chonaill, Dé Máirt 7ú Márta @11rn
Beidh ócáid álainn ar siúl do dhaoine óga maidin Dé Máirt seo chugainn i mBaile Átha Cliath.
Is mar chuid d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge a bheidh an ócáid speisialta seo ar siúl agus súil acu go mbeidh aíonna speisialta ó Ghaelscoil Bhrian Bóroimhe i láthair, mar aon le lucht a fhoilsithe agus léitheoirí óga a mbeidh fáilte Uí Cheallaigh rompu.
Seo an 7ú leabhar atá aistrithe ag Máirín do Futa Fata le tamall de bhlianta anuas.
Níor foilsíodh Billionaire Boy, faoi scéal Joe Spud/Práta(!), i mBéarla ach sa bhliain 2010 agus ó shin tá fáil air i dtuairim is 46 teanga eile agus anois as Gaeilge! Treise leo!
5) Lá Idirnáisiúnta na mBan/Teach an Ardmhéara, Dé Céadaoin 8 Márta ag 7in.
Déanaigí ceiliúradh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan i gcomhluadar breá i dTeach an Ardmhéara ar an gCéadaoin seo chugainn.
Beidh na scríbhneoirí Biddy Jenkinson, Ciara Ní É, Lisa Nic an Bhreithimh agus Katie McGreal i measc eile i láthair agus iad ag léamh óna stór de shaothar – idir fhilíocht agus phrós.
Áine Ní Ghlinn a bheidh mar bhean an tí ag an ócáid seo atá eagraithe ag an spéirbhean, Réaltán Ní Leannáin.
Níl cosc ar na fir, Fionn Ó hAlmhain agus Hajime Takahashi a bheidh i mbun ceoil.
Tá imeacht iontach á reáchtáil i gClub Áras na nGael i nGaillimh ar an oíche chéanna.