5 Imeacht Ghaelacha

1)CEOLCHOIRM: IMLÉ agus Lauren Ní Chasaide/ Cultúrlann Mac Adam Ó Fiach, 216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste, Dé hAoine 10 Márta

Tar éis scoth na ceolchoirme i gCathair na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo caite, beidh IMLÉ ag tabhairt aghaidh ó thuaidh.

Lauren Ní Chasaide (thuas), amhránaí agus giotáraí as Baile Átha Cliath, a chuirfidh tús le himeachtaí ceolmhara na hoíche agus beidh IMLÉ i mbun a gcuid draíochta ina diaidh.

Áit a mbíonn IMLÉ, bíonn func, bíonn filíocht agus bíonn ardoíche!


2.) CEOLCHOIRM: Ceolchoirm Phádraig 2017, ‘Ceol agus Amhráin an Náisiúin’/An Taibhdhearc, An tSráid Láir, Cathair na Gaillimhe, 12 Márta @ 8in

Tá imeachtaí Gaelacha go leor beartaithe i rith na míosa seo, go háirithe agus Lá le Pádraig ag teannadh linn.

Canfar agus seinnfear ceol agus amhráin an náisiúin ar stáitse na Taibhdheirce ag Ceolchoirm Phádraig 2017, an Domhnach beag seo.

An pianódóir aitheanta Tom Cullivan a bheidh i mbun ceoil agus an t-amhránaí aitheanta ó Chonamara Seosamh Ó Flaithearta ina theannta.

Tá saothar nua ag Tom atá bunaithe ar thrí fhonn le Ó Cairealláin , ‘A Carolan Sonata’ atá tugtha aige air, agus beidh sé le clos den gcéad uair riamh ag an gceolchoirm seo.

Amhráin ó dhlúthdhiosca Sheosaimh ‘Classic Songs’, a eisíodh le déanaí, is mó a bheidh le clos uaidh siúd.

Beidh na ceoltóirí Annette Cleary agus Pádraic Ó Cuinneagáin ar an láthair chomh maith.

An ceoltóir agus láithreoir aitheanta le RTÉ Raidió na Gaeltachta, Neansaí Ní Choisdealbha, a bheidh mar bhean an tí.


3.) OÍCHE CHEOIL:  ‘Ceol agus Rince’/Ionad Pobail Ongar, BÁC 15 Dé hAoine 10 Márta @7pm

Tá moladh mór ag dul do Phobal Gaeilge Ongar, craobh de Chonradh na Gaeilge atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath 15.

Eagraíonn siad imeachtaí rialta trí mheán na Gaeilge, agus bíonn faobhar fúthu i mbun gnímh i rith Sheachtain na Gaeilge!

Tá ceolchoirm eagraithe acu san Ionad Pobail don Aoine seo agus aíonna ceolmhara le bheith i láthair.

Sin iad Conal Duffy, píobaire idirnáisiúnta; rinceoirí ón Cabe Academy; an cláirseoir Justyna Kosmulska ón bPolainn; agus daltaí ó bhunscoileanna áitiúla chomh maith.

Gura fada buan iad!


3.) SEÓ: ‘Compánach’/ Ar fud na tíre 10-13 Márta 

Tá rogha bhreá leathan de cheolchoirmeacha agus seisiúin ar bun timpeall na tíre an deireadh seachtaine seo; seo cúpla ceann eile acu!

Compánach an teideal a thugann buíon cheoltóirí orthu féin agus iad i mbun ceoil. Sin iad Liz Doherty, Tiarnán Ó Duinnchinn, Fintan Vallely, Máire Ní Choilm agus an rinceoir Arlene McCarroll. Is chuig Baile Bhuirne, chuig Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh a bheidh a dtriail Dé hAoine.

Beidh an banna ceoil Gatehouse i mbun taistil agus ceoil chomh maith sna laethanta romhainn.

Tabharfaidh siad aghaidh ar Shligeach ar an Satharn agus ar an Uaimh ar an Domhnach. Gan dabht ar domhan beidh ceol agus amhráin óna n-albam Tús Nua á gcur i láthair an phobail acu.

Bhí rath ar an albam sin anuraidh agus nár bhain sé an gearrliosta d’albam traidisiúnta na bliana de chuid na hirise The Ticket (The Irish Times), amach.

– Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh, Baile Bhuirne, Dé hAoine 10 Márta
– Ceoláras Coleman, Sligeach Dé Sathairn 11 Márta
– Solstice Theatre, Co. na Mí Dé Domhnaigh 12 Márta.


5.) TEACHT LE CHÉILE: ‘Tionlacan na nÓinseach ‘An G-Spota’/Generator Hostel, Margadh na Feirme, Dé Céadaoin, 15 Márta 8.30in

Tá an saol is a mháthair i mbun ócáidí do Sheachtain na Gaeilge – treise leo ar fad.

Ní haon eisceacht dream ‘Misneach’ a bheidh ag teacht le chéile Dé Céadaoin seo chugainn, le hairgead a bhailiú dá gcuid feachtas ar son Cearta Teanga.

Tionlacan na nÓinseach a bheidh i mbun taispeántais, sin iad Séamus Barra Ó Súilleabháin, Oisín Mac Giolla Bhríde agus Enda Reilly.

I mBrú an Generator a bheidh sé ar bun, ionad a chuireann fáilte mhór chroíúil roimh na Gaeil i gcónaí.

SCÉALTA EILE