5 Imeacht Ghaelacha



1. TEACHT LE CHÉILE: POP UP Gaeltacht / Lána an Dáma, Baile Átha Cliath, 16 Márta @ 8in

Glacfaidh na Gaeil seilbh ar Lána an Dáma anocht mar chuid de Pop Up Gaelacht speisialta le haghaidh Lá Fhéile Pádraig.

Is iontach an bealach é chun fáilte a chur roimh ár lá náisiúnta agus chun tacaíocht a thabhairt don té atá i suíochán an chuntais ghiolcaireachta @ireland an tseachtain seo, is é sin comhbhunaitheoir an Phop-Up, Peadar Ó Caomhánaigh.

Is mó am atá caite aige go dtí seo ag cosaint na Gaeilge ar líne mar sin tá sos tuilte aige, agus agaibh!


2. CÉILÍ & SIAMSA EILE: Céilí na Féile / Ardán Phort an Iarla, BÁC, 16 Márta, 4:30in – 7:30in & ‘Cirque de Gael’ ag an Big Day Out / Cearnóg Mhuirfean, BÁC 19 Márta, 12in – 6in

Ag cloí le himeachtaí Lá Fhéile Pádraig, ní hamhráin go mbeidh an pharáid mhór ar siúl i gcathair Átha Cliath ach beidh céilí amuigh faoin aer ar bun in Ardán Phort an Iarla.

Múinfear na céimeanna duit, déanfaidh tú cleachtadh orthu agus cuirfidh tú i láthair an phobail iad, le tionlacan ó cheol breá beo le banna Matt Cunningham.

Beidh féile lae ar bun i gCearnóg Mhuirfean ansin ar an Domhnach, agus sorcas Gaeilge, ‘Cirque de Gael’ i lár na páirce agus i lár an aonaigh!

Beidh cleasanna sorcais le feiscint, agus ceardlanna ar scileanna an tsorcais ar bun chomh maith.

Tá clár iomlán na n-imeachtaí do cheiliúradh na Féile Pádraig ar fail ag www.stpatricksfestival.ie

Bígí ag faire amach sa gclár do cheardlanna amhránaíochta le hEithne Ní Chatháin sa GPO fosta.


3. TEACHT LE CHÉILE: Tráth na gCeist / Club Áras na nGael, Déardaoin 16 Márta @ 8.30in

A Ghaillmhigh, beidh Tráth na gCeist i gClub Áras na nGael á reáchtáil san oíche anocht le tacú le Gaeil na Gaillimhe.

Mura bhfuil foireann agat, buail isteach cibé! Beidh foirne á gcur le cheile ar an oíche.

Seo tús le scoth an deireadh seachtaine i gClub Áras na nGael. €3 an duine – cúigear i ngach foireann.

Beidh ceol ar siúl ó mhaidin agus Lá Fhéile Pádraig á cheiliúradh… bígí leo!


4. MÓRSHIÚL: Paráid na Féile Pádraig / Baile an Fheirtéaraigh agus ar fud na tíre, 11rn agus amanna éagsúla, Dé hAoine 17 Márta

Bí cinnte a bheith ar an eolas faoi imeachtaí na Féile Pádraig i bhur gceantair féin (anseo) – luath seachas mall!

Táim ag súil go mór le Paráid na Féile ar an mBuailtín (Baile an Fheirtéaraigh) maidin amárach.

Paráid bheag áitiúil atá i gceist, le muintir na háite páirteach ann.

Go deimhin bhí Naomh Pádraig é féin, nó a mhacasamhail i láthair anuraidh! 😉

N’fheadar an mbeidh caimeo aige i mbliana? Neosfaidh an aimsir!

Cuirfear tús leis na himeachtaí ag 11rn, nuair a bhaileoidh na rannpháirtithe i gcarrchlós an Chomharchumainn.

Beidh an clár ‘An Saol Ó Dheas’ ag craoladh beo ó thigh tábhairne Uí Mhurchú ar an mbaile tar éis na paráide.

Tiúnaigí isteach go RTÉ RnaG @ 12:08 do cheol, caint, agallamh beirte agus neart spraoi eile!

Téama na bliana seo, ná CEOL! HUP!


5. TAISPEÁNTAS: Isteach is Amach, taispeántas le hElisa Feiritéar/ Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh, Baile Bhúirne, Corcaigh as seo go 27 Aibreán

Leanfaidh taispeántas an ealaíontóra Elisa Feiritéar go deireadh na míosa seo chugainn in Ionad Cultúrtha Bhaile Bhúirne.

‘Isteach is Amach’ atá báistithe ag bean na nGorta Dubha ar an saothar seo, a léiríonn go healaíonta nithe ina timpeallacht laethúil.

Má bhíonn sibh sa dúthaigh, buail isteach.

SCÉALTA EILE