1. CEOLCHOIRM: Siamsaíocht ag a Sé / Amharclann Theach Chúirt an Phaoraigh, BÁC, Déardaoin 23 Márta @ 18:00
Ná déan dearúd gur anocht a bheidh ceolchoirm na heagraíochta Gael Linn, Siamsaíocht ag a Sé, ar siúl.
Triúr a bheidh ar ardán Amharclann Theach Chúirt an Phaoraigh d’ócáid mhí an Mhárta.
Sin iad an fidléir Dermot McLaughlin, Dermot Byrne ar an mbosca, agus an cruitire Floriane Blancke.
Bí i dteagmháil le Niamh ó Ghael Linn chun ticéad a cheannach, mar go bhfuil tóir mhór orthu agus spás teoranta!
2. CEOLCHOIRM: Bríd Harper, Steve Cooney, Dermot Byrne / Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh, Baile Bhuirne, Corcaigh, Dé hAoine 24 Márta @ 20:30
Tá clár breá láidir d’imeachtaí leagtha amach ag Ionad Cultúrtha Bhaile Bhuirne don tréimhse romhainn, agus dá bharr is beag seachtain nach mbíonn ócáid dá gcuid luaite ar an leathanach seo!
Is amhlaidh a bheidh arís an tseachtain seo, mar go mbeidh coirm ar bun ann an Aoine bheag seo.
Bríd Harper, an fidléir, an giotáraí Steve Cooney agus Dermot Byrne, fear an bhosca, a bheidh i mbun ceoil.
€20/€15 ar thicéid!
3. CEILIÚRADH: Aisteoirí Bulfin / Ceiliúradh 50 Bliain, Amharclann an Axis, BÁC, 25 Márta @ 19:30
Tá an grúpa drámaíochta Aisteoirí Bulfin i mbun ceiliúrtha, agus iad 50 bliain ar an mbóthar. Treise leo!
Chun an breithlá tábhachtach seo a chomóradh, tá beartaithe acu seó stáitse a chur ar siúl.
In amharclann an Axis i mBaile Munna a léireofar sleachta as sé dhráma mar aon le hamhráin is filíocht a chuir na Bulfínigh i láthair ó 1967 anonn.
Féach breis eolais faoin teacht le chéile san alt anseo.
4. CEOLCHOIRM: Gig na Gaelainne / Halla na Cathrach, Corcaigh, 25 Márta @ 19:30
Beidh cuid des na ceoltóirí Gaelacha is aitheanta sa tír ag teacht le chéile i gCorcaigh an deireadh seachtaine seo, d’ócáid fíor-shuimiúil.
‘Gig na Gaelainne’ atá baistithe ar an imeacht ceoil is siamsaíochta seo, a bheidh á reachtáil trí Ghaelainn gan dabht, mar a thuigfeá ón teideal!
Na Corcaígh John Spillane agus Ger Wolfe a bheidh i mbun ceoil, mar aon le Muireann Nic Amhlaoibh.
Ina dteannta ar an oíche beidh naoi gcór Gaelacha: Óró, Cór Chill na Martra agus Gaelchór na nÓg, i measc eile.
Ceol nua-chumtha agus aitheanta a bheidh acu don tslua.
Anuas air sin ar fad, beidh aoi speisialta i láthair i rith na hoíche; laoch an cheoil, fear Chorcaí é féin, Seán Ó Sé!
Is cinnte go mbeidh an gabhar á rósta, (nó an poc ar buille fiú), i Halla na Cathrach!
5. TEACHT LE CHÉILE: Pop Up Gaeltacht / The Kings Head, Gaillimh, 28 Márta @ 20:30
Níl deireadh go deo le nós úr an Phop Up Gaeltacht!
I gcathair na Gaillimhe a bhaileoidh na Gaeil Dé Máirt seo chugainn i dtábhairne an King’s Head.
Bí ann óna 20:30 don gcaint agus don gcraic! HUP!