1. FÉILE: Féile na Bealtaine / Corca Dhuibhne, 27 Aibreán – 1 Bealtaine
Cuimsitheach, leathan, trialach, ildánach – sin díreach cuid de na focail a rith liom agus mé ag féachaint ar chlár Fhéile na Bealtaine.
Is mó focal eile a d’fhéadfaí a úsáid le cur síos a dhéanamh ar imeachtaí na féile ealaíon agus ceoil seo, a thosóidh inniu ar leithinis Chorca Dhuibhne.
Tabharfaidh ceoltóirí cumasacha an bhanna Spats Colombo (thuas) aghaidh ar an mBuailtín do choirm i dTigh Uí Mhurchú.
Ní ró-fhada ón láthair sin, tá Tigh Bhric, áit a mbeidh Máire Breatnach ag seinnt, ceoltóir atá ag cur fúithi sa cheantar le roinnt blianta.
Beidh scata de cheoltóirí eile na háite páirteach sna himeachtaí, leithéidí Cormac Begley mar shampla amháin.
Sampla eile ná Bernie Pháid Ní Mhuircheartaigh, a bheidh le feiscint i Nellie Fred’s, in éineacht le Séamus Barra Ó Súilleabháin, áit a dtiocfaidh muintir Chiarraí Thiar agus Thuaidh le chéile do ghig speisialta le héachaint úr a thabhairt ar an bhfocal scríofa.
Beidh Seán Ó Cuirreáin, an tIar Choimisinéir Teanga agus údar an leabhair Éagóir faoi Mhaolra Seoighe agus dúnmharaithe Mhám Trasna, faoi agallamh ag Aodh Ó Coileáin.
I measc na n-agallamh eile poiblí, beidh an t-údar Sebastian Barry ag freagairt ceisteanna ó Nuala O’Connor.
Ó thaobh na drámaíochta de, léireofar seó aonair Shéamuis Moran, Have a Heart, a scríobh sé féin.
Aisteoir eile a bheidh i mbun scéalaíochta ná Diarmuid de Faoite a bheidh ag insint scéalta do dhaltaí scoile agus ag léamh ón leabhar le Pádraig Ó Conaire a d’aistrigh sé le déanaí, Seacht mBua an Éirí Amach/Seven Virtues of the Rising.
Beidh lucht Fíbín i láthair, le Clann Lir, agus is iad Aisteoirí Bhréanainn na háite a chuirfidh Cailleacha an Dúna i láthair an phobail in ionad An Lab.
Beidh ócáidí ealaíne, filíochta agus siamsaíochta eile (cuid mhaith as Gaeilge agus go dátheangach) ar bun thar 5 lá.
Caith súil ar feilenabealtaine.ie chun an t-eolas ar fad a fháil. #fnb2017 an haischlib chuí!
2. DRÁMAÍ: An Fhéile Náisiúnta Drámaíochta / Seanscoil Shailearna, Co. na Gaillimhe, 28-30 Aibreán
Beidh drámaíocht go leor ar bun thiar i gConamara ag an deireadh seachtaine, áit a mbeidh An Fhéile Náisiúnta Drámaíochta ar siúl.
Baileoidh cumainn na tíre le chéile chun saothar a gcuid oibre le roinnt míonna anuas a thaispeáint dá chéile agus don bpobal.
Beidh drámaí ó leithéidí Máirtín Ó Cadhain, Eibhlín Dhubh Ní Chonaill, Molière na Fraince agus Proinsias Ó Cuilinn á léiriú – ana-mheascán!
Bronnfar gradaim na féile ar an Domhnach, agus is é an tAire Stáit do ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne, a dhéanfaidh amhlaidh.
Craolfar ócáid bhronnta na ngradam beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 21:00.
Jab deacair ag na moltóirí, shamhlóinn! Go n-éirí ádh le Síle Nic Chonaonaigh agus Seosamh Mac Donncha a bheidh i mbun an chúraim sin.
3. CEOLCHOIRM: Siamsaíocht ag a Sé / Amharclann Chúirt an Phaoraigh, BÁC, Déardaoin 27 Aibreán @ 6in
Ar Lorg na Laochra teideal dhlúthdhiosca na beirte Tiarnán Ó Duinnchinn agus Laoise Kelly.
Táim cinnte go mbeidh cuid de na rianta atá ar an albam úd le clos ag teacht le chéile ceolmhar Ghael Linn a bheidh ar bun tráthnóna inniu.
Fear na bpíob agus bean na cruite a bheidh le feiscint ag Siamsaíocht ag a 6, ócáid mhíosúil na heagraíochta a bhíonn ar bun i lár chathair Átha Cliath.
In éineacht leo beirt beidh an t-amhránaí Noeleen Ní Cholla, ó Thír Chonaill.
Beidh fíon, beor, deochanna boga, tae agus caifé ar fáil chomh maith. Foirf!
4. SCANNÁIN: Féile Scannán Mheiriceá Laidineach / Baile Átha Cliath & Uíbh Fhailí, 26 Aibreán – 3 Bealtaine
Tá Féile Scannán Mheiriceá Laidineach ar bun faoi láthair agus leanfar leis go tús na Bealtaine.
Taispeánfar gearrscannáin, scannáin faisnéise agus blaisíní físiúla, ní hamháin i mBaile Átha Cliath ach i mBiorra, Co. Uíbh Fháilí chomh maith, mar go mbeidh an fhéile ar camchuairt i mbliana.
Saorchead isteach chuig na scannáin ar fad agus fáilte mhór roimh chách!
Is trí Ghaeilge a bheidh na hócáidí ar fad atá ar chlár na féile, agus tiocfaidh sibh ar na sonraí ar fad mar gheall air, anseo!
5. GIG: Lasairfhíona Ní Chonaola / King’s Head, Gaillimh, Dé hAoine 28ú Aibreán @ 1in
Mar chuid d’imeachtaí na féile litríochta Cúirt, beidh amhránaí Inis Oírr, Lasairfhíona Ní Chonaola, ag ceol i gcathair na dTreabh.
Bígí léi i dtábhairne an King’s Head tráthnóna Dé hAoine! HUP!
*Agus ná déanaigí dearmad ach an oiread go mbeidh Pop Up Gaeltacht ar siúl i mBÁC anocht chomh maith. Is i Sin É a bheas na Gaeil agus tá gach eolas anseo!