1. TEACHT LE CHÉILE: Pop Up Gaeltacht / Wigwam, Baile Átha Cliath, Déardaoin 29 Meitheamh @ 20:00
Uair sa mhí roghnaítear tigh tábhairne agus bailíonn Gaeil ann.
Ní haon eisceacht mí an Mheithimh nuair a bhaileoidh na Gaeil na hardchathrach le chéile do Phop Up Gaeltacht na míosa seo.
Wigwam, tigh tábhairne i dtuaisceart na cathrach – ar Shráid na Mainistreach Láir – atá roghnaithe d’ócáid seo na PreabGhaeltachta.
Táim ag súil go mór le cúpla scúp agus comhluadar breá. Cífidh mé ann sibh!
2. FÉILE: Traidphicnic / Ionaid éagsúla, An Spidéal, 30 Meitheamh – 2 Iúil
Tá caint go leor cloiste againn faoin Traidphicnic le tamall de mhíonna anuas agus feachtais bhailithe airgid eagraithe ar mhaithe leis an bpríomhócáid!
Faoi dheireadh thiar thall, tá an t-am tagtha, agus is ar an Aoine seo a chuirfear tús leis an bhféile i gceart.
Beidh scoth na gceoltóirí ag tabhairt a n-aghaidhe ar an Spidéal do dheireadh seachtaine mór ceoil!
Tá an oiread acu ann go bhfuil drogall de shórt orm tosú á lua ar eagla go bhfágfainn daoine ar lár; tabharfaidh mé blaiseadh daoibh áfach!
Cloisfear plúr an cheoil Ghaelaigh ó Kíla; Skipper’s Alley (thuas ar bharr); Nuadán; Zoe Conway, Johnny Óg Connolly agus John Mc Intyre.
Beidh laochra ar stáitse, Hoodman Blind, agus scoth na n-amhránaithe traidisiúnta, buaiteoirí Chorn Uí Riada ina measc, cuirim i gcás, Sarah Ghriallais, Nan Tom Teaimín de Búrca agus Caitlín Ní Chualáin.
Ní hamháin sin ach beidh ceardlanna breátha ar bun i rith an deireadh seachtaine chomh maith.
Ceardlanna ceoil, rince agus amhránaíochta le múinteoirí oilte, cumasacha a bhfuil cáil agus aitheantas bainte amach acu ina réimsí éagsúla sainspéise.
Éiteas na féile ná íoc an méid gur féidir leat a íoc – éiteas iontach dar liom féin.
Tá luach leis na hócáidí agus shamhlóinn go mbeidh daoine sásta cúpla euro a chaitheamh ina dtreo.
Tuilte go maith acu, leis an obair mhór ar fad atá déanta ag an lucht eagraithe le tamall anuas.
3. SEIMINEÁR: Ag Buanú Phobail Ghaeltachta / Áislann Rann na Feirste, Tír Chonaill, Dé hAoine 30 Meitheamh @ 20:00
Is i Rann na Feirste i nDún na nGall a bheidh Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge ar siúl i mbliana.
Mar chuid d’imeachtaí an tionóil tá seimineár spéisiúil beartaithe.
‘Ag Buanú Phobail Ghaeltachta’ a bheidh idir chamáin ag ceathrar cainteoirí.
Sin iad Hannah Rua Ní Bhaoill, an gníomhaí teanga agus Hannah eile – Hannah Ní Dhiomhín – atá ina comhairleoir pleanála teanga.
Ina dteannta beidh Colm Ó Cearúil, údar Aspail ar son na Gaeilge, agus spéirbhean Raidió na Gaeltachta, Áine Ní Bhreisleáin, atá ina heagraí ar Aonach Tailteann, (ar chraobh Thír Chonaill go háirithe).
Beidh Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Niall Comer, ina chathaoirleach ar an ócáid a bheidh ar siúl in Áislann Rann na Feirste.
Go n-éirí go geal leis an bplé!
4. FÉILE: Féile Charn Tóchair / Ionaid éagsúla i gCarn Tóchair, Co. Doire, 1-15 Iúil
Tá clár cuimsitheach, spreagúil curtha le chéile ag lucht eagraithe Fhéile Charn Tóchair, agus dáta tosaigh na féile ag teannadh linn.
Is ar an Sathairn a chuirfear tús leis na himeachtaí agus leanfar leo ar feadh coicíse.
Tá béim nach beag sa gclár ar chúrsaí aclaíochta, le Dúshlán Rothar Sléibhe an Chairn agus Rith Sléibhe (5km).
Tá siúlóidí difriúla eagraithe chomh maith, siúlóid foráiste treoraithe agus siúlóid staire.
Moltar do theaghlaigh dul i mbun campála agus sult a bhaint as an nádúr i dtimpeallacht Thearmann Dúlra Pobail Dhroim nDamh.
Beidh lá spraoi ar siúl do na teaghlaigh ina theannta sin, le barbaiciú, ceol beo, caisleán spraoi agus balla dreapadóireachta ar an láthair.
Chun clabhsúr a chur leis an gcoicís ghnóthach, beidh an banna Altan ag seinnt in ionad An Coire.
Gheobhaidh tú na sonraí ar fad faoin gcoirm sin agus na himeachtaí ar fad anseo.
5. TEACHT LE CHÉILE: Eiseamláir – Comhrá neamh-fhoirmiúil na mBan / Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, BÁC, Dé Máirt 4 Iúil @ 19:00
Cé hiad na heiseamláirí ban atá againn agus canathaobh go dtéann siad i bhfeidhm orainn?
Tá comhrá neamh-fhoirmiúil beartaithe i mBéal Feirste an tseachtain seo chugainn chun plé a dhéanamh ar na nithe sin, cúrsaí ban agus feimineachais san áireamh.
Tá fáilte roimh mhná agus roimh dhaoine neamh-dénártha amháin ag an ócáid seo, a bheidh ar bun i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich.
Bíodh ds den scoth agaibh a chairde!